Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceolchoirm-aoife-ni-bhriain-agus-mick-o’brien-agus-imeachtai-eile

Ceolchoirm Aoife Ní Bhriain agus Mick O’Brien agus imeachtaí eile

| Sinead Ni Uallachain |

Aoife Ní Bhriain agus Mick O’Brien, Ireland’s Edge // Dé Luain 20 Iúil @ 18.00

Tá ócáid chlainne romhaibh tráthnóna, eagraithe ag dream Other Voices, mar chuid den tsraith ‘Ireland’s Edge’. Beidh an píobaire Mick O’Brien agus a iníon Aoife, fidléir aitheanta, ag seinnt ceoil ó bhailiúchán Goodman. 

Is éard atá i gceist ná foinn a bhailigh an Canónach James Goodman i gCiarraí Thiar le linn na 1800idí. Is i bpáirt le Taisce Cheol Dúchais Éireann atá an t-imeacht seo eagraithe, mar aon leis an gcuid eile atá ar chlár imeachtaí an lae amárach, ar a dtugtar ‘Through the Looking Glass’. Ar leathanaigh Ireland’s Edge ar Facebook, YouTube, agus na meáin shóisialta trí chéile a bheidh an bheirt le feiscint óna 18:00

Oíche airneáil le Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill // ar líne, Dé Luain 20 Iúil ag 20:00

Bhíos ag trácht ar Fhéile an Earagail ar an leathanach seo an tseachtain seo caite agus ar an gclár imeachtaí athshamhlaithe atá curtha le chéile acu i mbliana de bharr shrianta na paindéime. Is féile de ‘shrutháin’ atá cruthaithe acu má sea, agus is ar shruthanna gairide a bheidh siad ag díriú. 

Ba dheas liom bhur n-aird a dhíriú ar choirm a bheidh ar bun anocht, ina gcloisfear na deirfiúracha Dhomhnaill — Tríona agus Maighréad. Oíche airneáil i nDámhlann an Ghleanna i nGort an Choirce, le Cathal Ó Searcaigh mar fhear an tí. Is ar YouTube a chraolfar an ócáid agus cuirfear tús leis timpeall 20:00.

Tae ag a Trí // gach Satharn óna 15:00 in áiteanna éagsúla timpeall na tíre

Is álainn an smaoineamh atá ag foireann Oireachtas na Samhna! Tae ag a Trí atá á thabhairt acu ar ócáidí rialta gur féidir leatsa páirt lárnach a ghlacadh iontu. Is go náisiúnta agus go seachtainiúil atá sé i gceist daoine a spreagadh chun glaoch chuig a gcuid comharsan. 

Is go cúramach i bhfianaise shrianta an choróinvíris a mholfaí a leithéid a dhéanamh — cupán tae a ól leo ina ngairdín, fís-chomhrá a bheith acu leo, nó imeacht chomh fada le doras a dtí chun beannú dóibh! Tá póstaeir leagtha amach ag Bróna ón eagraíocht, más mian leat an scéal a scaipeadh i do cheantar féin. Déan teagmháil léi brona@antoireachtas.ie  

Dán an Domhnaigh….

Ba mhaith linn an dán, “Imirce” a roinnt libh mar chuid den tsraith “Dán an Domhnaigh”. Scríobh Séamus Ó Liatháin é. #LeChéile

Posted by Foras na Gaeilge on Dé Domhnaigh 19 Iúil 2020

Imeacht ann féin é bheith ag fanacht ar Dhán an Domhnaigh ó Fhoras na Gaeilge, agus gormacha an Luain ar leac an dorais! Ní deas an smaoineamh a bheith ag filleadh ar an oifig agus seachtain oibre romhat amach, ach is deas an nós féachaint ar leathanaigh an Fhorais ar na meáin shóisialta, áit a roghnaíonn siad dán faoi leith gach Domhnach. Tugtar na línte an dáin, cúlra an phíosa agus blúire eolais faoin bhfile chomh maith. ‘Imirce’ le Séamus Ó Liatháin a roghnaíodh inné!

Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor agus Gerry O’Beirne //beo ar-líne Dé Sathairn óna 20:30, ar líne

…agus ar deireadh, dáta don dialann: SEAC an tSathairn, ócáid eagraithe ag lucht an Séamus Ennis Arts Centre, (is do sin a sheasann na litreacha)! Dé Sathairn beag seo beidh na ceoltóirí Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor agus Gerry O’Beirne le chéile i stiúideo aitheanta Windmill Lane i mBaile Átha Cliath. Is féidir leatsa iad a fheiscint ar do theilifís aige baile, nó pé gléas cliste atá agat, ach ticéad a cheannach roimh ré!

Níos mó