Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-5-scannan-mhaithe-eireannacha-(ata-nios-fearr-na-wild-mountain-thyme)

5 Scannán Mhaithe Éireannacha (atá níos fearr ná Wild Mountain Thyme)

| Saoirse Ni Chiaragain |

Mura raibh tú i do chónaí in uaimh, scoite amach ón tsochaí, seans maith ann go bhfaca tú an blaisín den scannán nua atá suite in Éirinn Wild Mountain Thyme. Scéal ait draíochta atá ann, faoi oileán álainn agus na feirmeoirí (agus níl ann ach feirmeoirí) a chonaíonn ann. 

Leanann muid Rosemary Muldoon (Emily Blunt) agus Anthony Reilly (Jamie Dornan), beirt chomharsan atá i ngrá lena chéile. Ach, dar ndóigh, níl siad in ann a gcuid mothúchán a chuir in iúl dá chéile — mar gheall gur Éireannaigh iad.

Cinnte, is féidir a bheith ag tnúth le blasanna Éireannacha den scoth agus léiriú measúil ar an gcultúr. 

I ndáiríre, tá scannáin cosúil le Wild Mountain Thyme feicthe againn arís agus arís le blianta anuas, ó The Quiet Man go dtí Leap Year. Bunaithe ar na scannáin seo amháin, cheapfá go bhfuil Éirinn sáinnithe fós sna 1880idí, agus muid uile gafa leis an ól agus an achrann. 

Ach déarfaidh mise an focal agus leigheasfar d’anam — seo cúig scannán Éireannacha mhaithe a ghlanadh cuimhne Wild Mountain Thyme de d’intinn.

Nóta: Tá fhios againn uile cheana féin cé chomh maith is atá an Barrytown Trilogy agus Into the West, agus sin an fáth nach mbeidh siad ar an liosta seo.

Disco Pigs (2001), dir. Kirsten Sheridan

Kirsten Sheridan, iníon Jim Sheridan, a stiúir an scannán seo atá ar dhráma stáitse (cosúil le Wild Mountain Thyme…) le Enda Walsh. Insítear scéal bheirt déagóirí i gCorcaigh sna 1990idí agus a gcaidreamh míshláintiúil lena chéile.

Ghlac Cillian Murphy páirt Darren, AKA Pig, sa dráma agus sa scannán, ag tabhairt taispeántas iontach agus scanrúil uaidh. Tá caighdeán beagnach Joyceach ag friotal Walsh, a damhsaíonn idir páistiúlacht agus filíocht.

Is scéal sách dorcha agus míchompordach é, agus seans maith ann nach mbainfeadh gach duine sult as. Ach,is é ceann de na scannáin is suimiúla agus iontaí a rinneadh in Éirinn riamh.

The Young Offenders (2016), dir. Peter Foott

Scannán eile atá suite i gCorcaigh, ach atá i bhfad níos éadroma. Tá sé soiléir cén fáth a raibh an-tóir ar an scannán seo, agus cén fáth a ndearnadh é clár teilifíse de. Idir na taispeántais, greann agus aicsean iontach, is scannán fíor-speisialta atá i gceist.

B’fhurasta leithéidí Conor agus Jock a aithint, na buachaillí ag lár an scéal seo, cuma cén contae ina bhfuil tú — Corcaigh, Gaillimh, nó Baile Átha Cliath, tá beirt cosúil leis na gasúir seo ar aithne agat

Handsome Devil (2016), dir. John Butler

Suite i scoil phríobháideach i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil an rugbaí ar an rud is tábhachtaí sa saol, tugann Handsome Devil léargas éagsúil ar Éirinn — tír atá beagáinín níos cóngaraí don Bhreatain ó thaobh na n-aicmí de.

Baineann an scéal le Ned agus a chara, Connor, atá aerach. Iniúchtar sa scannán an homafóibe agus troid lucht LADT+ ar son measa agus comhionannais in Éirinn, agus fearúlacht na tíre

A Film With Me In It (2008), dir. Ian Fitzgibbon

An céad scannán ar an liosta seo nach mbaineann le déagóirí ná A Film With Me In It, scannán nach bhfaigheann a dhóthain aitheantais. Má tá suim agat i scéalta grinn a bhfuil an t-imní fite fuaite ann, seo an scannán duitse.

Is scigdhráma clasaiceach é seo, bunaithe ar Murphy’s Law. Tá na fuirseoirí Dylan Moran agus David O’Doherty sna príomhrólanna, agus cameo iontach ó Jonathan Rhys Meyers, Is cinnte go bhfuil sé seo ar cheann de na scannáin is greannmhaire a rinneadh in Éirinn riamh

Spin the Bottle (2003), dir. Ian Fitzgibbon

An dara scannán le Ian Fitzgibbon ar an liosta seo, agus scannán grinn eile nach bhfaigheann a dhóthain aitheantais. Tá Spin the Bottle bunaithe ar an gclár teilifíse Paths to Freedom, agus insítear scéal Rats ann agus é ag filleadh an ngnáthshochaí tar éis tréimhse sa phríosún.

Is féidir breathnú ar an scannán seo mar ‘anti-Commitments’, ina bhaineann grúpa triail as banna ceoil a chuir le chéile, gan splanc thallainne acu. Lán grinn agus croí, ba chóir go n-aithneofaí an scannán seo mar chlasaic de chuid chineama na hÉireann.

Baineann gach scannán ar an liosta seo le gné nó dhó den fhíorshaol in Éirinn a linne, agus sin an fáth a bhfuil siad chomh speisialta sin. Níl anseo ach liosta gearr, ach tá an oiread sin scannáin Éireannacha an is fiú duit a fheiceáil — go háirithe scannáin a eisíodh i mbliana, le Dating Amber, Calm With Horses, Sea Fever agus Wolfwalkers amuigh faoi láthair. Má chaitear Wild Mountain Thyme i leataobh, is bliain iontach í seo do scannáin Éireannacha.

Níos mó