Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘feall-ar-iontaoibh’-ag-johnson-a-chur-chuige-maidir-le-ceist-an-tuaiscirt-–-ursula-von-der-leyen

‘Feall ar iontaoibh’ ag Johnson a chur chuige maidir le ceist an Tuaiscirt – Ursula von der Leyen

| Tuairisc.ie | ,

“Feall ar iontaoibh” ag Rialtas Boris Johnson a gcur chuige maidir le ceist an Tuaiscirt sa chomhaontú Breatimeachta, a deir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen.

D’fhoilsigh Rialtas na Breataine tráthnóna bille nua a chuireann ar ceal gnéithe den chonradh aistarraingthe a shínigh Johnson anuraidh.

Go gairid i ndiaidh fhoilsiú an bhille, dúirt Ursula von der Leyen ar Twitter:

“An-imní [orm] faoi fhógraí ó Rialtas na Breataine faoina rún an Comhaontú aistarraingthe a shárú. Bhrisfeadh seo an dlí idirnáisiúnta agus feall ar iontaoibh a bheadh ann. Pacta sunt servanda = an bonn faoi chaidreamh rathúil amach anseo.”

Tá admhaithe ag Rialtas na Breataine féin gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta a bheadh i gceist leis an mbille trádála nua.

De réir an bhille, cheadófaí d’airí neamhaird a dhéanamh de ghnéithe den socrú faoin Tuaisceart sa chomhaontú aistarraingthe. Thabharfadh an Bille cead d’airí rialacháin a thabhairt isteach a d’fhágfadh nach mbeadh aon fheidhm ag dlí an AE maidir le státchabhair sa Bhreatain ná sa Tuaisceart.

Bheadh a leithéid i gcoinne an phrótacail faoin Tuaisceart sa chomhaontú Breatimeachta.

Faoin bprótacal sin, ní mór don Bhreatain an tAE a chur ar an eolas faoi aon chabhair stáit a fhaigheann comhlachtaí sa Bhreatain a dhíolann táirgí sa Tuaisceart.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “údar mór imní” don Rialtas cur chuige Rialtas na Breataine i dtaobh cheist an Tuaiscirt sa chomhaontú.

D’fhéadfadh an cur chuige “aontaobhach” sin na cainteanna Breatimeachta a chur ó mhaith, ar sé. Dúirt an Taoiseach gur sárú iontaoibhe ag Rialtas na Breataine a bhí i gceist.

Dúirt Martin go raibh seasamh dlí ag an gconradh aistarraingthe agus nach bhféadfaí “imeacht ó sin”.

Tá ráite go minic ag an AE  go gcaithfear an comhaontú aistarraingthe go léir a chur i bhfeidhm má táthar chun margadh trádála agus slándála a dhéanamh leis an mBreatain.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go raibh “tochas a gcinn” tugtha ag Rialtas Boris Johnson do lucht rialtais ar fud an domhain a mbeadh amhras anois orthu, dar leis, ar cheart aon chonradh a shíniú leis an mBreatain.

Rinne Boris Johnson cosaint ar a chur chuige agus dúirt gurb é chúram siúd “ná tacú le sláine na Ríochta Aontaithe agus chomh maith leis sin cosaint a thabhairt do phróiseas síochána Thuaisceart Éireann agus Comhaontú Aoine an Chéasta”.

Níos mó