Tá an Rialtas chun €8 milliún breise a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta mar chuid den phacáiste spreagtha post a fógraíodh inné.
Tá €1 milliún breise le cur ar fáil do na hoileáin freisin, maoiniú a chaithfear ar fhorbairt chéibh Inis Oírr agus Aerfort na Mine.
Deir Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta go bhféadfadh go gcruthódh an maoiniú “suas le 320 post sa bhfadtéarma agus níos mó ná 60 post tógála thar thréimhse na forbartha”.
Fágann an maoiniú breise go mbeidh buiséad caipitil €18 milliún ag an Údarás in 2020, buiséad atá nach mór a dhá oiread níos mó ná mar a bhí ar fáil don eagraíocht aon bhliain eile le breis is deich mbliana anuas.
Deir Roinn na Gaeltachta gur chun “uasghrádú riachtanach” a dhéanamh ar fhoirgnimh de chuid an Údaráis atá an maoiniú breise á chur ar fáil agus úsáidfear é chomh maith chun córais chóireála uisce a fheabhsú i spásanna monarchana atá díomhaoin i láthair na huaire.
Fógraíodh chomh maith go bhfuil maoiniú breise €250,000 á chur ar fáil d’Ealaín na Gaeltachta chun tacaíocht a chur ar fáil do na healaíona traidisiúnta i scoileanna na Gaeltachta.
Tá €1 milliún breise le cur ar fáil ag an Rialtas do na hoileáin freisin. Tá €500,000 curtha ar leataobh chun tús a chur le forbairt chéibh Inis Oírr agus caithfear an €500,000 eile ar uasghrádú Aerfort Chonamara sna Mine in Indreabháin i gConamara, an t-aerfort a bhíonn ag freastal ar oileáin Árann.
D’fhógair an Rialtas inné ‘July Jobs Stimulus 2020’, a bplean €5 billiún chun spreagadh a thabhairt do chúrsaí eacnamaíochta atá buailte go dona ag an bpaindéim Covid-19.
Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, gur “údar misnigh” an maoiniú nua agus gur “aitheantas” atá ann don “obair thábhachtach” atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta.
Chuir Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “fáilte chroíúil”
roimh fhógra an mhaoinithe.
“Beidh réimse leathan d’oibreacha caipitil, uasghrádú foirgnimh agus bunstruchtúir riachtanacha á gcur i bhfeidhm tríd an allúntas breise atá ceadaithe inniu. Tacóidh an t-infreastruchtúr feabhsaithe seo linn leis na spriocanna uaillmhianacha fostaíochta atá leagtha síos againn don Ghaeltacht a bhaint amach,” arsa Micheál Ó hÉanaigh.