Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-rata-an-choroinviris-nios-airde-i-gceantar-gaeltachta-ag-tus-na-miosa-na-mar-a-bhi-i-bhformhor-na-tire

Ráta an choróinvíris níos airde i gceantar Gaeltachta ag tús na míosa ná mar a bhí i bhformhór na tíre

| Tuairisc.ie | ,

Bhí Conamara Theas i measc na gceantar is measa in iarthar na hÉireann a bhí buailte ag an Covid-19 ag tús mhí Mheán Fómhair.

De réir staitisticí nua atá eisithe ag an Roinn Sláinte, bhí ráta tolgtha an Covid-19 i dtoghcheantar Chonamara Theas os cionn an mheáin náisiúnta sa chéad choicís den mhí.

Deimhníodh 12 cás nua den choróinvíreas i gConamara Theas idir 1-14 Meán Fómhair. D’fhág sé sin go raibh ráta 56.2 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar le linn na tréimhse sin.

52.8 cás in aghaidh gach 100,000 duine an ráta tolgtha a bhí sa tír iomlán sa tréimhse chéanna.

Bhí an ráta tolgtha i gConamara Theas níos airde ná mar a bhí i bhformhór na dtoghcheantar eile sa tír.

Tuairscíodh i dtús na míosa seo go raibh ráig den Covid-19 i nGaeltacht Chois Fharraige i gConamara.

Bhain an ráig le teacht le chéile a bhí ag grúpa cairde sa cheantar 

In iarthar na hÉireann ar fad, ní raibh ráta níos airde ná Conamara Theas ach i gcúig thoghcheantar eile, Cora Droma Rúisc (132), Áth Dara-Ráth Caola (101), Béal Átha Móir (71), Leifear-Srath an Urláir (57.9) agus Leitir Ceanainn (57.1).

Deimhníodh níos lú ná cúig chás i gConamara Thuaidh idir 1-14 Meán Fómhair agus bhí líon na gcásanna nua den Covid-19 íseal go maith sna ceantair Ghaeltachta eile.

Cé gur tuairiscíodh go bhfuil braisle cásanna anois i nGaoth Dobhair, ní bheadh na cásanna sin san áireamh sna figiúirí oifigiúla go fóill. Deimhníodh níos lú ná cúig chás i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil Gaoth Dobhair, idir 1-14 Meán Fómhair. Deimhníodh sé chás i gceantar Bhaile na nGallóglach i dTuaisceart Dhún na nGall.

Tá líon na gcásanna nua i nDún na nGall ag dul i méid i gcónaí, áfach, agus deimhníodh 110 cás nua sa chontae le seachtain anuas.

55 cás nua a deimhníodh i gcontae na Gaillimhe le linn na tréimhse céanna.

Cé go bhfuil rabhadh tugtha arís ag NPHET faoin ardú atá tagtha ar líon na gcásanna i bPort Láirge, i gceantar chathair Phort Láirge a bhí formhór na gcásanna a deimhníodh.

Níos lú ná cúig chás a bhí i dtoghcheantar Dhún Garbhán, ina bhfuil Gaeltacht Phort Láirge, idir an 1-14 Meán Fómhair.

Covid-19 Conamara. Pic: Seán Ó Mainnín

I gCiarraí, níos lú ná cúig chás nua a bhí i gCorca Dhuibhne idir 1-14 Meán Fómhair. Sé chás a bhí i dtoghcheantar an Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, agus ráta tolgtha 23.9 cás in aghaidh gach 100,000 a bhí sa cheantar.

Níos lú ná cúig chás a bhí i Maigh Chromtha, an toghcheantar ina bhfuil Gaeltacht Mhúscraí suite.

Deimhníodh sé chás nua i mBéal an Mhuirthead sa chéad choicís den mhí, rud a d’fhág go raibh ráta tolgtha 47.6 in aghaidh gach 100,000 sa cheantar.

I gcontae na Mí, deimhníodh deich gcás i dtoghcheantar Baile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. Tá an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib i dtoghcheantar Cheannanais, ceantar ina raibh níos lú ná cúig chás idir an 1-14 Meán Fómhair.

Is i mBaile Átha Cliath agus na ceantair máguaird a bhí na rátaí tolgtha is airde sa tír. 189.8 cás in aghaidh gach 100,00 duine a bhí i dtoghcheantar Bhaile Bhlainséir-Mhullach Eadrad agus 175.9 a bhí i dTamhlacht Láir.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné 188 cás nua den Covid-19 agus bhain 76 acu le Baile Átha Cliath.

Bhain 25 cás le Corcaigh, bhí 21 cás i nDún na nGall, bhain 13 de na cásanna nua le Gaillimh agus bhí seacht gcás i bPort Láirge.

Bhain 16 de chásanna an lae inniu le Cill Dara agus seacht gcás a deimhníodh i Ros Comáin.

Bhain an 23 cás eile le 12 contae éagsúil.

Fógraíodh chomh maith inné go raibh na srianta breise Covid-19 a tugadh isteach i mBéal Feirste agus sa Bhaile Meánach le tabhairt isteach ar fud an Tuaiscirt ag 6pm inniu.

Beidh cosc iomlán ar chuairteoirí taobh istigh ó thuaidh agus ní bheidh cead ach ag seisear cuairteoirí as dhá theaghlach bailiú le chéile taobh amuigh.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó thuaidh go raibh beirt eile básaithe de dheasca an Covid-19 agus go raibh 125 cás nua deimhnithe.

42,587 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 33,121 cás ó dheas den teorainn agus 9,466 cás ó thuaidh di.

2,369 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,792 duine ó dheas agus 577 ó thuaidh.

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil tuairiscí ann go bhféadfadh go gcuirfeadh an Rialtas srianta Leibhéal 3 i bhfeidhm i roinnt contaetha eile roimh dheireadh na seachtaine.

Baile Átha Cliath amháin atá faoi shrianta dá leithéid faoi láthair ach de bharr an líon cásanna a bheith ag ardú sa gcuid eile den tír, tá seans mór i gcónaí ann go gcuirfear na srianta breise i bhfeidhm ar chontaetha eile.

An tseachtain seo caite, luaigh NPHET a thromchúisí agus a bhí scaipeadh an ghalair i gcontae Lú, Dún na nGall agus Port Láirge ach tá an ráta tolgtha ag ardú go gasta le tamall i gcúig chontae eile freisin – Luimneach, Cill Dara, Liatroim, Uíbh Fhailí agus Cill Mhantáin.

Seicphointe na nGardaí sna Forbacha, Co na Gaillimhe. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Dúirt Liz Canavan, Rúnaí Cúnta Roinn an Taoisigh, inné gur “údar imní” an treo a bhfuil an galar ag scaipeadh i ngach contae faoi láthair, seachas sé cinn.

“Mura n-éiríonn linn an ráig dheireanach seo a chur faoi chois,” a deir sí, “beidh idir 500-1,000 cás nua sa lá againn faoi cheann míosa agus i mBaile Átha Cliath a bheidh idir 50-60% acu sin.”

Chuir Canavan an-bhéim ar a thábhachtaí atá sé an líon daoine a mbuailimid leo a laghdú in iarracht scaipeadh an ghalair a mhaolú.

“Táimid ag leibhéal 2 sa tír seo agus ba mhaith linn gur ansin a d’fhanfadh an tír nó feabhas a dhéanamh agus a bheith ag Leibhéal 1.  Nílimid ag iarraidh dul an treo eile,” a dúirt sí.

Is ionann an scéal ag Rialtas na Breataine, mar a ndúirt Sir Patrick Vallance, príomhchomhairleoir eolaíochta an rialtais, go bhféadfadh suas le 50,000 cás nua sa lá a bheith acu an chéad mhí eile mura ndéantar beart.

Dúirt Vallance go bhféadfadh 200 duine sa lá bás a fháil mí na Samhna dá mbeadh an oiread sin cásanna den Covid-19 sa tír.

4,368 cás nua a deimhníodh sa Ríocht Aontaithe inniu agus fuair 11 duine bás ansin de bharr an choróinvíris.

Ní cheaptar go gcuirfidh Rialtas na Breataine tréimhse dianghlasála eile i bhfeidhm ach meastar go bhfuil srianta breise ar earnáil an fháilteachais ar na bacáin leis an mbrúisc is déanaí a cheansú.

Níos mó