Inseofar scéal agus stair Údarás na Gaeltachta i sraith nua a gcuirfear tús leis an deireadh seachtaine seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Agus comóradh á dhéanamh i mbliana ar bhunú Údarás na Gaeltachta 40 bliain ó shin, déanfar cur síos ar shuáilcí agus duáilcí na heagraíochta i Glórtha an Údaráis.
Beidh iarchomhaltaí boird, iarchathaoirligh agus iarphríomhfheidhmeannaigh na heagraíochta i gcuideachta Mháirín Ní Ghadhra chun stair na heagraíochta agus a bhfuil i ndán d’Údarás na Gaeltachta anois a phlé.
Is é Seán Ó Neachtain, a bhí ina chomhalta ar an gcéad bhord i 1979 agus ina chathaoirleach ar an mbord ina dhiaidh sin, a bheidh faoi agallamh sa chéad chlár Dé Domhnaigh.
San agallamh, deir sé go gcreideann sé gur botún a bhí ann deireadh a chur le toghcháin an Údaráis sa bhliain 2012. Creideann sé gur chruthaigh an bord tofa nasc leis an bpobal agus dar leis gur beag duine, é féin san áireamh, a bhfuil eolas acu ar bhaill an bhoird atá faoi láthair ann.
Ar na haíonna eile a bheas faoi agallamh sa tsraith, tá Seosamh Ó Cuaig, Connie Ní Fhátharta, Steve Ó Cúláin, Fiachra Ó Céilleachair, TP Ó Conchúir, Ian Mac Aindriú agus Cathy Ní Ghoill.
Dúirt Máirín Ní Ghadhra gurb é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus í ag caint le daoine don tsraith nua cé chomh mór agus a bhí muinín ag daoine in obair na heagraíochta agus i bhfiúntas na hoibre.
“Cuirtear an cheist go minic – murach an tÚdarás a bheith ann le dhá scór bliain, cén bhail a bheadh anois ar na pobail Ghaeltachta? Cáintear easpa acmhainní ón státchóras arís agus arís eile, chomh maith leis an gcinneadh in 2012 deireadh a chur leis an mbord tofa. Tá geallúint i gclár an chomhrialtais nua athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr an bhoird,” arsa Máirín Ní Ghadhra.
Beidh Glórtha an Údaráis le cloisteáil gach Domhnach ag 10.00am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an samhradh seo.