Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs

Rogha an Dá Dhíogha

Rogha an Dá Dhíogha

Ciarán Ó Pronntaigh

Is dócha nár shamhlaigh Michelle O’Neill go mbeadh lá mar sin ann ag tús na géarchéime. Bhí comhaontú ann ar fud an oileáin faoin tábhacht a bhain leis na rialacha dianghlasála. An t-aon easaontú a bhí ann go raibh corrpholaiteoir Aontachtach ag iarraidh an maolú ar na rialacha ba dhéine a bhrostú.

Ghnóthaigh Sinn Féin clú as an líne chrua a ghlac siad. Sna laethanta beaga roimh Lá Fhéile Pádraig, bhí scoileanna á ndruidim féin agus fiú cuid mhaith de na beáir, chuir siad glas ar an doras dá ndeoin féin. Bhí rabharta imní ag sreabhadh tríd an phobal agus sheas Sinn Féin an fód. Thiocfadh leat a rá gur thiomáin siad an dianghlasáil ó thuaidh, i bhfad sula raibh sí i bhfeidhm sa Bhreatain, mar shampla. Bhí ciall leis an pholasaí uile-Éireann.

Ach tá difear idir laethanta tosaigh mhí Mhárta agus an lá deiridh de mhí an Mheithimh. Bhí scaoll faoin phobal ag tús na paindéime ach feiceann daoine dóchas anois agus daingne na dianghlasála á leá. Deir na heolaithe linn go bhfuil baol ann go fóill ach ní mór dúinn a bheith cróga cúramach anois agus an tsochaí a oscailt arís.

Ní íomhá mhaith é Michelle O’Neill a bheith ar thórramh ollmhór nó ise a bhí ag leagan na dianghlasála déine amach agus ag impí ar dhaoine gan dul chuig tórramh daoine muinteartha roinnt seachtainí roimh ré. Rinne Sam McBride as an Newsletter pointe an-mhaith faoin chonspóid. D’fhág sé an cheist: cad chuige a raibh Sinn Féin sásta an dea-thoil a charn siad le linn na paindéime a chaitheamh uathu chomh furasta sin in aon ghníomh mire amháin? Ach an rud nár chuir Sam san áireamh anseo an meas a bhí ar Bobby Storey sa phobal in Iarthar Bhéal Feirste.

An raibh an ceart ag Michelle O’Neill an rud a rinne sí a dhéanamh? Tá sin ag brath ar cé air a gcuireann tú an cheist. Do na céadta duine a chaill duine cóngarach dóibh agus nach raibh deis acu brón a dhéanamh, ón tsochraid go dtí an eaglais lán daoine, beidh pian ina gcroí nach bhfuair leigheas go fóill. Ní chuideoidh na pictiúir ó Bhaile Andarsain leo ar dhóigh ar bith. Go deimhin, bhí an oiread sin feirge ar chuid acu go raibh siad sásta labhairt leis na meáin faoi. Agus tá pointe acu. Ná déanaimis dearmad go raibh an séanadh sin mar an séanadh deiridh i sraith a ghoill iad, gan an cead a bheith ag cuid mhór acu slán a fhágáil leis an té a bhí ar leaba an bháis.

Ach cuir an cheist seo in Iarthar Bhéal Feirste agus gheobhaidh tú freagra eile. Tháinig na céadta duine amach ar na sráideanna le slán a fhágáil le duine a bhí ina laoch ag a bpobal. Bhí Bobby Storey lárnach i ngach gné den stair a bhain leis an cheantar le tamall maith de bhlianta. Níl dlí ar bith ann a choinneodh na daoine sin ina dteach an lá sin, is cuma cad é a déarfadh riail ó Stormont. Bhí rogha ag Michelle O’Neill, droim láimhe a thabhairt dá pobal agus a rá leo gan bás agus saol Bobby Storey a aithint, rud nach n-éireodh leis cibé, nó a háit a ghlacadh ar an tórramh agus é a dhéanamh ar an dóigh is folláine agus ab fhéidir léi. Maíonn an lucht eagraithe gur chuir siad go leor réamhchúraim i bhfeidhm le go mbeadh an tórramh ag teacht, a bheag nó a mhór, leis na treoirlínte ar a laghad, cé go bhfuil amhras mór ann ar cloíodh go daingean leis na rialacha.

Agus ar sháraigh an leas-Chéad-Aire a cuid rialacha féin? Bhí 30 duine ar an tsochraid, Michelle ina measc. Ba chosúil gurbh é an teaghlach a d’iarr na baill. Ar leibhéal pearsanta, cad é a dhéanfá féin i gcás mar sin? Ómós a thabhairt do chara nó diúltú glan? Ní raibh aon bhealach idir eatarthu.

Ná déantar dearmad go raibh roinnt mórimeachtaí ann roimhe seo, cuid acu ar bhonn oifigiúil, amhail tórramh stáit an Gharda Colm Horkin, ag ar thug na céadta garda garda onóra dó, go dtí léirsithe Black Lives Matter. Ghlac daoine áirithe an cinneadh go raibh cúis thábhachtach acu na rialacha a lúbadh.

Cé gur shéan Michelle O’Neill gur sháraigh sí na rialacha, mhothaigh sí gur gá focal a rá má ghortaigh sí na daoine a chaill duine agus nach raibh tórramh ceart acu. Bhí sin ceart ach, ar ndóigh, níor leor sin don fheachtas a bhí faoi lán seoil an tseachtain seo a chuaigh thart i gcoinne an pháirtí. Thug siad armlón do lucht a ndíspeagtha ach is léir go raibh Sinn Féin sásta an praghas sin a dhíol.

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge