Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-seachtain-fagtha-go-toghchan-sam-agus-nil-siad-ag-fanacht-sa-mbaile-i-mbliana

Seachtain fágtha go toghchán SAM agus níl siad ag fanacht sa mbaile i mbliana

Seachtain ó inniu tabharfaidh an chuid sin de phobal na Stát Aontaithe nach bhfuil vóta caite acu go dtí seo aghaidh ar na bothanna vótála.

Fearacht an chuid eile den domhan tá cuid mhaith den méid a dhéanfaidh siad ag brath chomh mór céanna ar chúinsí áitiúla is atá ar pholasaithe náisiúnta. I ndeireadh an lae níl le rá ach gur reifreann a bheidh anseo ar uachtaránacht Donald Trump.

An bhfuil pobal na Stát Aontaithe sásta a muinín a chur ann go ceann ceithre bliana eile? An gcreideann siad go bhfuil siad níos fearr as inniu ná a bhí siad i 2016? An gcreideann siad go bhfuil an córas athraithe aige mar a gheall sé?

Bhí pobal Mheiriceá bréan de Washington D.C. agus a gcóras polaitíochta ceithre bliana ó shin. Theastaigh athrú uathu. Gheall Donald Trump, an fear gnó agus teilifíse, athrú dóibh mar gur strainséir thar tír isteach a bhí ann. Ba dhlúthchuid de chóras Washington le blianta fada í Hillary Clinton agus níor thaitin sí leo. Dá bharr sin d’fhan siad sa mbaile. B’ionann sin agus vóta a thabhairt do Donald Trump in go leor áiteacha.

Níl siad ag fanacht sa mbaile i mbliana de réir chuile chosúlacht i mbliana. Tá siad i scuainí le roinnt seachtainí cheana féin. Tá vóta luath caite ag beagnach trí scóir milliún. Tá go leor ag caitheamh a vóta tríd an bpost mar gheall ar an víreas corónach. An gcuirfidh sin tuilleadh leis an tinreamh? Shamhlófá go gcuirfeadh ach sí  an cheist atá le cur ná cé hiad? Na Daonlathaigh a d’fhan sa mbaile an t-am deireadh? Na daoine gorma a chaith píosa mór den bhliain ag agóidíocht faoin gcóras dlí agus cirt sna Stát Aontaithe. Faoi dhúnmharú George Floyd agus Breonna Taylor. Na mná a gcuireann dearca drochmheasúil Donald Trump ina leith fearg orthu?

Pé dream is mó a thagann amach is i sciar an-bheag de na stáit a bheidh a vóta fíorchinniúnach. Beidh Trump, Mike Pence, Biden agus Kamala Harris ag taisteal go ceann seachtaine eile idir Wisconsin, Michigan, Pennsylvania agus Florida. Is sna Stáit seo a bhuafar nó a chaillfear an toghchán. Thug Trump Wisconsin agus Michigan leis in 2016 agus gan súil ar bith leis. Is minic le Florida agus Pennsylvania a bheith cinniúnach. Tá 10 vóta sa gcoláiste toghcháin ag Wisconsin, 16 ag Michigan, 29 ag Florida agus 20 ag Pennsylvania.

Bíonn sé deacair i gcónaí toghchán uachtaránachta a thabhairt leat i Meiriceá d’uireasa vótaí Florida ach tá sé indéanta. Corr nua sa scéal an tseachtain seo go bhfuil Biden chun cinn sna pobalbhreitheanna in Texas.  Dúnáras Poblachtach a bhfuil 38 vóta aige sa choláiste toghchánaíochta is ea Texas. Buille marfach do Trump é má chailleann sé é.

Pé fear a fhógraítear ina bhuaiteoir an tseachtain seo chugainn – má fhógraítear buaiteoir – samhlaím nach le gean iontach air ná le muinín mhór ann a bheidh  an pobal dá roghnú. Tá bonn tacaíochta ag Trump nach féidir a mhealladh in aon treo eile agus deir na pobalbhreitheanna go bhfuil sciar suntasach den phobal nach n-admhóidh go bhfuil siad lena vóta a thabhairt dó. Droch-iarrthóir é Biden a bhíonn doiléir agus cineál scaipthe go minic ina chuid cainte. Níl amhras ach gur fear deas é agus is beag a fheiceann aon dochar ann murab ionann agus a chéile comhraic.

Déanfaidh sí seachtain spéisiúil agus cuirfidh muid aithne mhaith ar roinnt áiteacha i Meiriceá! Is cinnte gur beag atá eatarthu agus inseoidh na laethanta seo romhainn cén fear is fearr a thiocfaidh i gcion ar an sciar beag den phobal vótála nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu go fóill.

Níos mó