Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-run-faoi-bhunu-choiste-gaeilge-an-oireachtais-le-cur-faoi-bhraid-na-dala

Rún faoi bhunú Choiste Gaeilge an Oireachtais le cur faoi bhráid na Dála

| Tuairisc.ie |

Cuirfear rún maidir le bunú comhchoiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi bhráid na Dála inniu.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge an teideal oifigiúil a bheidh ar an gcoiste nua a bheidh faoi chathaoirleacht Aenguis Uí Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

Coimeádfaidh an coiste an ról a bhí aige maidir le scagadh a dhéanamh ar reachtaíocht, an bille teanga san áireamh.

Maidir le scagadh a dhéanamh ar na meastacháin i dtaobh chaiteachas Roinn na Gaeltachta is ar choiste eile a bheidh an cúram sin, an Coiste Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta. Deirtear, áfach, go mbeidh cead ag an gcoiste Gaeilge agus Gaeltachta plé ginearálta a dhéanamh ar chúrsaí caiteachais agus faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil luach ar airgead á fháil ar an gcaiteachas sin.

Deirtear sna téarmaí tagartha go bpléifidh coiste Oireachtais na Gaeilge le straitéis an stáit i leith cur chun cinn na Gaeilge, le ceisteanna a bhaineann le litríocht agus le cultúr na Gaeilge agus le cur chun cinn na teanga i dTithe an Oireachtais féin. Pléifidh an coiste chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge sa státchóras agus le dualgais na gcomhlachtaí poiblí i dtaobh soláthar seirbhísí Gaeilge.

Tiocfaidh obair an Choimisinéara Teanga, an Fhorais Teanga, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus RTÉ faoi chúram an choiste chomh maith agus beidh sé freagrach as plé a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge agus ar an ngaeloideachas.

Maíodh sa Dáil le déanaí gur “céim síos aisteach” don teanga é nach raibh Coiste Oireachtais na Gaeilge ar an liosta 17 coiste a cuireadh faoi bhráid na Dála.

Dúirt an té atá ainmnithe mar Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Aengus Ó Snodaigh, go raibh gá le míniú maidir leis an moill i dtaobh bhunú an choiste.

Nuair a chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin a imní faoin scéal in iúl sa Dáil, mhaígh an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, nárbh amhlaidh go raibh an coiste Gaeilge á bhrú “ar leataobh” agus go raibh “tábhacht faoi leith” leis.

De réir na dtéarmaí tagartha don choiste nua, atá feicthe ag Tuairisc.ie, fanfaidh na hoileáin Ghaeltachta faoi chúram an choiste nua. An coiste a bheidh ag plé le cúraimí na Roinne Pobail agus Gnóthaí Tuaithe, mar ar aistríodh cúram na n-oileán nuair a bunaíodh an comhrialtas, a bheidh ag plé leis na hoileáin eile.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste nua, gurb í an fhadhb is mó atá le sárú gur “cuma sa sioc” leis na ranna Rialtais faoin nGaeilge ná faoin nGaeltacht.

Deir sé go mbeidh ceist mhaoiniú na Gaeilge i measc na dtosaíochtaí a bheidh aige.

Ó tharla an comhthionól ó thuaidh ar ais “ní bheidh aon bhac ar an Rialtas seo maoiniú a chur ar fáil anois d’Fhoras na Gaeilge agus do na heagrais Ghaeilge,” ar sé.

Beidh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin ag díriú chomh maith ar chás an bhille teanga agus ar roinnt ábhar eile.

“Beidh mé ag déanamh cinnte de go gcuirfear brú ar an Rialtas maidir le foilsiú an Bhille Teanga agus an bille sin a dhéanamh níos láidre.

“Tá an bille an-tábhachtach ach ní hé amháin a dhéanfaidh tarrtháil ar an nGaeilge. Tá gá breathnú ar an ngaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht agus ar chur i bhfeidhm an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht.

“Faoi láthair tá an Roinn Oideachais ag obair ar an mbunús go bhfuiltear le héileamh an Ghaeloideachais a shásamh seachas é a chothú agus sin rud a bheas mé ag díriú air go cinnte. Beidh mé ag díriú chomh maith ar cheist thoghchán Údarás na Gaeltachta. Ba cheart go mbeadh an tÚdarás aitheanta mar is ceart mar eagras fiontraíochta agus go mbeadh an maoiniú cuí ar fáil dó.”

Dúirt Ó Snodaigh go bhfuil sé dóchasach go dtiocfaidh athrú chun feabhais ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta le linn na tréimhse nua Dála, ach gurb é an dúshlán is mó a bheadh ann ná meon daoine sa Rialtas agus sa státchóras a athrú.

“Cé go bhfuil na fadhbanna aitheanta sna straitéisí éagsúla gan tairbhe atá foilsithe ag an rialtas, léiríonn an ghéarchéim ina bhfuil an Ghaeltacht nár caitheadh airgead ceart sa Ghaeltacht ná ar an nGaeilge agus nár bronnadh cearta ar lucht na Gaeilge agus lucht na Gaeltachta,” a dúirt an cathaoirleach nua.

Níos mó