Tá sé deimhnithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbeidh an craoltóir aitheanta Máirtín Tom Sheáinín ag éirí as a phost i mí Samhna na bliana seo.
Pearsa mór de chuid an stáisiúin Ghaeilge é Máirtín Tom Sheáinín, a bhfuil an clár cainte Ardtráthnóna á chur á láthair aige le 22 bliain anuas.
Tháinig críoch thobann le Ardtráthnóna, atá á chraoladh ó 1998, i mí an Mhárta seo caite agus bhí amhras ann faoi thodhchaí an chláir.
Dúirt urlabhraí Raidió na Gaeltachta le Tuairisc.ie, áfach, go mbeidh Máirtín Tom Sheáinín ar ais i mbun craoltóireachta ar an 7 Meán Fómhair, tráth a gcuirfear tús le sceideal an fhómhair.
Dúirt an t-urlabhraí go dtiocfaidh “athruithe ar an sceideal” i mí na Samhna seo chugainn, nuair a bheas láithreoir an chláir ag éirí as a phost.
Ó Luan go Céadaoin ag a 2pm a bheidh Máirtín Tom Sheáinín i mbun an chláir sa dá mhí sula rachaidh sé ar scor, a dúirt urlabhraí an raidió le Tuairisc.ie.
Dheimhnigh urlabhraí ó TG4, áfach, go mbeidh Máirtín Tom Sheáinín ag dul i mbun taifeadta ar shraith nua den chlár teilifíse Comhrá i mí na Samhna agus go mbeidh an tsraith sin le feiceáil ar an scáileán an bhliain seo chugainn.
Idir an dá linn, tá sé fógartha gurb í an craoltóir Clare Byrne, a bheidh ina láithreoir ar mhórchlár Radio 1, Today, clár a bhí á chur i láthair ag Sean O’Rourke go dtí go ndeachaigh sé ar scor níos luaithe i mbliana. Sarah McInerny atá mar láithreoir eatramhach ar an chlár sin faoi láthair.