Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-leabhair-nua-ghaeilge-a-bheas-a-bhfoilsiu-an-fomhar-seo…

Na leabhair nua Ghaeilge a bheas á bhfoilsiú an fómhar seo…

| Meabh Ni Thuathalain | ,

Tiocfaidh borradh breá faoi líon na leabhar nua Gaeilge atá ar fáil an fómhar seo nuair a thiocfas scata leabhar a bhí le foilsiú ó mhí an Mhárta seo caite ar an mhargadh.

Breis agus 30 leabhar nua atá le foilsiú idir seo agus mí na Nollaig chun an léitheoir Gaeilge amplach a shásamh. I measc na leabhar sin, tá saothar nua le cuid de mhórscríbhneoirí na Gaeilge. Úrscéal nua do léitheoirí óga ó pheann Alan Titley é Lúba (An Gúm), agus bailiúchán gearrscéalta atá Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta (Cló Iar-Chonnacht), a roghnaigh agus a d’aistrigh Mícheál Ó Conghaile.

Beidh cúig leabhar eile á gcur amach ag Cló Iar-Chonnacht roimh dheireadh na bliana, lena n-áirítear dhá shaothar beathaisnéise, Ag Útamáil Liom le Pádraic Breathnach agus Ón Spidéal go Strasbourg le Seán Ó Neachtain, an t-iarfheisire Eorpach.

Ar cheann de na leabhair sin, tá Gaillimh: Díolaim Cathrach, cnuasach scéalta agus dánta Gaeilge a bhaineann le cathair na Gaillimhe, atá curtha in eagar ag Brian Ó Conchubhair.

Beidh bailiúchán béaloidis chugainn as ceantar Bhaile Conaola i gConamara, Siamsa an Gheimhridh, le Dónall Ó Fátharta agus Peadar Ó Ceannabháin. Tá Amhráin Tom a’tSeoighe, leabhar ina bhfuil stór amhrán leis an amhránaí aitheanta as an Sconsa i gConamara ar fáil, agus é curtha in eagar ag Ciarán Ó Fátharta agus Síle Denvir le foilsiú ag Cló Iar-Chonnacht roimh dheireadh na bliana.

Beidh ocht leabhar nua á gcur ar fáil ag an teach foilsitheoireachta gradamúil Leabhar Breac sna míonna beaga amach romhainn, lena n-áirítear Óráidí a Chuaigh i gCion, bailiúcháin de mhóróráidí ó aimsir Shócraitéas go dtí an lá inniu, atá curtha in eagar agus aistrithe go Gaeilge ag Aibhistín Ó Duibh, agus téacsleabhar dlí do mhic léinn tríú leibhéal An Ghaeilge sa Dlí le Daithí Mac Cárthaigh.

Ar na leabhair eile a bheas á bhfoilsiú ag Leabhar Breac i mbliana, tá Feis Tigh Chonáin le Darach Ó Scolaí, ar leagan úr é den mhórscéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú céad, agus Eachtra ar Oileán na Rún, úrscéal do dhéagóirí óga le Brian Ó Brion.

Tá úrscéal sci-fi a scríobhadh i nGaeilge na hAlban aistrithe go Gaeilge ag Eoin P. Ó Murchú.

Beidh trí leabhar nua sa tsraith ‘Macán’, a leanann eachtraí an mhic tíre bhig, á bhfoilsiú ag Leabhar Breac do léitheoirí óga an fómhar seo. Macán ag Obair sa Ghairdín, Macán ag Roinnt lena Chairde, Macán agus an Leanbh Nua is teideal de na leabhair sin.

Tá ocht saothar nua do léitheoirí óga na Gaeilge le foilsiú ag an teach foilsitheoireachta ar an Spidéal i gConamara, Futa Fata. Foilsíodh MÍP, pictiúrleabhar faoi róbat cliste le Máire Zepf, atá ainmnithe ar ghearrliosta Réics Carló i mbliana, ag tús mhí an Mhárta seo caite sular tháinig na srianta dianghlasála i bhfeidhm.

I measc na dteideal nua eile ó Futa Fata, tá dhá leabhar mealltach sa tsraith ‘Dainín’, a scríobh Tadhg Mac Donnagáin agus a mhaisigh Steve Simpson, Dainín- Cá bhfuil Teidí? agus Dainín- Cloisim rud éigin! Beidh fáil orthu sin roimh dheireadh na míosa.

Geansaí Ottó, pictiúrleabhar nua-scríofa le Sadhbh Devlin agus An Garbhán Óg, le Julia Donaldson atá aistrithe go Gaeilge ag Tadhg Mac Dhonnagáin i measc na saothar eile a bheas á bhfoilsiú ag Futa Fata don léitheoir óg in 2020, chomh maith le

heagráin nua de Mise agus an Dragún agus Bí ag Spraoi liom.

Do léitheoirí atá níos sine, tá Go Ceann Scríbe, úrscéal nua-scríofa le hAilbhe Nic Giolla Bhrighde agus An Fiaclóir Fíochmhar, leagan Gaeilge de leabhar David Walliams Demon Dentist, leabhar a raibh an-ráchairt air.

Tá ceithre theideal nua le foilsiú ag an teach foilsitheoireachta Conallach Éabhlóid roimh dheireadh na bliana. Cnuasach gearrscéalta le Réaltán Ní Leannáin é Inní, tá Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill curtha in eagar ag Caitlín Nic Niallais agus cnuasach scéalta le Nuala Ní Ghallchóir é Scéalta ó m’óige. Leabhar nuascríofa do pháistí, Caoilte Caillte sa Mhúsaem le Gemma Nic Conchra, an ceathrú saothar ar nua ag Éabhlóid do 2020.

Tá rogha dheas leabhar nua do léitheoirí óga na Gaeilge le foilsiú idir seo agus an Nollaig, ina measc saothar próis nua do pháistí Rang 3 –6 mar chuid de chlár bunscoile Séideán Sí (An Gúm).

Beidh ceithre leabhar nua á bhfoilsiú ag an teach foilsitheoireachta Feirsteach An tSnáthaid Mhór roimh dheireadh na bliana; Muireann agus an Teach Solais, le Malachy Doyle agus Andrew Whitson; leagan canúnach de Jimín Mháire Thaidhg leis an An Seabhac, atá curtha in eagar ag Ríona Nic Congáil agus maisithe ag Andrew Whitson; agus Rita agus an Lampa Draíochta, le Máire Zepf agus Andrew Whitson.

Níos mó