Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-maitheas-eicint-le-baint-as-an-mbiobla-ag-deireadh-an-lae’

‘Tá maitheas éicint le baint as an mBíobla ag deireadh an lae’

| Domhnall O Braonain |

Bhí mé caite siar ar an tolg an lá cheana sa seomra suite agus mo Bhíobla i mo ghlaic agam (ceainnín beag bídeach í, tá sé cinnte orm ceann deas mór le clúdach crua a fháil in áit ar bith). Ach ar aon chuma bhí mé sínte siar á léamh (tionscnamh Covid nach ndéanann mé leath sách minic) agus nuair a bhí mé ag dul trí leabhra Shamúéil bhí go leor cainte acu ar throid, ar chogadh, ar ionsaí agus chuile chineál eile foréigin dá bhféadfá cuimhneamh air. 

Ach thug mé suntas do fhocal áirid a d’úsáid an té a d’aistrigh. Focal nach raibh feicthe riamh cheanna agam ach bhí focal gaolmhar leis feicthe agam go minic.

Is éard atá i gceist agam ná an focal ‘foghail’. Mar a bhíonn mé go minic le cuid de na focla a úsáidtear sa leagan seo den Bhíobla Naofa, bhí mé ag rá liom féin ar dtús “meastú céard a chiallaíonn an ceann seo?” ach mar gheall ar an gcomhthéacs trodach inar thug mé faoi deara an focal thosaigh smaointe beaga eile ag teacht isteach i m’intinn.

“Meastú an bhfuil seans ar bith go bhfuil gaol aige le ‘foghlaí mara’?” 

Anois níl a fhios agam fútsa ach ní raibh mórán baint ag foghlaithe mara le mo shaol ó bhí mé thart ar dheich mbliana d’aois. Agus mar gheall ar sin níor smaoinigh mé ceart riamh ar na focla a bhí i gceist ná ar an gciall a bhí le baint astu.  Is túisce a smaoineodh duine ar Pirates of the Caribbean nó ar Ghráinne Mhaol nuair a chloiseann siad “foghlaí mara” ná “ach céard a chiallaíonn sé?”

Creid é nó ná creid tá níos mó spleodair ag baint le ceann de na rudaí sin ná mar atá leis an gceann eile.

Isteach liom, mar sin, ar Teanglann.ie (suíomh a bhíonn osclaithe le mo thaobh i gcónaí nuair a bhíonn greim agam ar an mBíobla) agus chuir mé an focal ‘foghail’ isteach ann. 

Bhí an ceart ar fad agam. Is ‘plundering, pillaging’ an t-aistriúchán a thug siad air. Nach bhfuil sé sin iontach? Is daoine iad foghlaithe mara a chaitheann a saol ar muir agus a bhíonn ag déanamh foghla. 

Seo sampla de leagan Gaeilge ar fhocal Béarla a fhoghlaimíonn tú agus tú i do ghasúr agus nach smaoiníonn tú ar an mbrí atá lena bhfuil á rá agat. 

“’Foghlaí mara’? Níl ansin ach an Ghaeilge atá ar ‘pirate’,” a déarfadh Domhnall óg. “Ach ní hea ná ar chor ar bith,” a deirim anois. Is leagan cainte Gaeilge é nach bhfuil Béarlachas ar bith ag baint leis agus a bhfuil ciall ceart leis na focla (rud atá gann agus ag fáil níos measa i nGaeilge an lae inniu).

Go bhfóire Dia orainn nuair a thiocfaidh an lá a mbeidh daoine ag rá “píoráit” nó “padhrait” nó diabhal éicint eile mar sin mar gheall go bhfuil “foghlaí mara” ródheacair a fhoghlaim. 

Mar sin, shílfeá go bhfuil maitheas éicint le baint as an mBíobla ag deireadh an lae. Bíonn mé seasta ag cur aithne ar fhocla atá feicthe agam i bhfoirmeacha eile ach nach smaoineoinn go brách ar cé as a dtagann siad. (Is dóigh go bhfuil luach spioradálta ann freisin.)

An mbíonn leaids óga eile naoi mbliana déag d’aois ag smaoineamh ar na rudaí seo?

Níos mó