Is minic a deirtear linn gurb é an dlí céanna atá sa tír seo do chuile dhuine. B’fhéidir gurb é ach ní shin le rá gur go cothrom a chuirtear i bhfeidhm é go minic.
An truán bocht a mbeadh ocras air agus a ghoidfeadh builín aráin as ollmhargadh d’fháiscfí dlí géar air. Dá ndéanfadh úinéir an ollmhargaidh luach na milliún euro de chneámhaireacht, tharraingeodh lucht dlí chuile chleas sa leabhar chucu féin leis an bpionós a d’fhéadfaí a ghearradh air a mhaolú.
Smaoineamh mar seo a thiocfadh i do cheann nuair a thosaigh an cur agus an cúiteamh faoi shrianta breise a chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath féachaint an bhféadfaí Covid-19 a smachtú ann.
Nuair a tugadh faoi deara go raibh méadú tagtha ar an líon daoine a raibh an víreas tolgtha acu i gCill Dara, i Laois agus in Uíbh Fháilí chuaigh an rialtas i mbun gnímh láithreach. Dearcadh eile ar fad a bhí acu nuair a tháinig an drochscéal faoi Bhaile Átha Cliath chomh fada leo.
Chuir an príomhoifigeach gníomhach leighis, an Dr Ronan Glynn in iúl dóibh gur “reservoir of disease” a bhí sa bpríomhchathair ach in áit gníomhú b’amhlaidh a thosaigh siad ag braiteoireacht,
Ceistíodh Leo Varadkar ar Prime Time faoin drogall seo. Ní socrú é an dúnadh a dhéanfadh an rialtas go héasca, ar seisean. Ar fhaitíos go gcuirfeadh muid as a riocht ar bhealach ar bith an freagra a thug sé seo aistriúchán díreach ar an méid a dúirt sé:
“Mar is eol duit, is mise an tAire atá freagrach as cúrsaí gnó agus fostaíochta agus tá mé ag déanamh ionadaíochta ar thoghcheantar i mBaile Átha Cliath. Is maith a thuigim an toradh a bheadh air agus ar an gcaoi a bhfágfaí na mílte dífhostaithe den dara huair i mbliana, go háirithe sa tionscal fáilteachais. Tá a fhios agam go bhfuil a lán gnóthaí sa gcathair agus sa gcontae seo atá ag sracadh leis an saol agus iad i ndeireadh na preibe. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh dúnadh eile deireadh ar fad lena ngnó.”
Bhí sin ar fad fíor ach céard faoi na gnóthaí atá in ísle brí ar fud na tíre?
An tuiscint atá mé a thabhairt anseo go mbíonn cur chuige éagsúil ann do Bhaile Átha Cliath ní teagasc é a thaitníonn, mar shampla, le John Downing, a bhíonn ag scríobh san Irish Independent agus a bhíonn le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta. In alt an lá faoi dheireadh dúirt sé go bhfuil an baol ann go neartóidh braiteoireacht an rialtais an creideamh atá ag daoine go bhfuil deighilt idir an phríomhchathair agus an chuid eile den tír. Cur amú ama a bheith ag caint ar an gcaoi sin, a dúirt sé.
Sea má sea. Níl aon lá sa mbliain nach bhfaigheann muid samplaí den deighilt.
Má bhíonn na billiúin euro le caitheamh ar bheart Rialtais i mBaile Átha Cliath cuireann na Tráchtairí Móra in iúl dúinn go sollúnta gur riachtanas náisiúnta é.
Nuair is beart in iarthar na tíre a bhíonn i gceist éilíonn siad go ndéanfaí scrúdú grinn air ó bhun go barr agus caitheann siad amhras ar an gcostas a bhainfeadh leis.
Tá an meon seo ina mharbhfháisc ar réimsí móra de shaol an náisiúin.
Tóg Raidió na Gaeltachta, mar shampla. Frítheadh amach i bpobalbhreith uair amháin go raibh slua mór éisteoirí ag Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath . Fós féin níor chraol siad ‘Iris Anoir’, iris áitiúil) as an gcathair ariamh.
Bíonn irisí áitiúla as na trí Ghaeltacht le cloisteáil ach iris náisiúnta a chaithfeas a bheith in iris Bhaile Átha Cliath.
Bheadh sé chomh dóichí gur mír as Toraigh a chloisfeá seachas comhrá as Sráid Uí Chonaill.
I litir a scríobh léitheoir chuig ceann de na nuachtáin náisiúnta le gairid dúirt sé gur cheart an Dáil a aistriú amach as Baile Átha Cliath faoi láthair agus í a thionól i gContae an Chláir.
Tá na háiseanna uilig ansin, a dúirt sé, agus Aerfort na Sionainne in aice láimhe.
Beidh fanacht fada orainn, déarfainn, sula dtacóidh aon duine de na Tráchtairí Móra lena leithéid de mholadh.