Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-slam-filiochta-liu-lunasa-agus-imeachtai-eile

Slam Filíochta Liú Lúnasa agus imeachtaí eile

| Sinead Ni Uallachain |

Comórtas Slam Filíochta Liú Lúnasa 2020, cainéal YouTube Chultúrlann McAdam Ó Fiaich // Dé hAoine 28 Lúnasa @ 20:30

Bhí deis agam níos luaithe sa tseachtain éisteacht le chuid de na dánta atá san iomaíocht tráthnóna don gcomórtas Slam Filíochta – tá an caighdeán ard! Beidh sé deacair ar an moltóir, Séamus Barra Ó Súilleabháin buaiteoir a roghnú, shamhlóinn. Tá duaiseanna dochreidte maith bailithe ag lucht na féile Liú Lúnasa i mbliana – £400, £200 agus £100 dóibh siúd a thiocfaidh sa chéad, dara agus tríú háit, curtha ar fáil go flaithiúil ag An Nasc, Raidió na Life agus An tUltach.

De ghnáth is teanntaithe isteach go deas cluthair in ionad i mBéal Feirste an tráth seo bliana a bhímid, ach ní hamhlaidh atá i mbliana ar an drochuair. Nach cuma, bígí ag faire ar chainéal YouTube Chultúrlann McAdam Ó Fiaich anocht go gcífidh sibh an comórtas ó thús go deireadh. Caith súil ar an alt seo chun sonraí faoi na féile trí chéile a fháil!

Ceolchoirm ó lucht Mhúscraí, leathanaigh Facebook agus YouTube an Ionaid Chultúrtha // 20:00 anocht, Dé hAoine 28 Lúnasa

Ceoltóirí agus ealaíontóirí Mhúscraí a bheidh le clos tráthnóna mar chuid d’ócáid atá eagraithe ag lucht Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loinsigh i mBaile Bhuirne. Cleas na háite nó iad siúd a bhfuil ceangal acu leis an áit a bheidh i mbun an cheoil agus na siamsaíochta, ina measc bainisteoir an ionaid, Aoife Granville agus a deirfiúr ceolmhar Deirdre.

Na haíonna eile a fheicfear anocht, ná Amhlaoibh McSuibhne, Máire Ní Cheilleachair, Ger Wolfe, Siobhán Ní Dhuinnín in éineacht le Claire Ní Mhuirthile, Greenshine agus Jim Murray i dteannta an bhoscadóra Richard Lucey. Cuirfear tús leis an spraoi timpeall a hocht a chlog agus tiocfaidh sibh air ar leathanaigh YouTube agus Facebook an Ionaid. Beidh sibh in ann féachaint siar air ina dhiaidh seo, mura n-éiríonn libh díriú air tráthnóna.

Ranganna fidle le Máiréad Ní Mhaonaigh, ar-líne

Ar mhaith leat ceol a fhoghlaim ó dhuine de mhórcheoltóirí ár linne? Ní i gcónaí go mbíonn a leithéid de dheis ann… ach tá an sár-fhidléir Máiréad Ní Mhaonaigh anois ag tabhairt ranganna ar-líne. Tá cáil mhór ar Mháiréad as a cuid ceoil ní hamháin leis an mbanna Altan ach mar cheoltóir aonair chomh maith. 

Gheobhaidh sibh gach eolas faoi na ranganna agus conas tabhairt fúthu ach cuairt a thabhairt ar mairead.ie

Seans go mbeadh sé ina thionscnamh beag deas do dhuine le spéis sa cheol, do mhíonna an gheimhridh! 

Siúlóidí treoraithe i gCiarraí le Richard Clancy

Is treoraí siúlóide é Richard Clancy a rugadh agus a tógadh i gCill Áirne. Is minic a bhíonn sé le clos ar Raidió na Gaeltachta agus é ag trácht ar nithe éagsúla a bhaineann le Páirc Náisiúnta an bhaile – biaiste reithíochta na bhfianna, nó stádas na Páirce mar bhithsféar caomhnaithe, cuirim i gcás.

Eagraíonn sé siúlóidí ann i rith na seachtaine, mar aon le siúlóidí sléibhe sa cheantar máguaird. Is breá leis an Ghaeilge agus labhrann sé í agus é i mbun treoraithe, chomh maith leis an mblúire Spáinnise atá aige. Ní leis féin a bhíonn sé ach an oiread – mar go dtagann a mhadra Rua, (sotar rua), ina theannta. killarneyguidedwalks.com do na mion sonraí ar fad.

Níos mó