Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-scannan-gaeilge-‘arracht’-roghnaithe-le-dul-san-iomaiocht-do-na-oscars

An scannán Gaeilge ‘Arracht’ roghnaithe le dul san iomaíocht do na Oscars

Tá an scannán Gaeilge Arracht, scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir, roghnaithe ag IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar i mbliana.

Is é Arracht rogha IFTA don rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr agus beifear ag súil anois go n-éireoidh leis áit a bhaint amach ar an ngearrliosta d’ainmniúcháin na ngradam a bheidh ar siúl mí Aibreáin seo chugainn in Los Angeles.

Agus a rogha á fógairt acu, mhol lucht IFTA scannán “suaithinseach” Tom O’Sullivan agus cineamatagrafaíocht “chumhachtach” Kate McCullough. Tugadh moladh ar leith don aisteoir Gaeltachta  Dhónall Ó hÉallaí, atá i gceann de phríomhpháirteanna an scéinséara, as a thaispeántas “iontach agus tochtmhar”.

As na hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara do Dhónall Ó Héalaí.

Dúirt stiúrthóir an scannáin Tom O’Sullivan go raibh “ríméad an domhain” air go raibh a scannán roghnaithe ag lucht IFTA chun dul san iomaíocht ar son na hÉireann.

Scéal iascaire, a thugann dídean do strainséir ar iarratas an tsagairt áitiúil in aimsir an Ghorta Mhóir, is ábhar don scannán a bhfuil go leor duaiseanna agus léirmheasannna moltacha faighte cheana féin aige.

Tá Arracht, a stiúir Tom O’Sullivan, ar an dara scannán atá léirithe faoi Cine4, scéim atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann chun fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt. 

Is cinnte go mbeidh TG4 thar a bheith sásta le cinneadh IFTA, léiriú eile ar an rath a bhí ar scannáin Cine4 go nuige seo.

Tá ráite ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gurb é mian an stáisiúin gradam Oscar a bhuachan agus nach bhfuil aon chúis nach bhféadfaí déanamh amhlaidh.

Tá léirmheasanna moltacha faighte ag Arracht, léiriú de chuid Macalla Teo, ó bhí a premiere aige in Tallinn na hEastóine ag deireadh na bliana seo caite.

Thug an scannán leis gradaim ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus ag Féile Scannán Ghlaschú agus bronnadh tuilleadh gradam air ag an bhFéile Scannán Idirnáisiúnta ‘American Golden Picture’.

Fuair sé níos mó ainmniúchán IFTA ná mar a fuair léiriú ar bith eile i mbliana.

Fógrófar an gearrliosta do na hainmniúcháin Oscar ar an 9 Feabhra 2021 agus fógrófar na hainmniúcháin féin ar an 15 Márta. Beidh searmannas na Oscars féín ar siúl ar an 25 Aibreán.

Níos mó