Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceannaigh-sa-ghaeltacht!-liosta-bronntanas-as-uibh-rathach

Ceannaigh sa Ghaeltacht! Liosta bronntanas as Uíbh Ráthach

| Slaine Ni Chathallain |

“Sé Dónal binn Ó Conaill caoin/ an prionsa fíor denn Ghael-fhuil.”

 Líne ón amhrán ‘Dónall Binn Ó Conaill Caoin’, a scrígh Tomás Rua Ó Súilleabháin ón mBán Ard i gceantar Gaeltachta Uíbh Ráthaigh. 

An mbeadh aon dúil ag Dónall, áfach, i bhféiríní an lae inniu? Siúd liom go Ciarraí Theas tar éis mhír na mbronntanas ó Chorca Dhuibhne, chun blaiseadh de bhronntanais na Nollag ón gceantar álainn sin a fháil, agus seo an chuid ab fhearr liom.

€36 – cupán criaga coinneála ó Grounded Pottery

Is iad an comhlacht Grounded Pottery, atá lonnaithe i dTrá Lí, a chuir na mugaí seo le chéile go speisialta don gcomhlacht Meld Apparel, atá ag feidhmiú i gCathair Dónall (gar don áit a gcónaíodh an Dónall thuasluaite!). Tá barra rubair ar an muga criaga chun ná beadh an tae ná an caifé ag doirteadh ar fuaid na háite. Is iontach an bronntanas a dhéanfadh seo do dhuine éigin a bhíonn ag síorthiomáint! An t-imreoir caide nó iomána, an múinteoir, an fear a bhíonn sáite sa trácht ar an M50 gach maidean is tráthnóna, nó duit féin, go deimhin, chun tacú leis an dtimpeallacht. Is féidir an muga a chur sa micreathonnán agus san inneall níocháin d’áraistí.

suíomh idirlín atá ag Melissa Dwyer dá gnó, más áil leat an muga a cheannach agus éadaí agus nithe beaga eile leis le fáil air. Anuas air sin, tá ‘Nollaig Shona’ greamaithe go deas ar an bpáipéar Nollag a bheidh timpeall ar d’earra nuair a thiocfaidh sé sa phoist chugat!

€25 – coinneal dhaite ó Shiopa Bronntanas na Sceilge

Tá sciob sceab ar na coinnle seo, agus fear a ndéanta, John Harvey ó Oileán Dairbhre ar a chroí díchill ag iarraidh freastal ar an éileamh faoi láthair Níl na coinnle áille daite seo, a dhéantar de láimh san oileán, ar fáil le ceannach in aon áit eile ar-líne ach ó Shiopa Bronntanas na Sceilge sa Choireán. Skellig Gift Store an suíomh idirlín atá acu, agus mar aon le scata táirgí eile a rinneadh in Éirinn, tá suas le 20 coinneal dhifriúla ó Dhairbhre ar fáil ar an suíomh. Táid ildaite agus boladh difriúil ar gach aon cheann acu. Tá cinn bheaga ar fáil ar €15 agus cinn níos mó arís ar €25. Is féidir coinneal, le boladh  eocalaipe, mar shampla, a cheannach, nó boladh cainéil agus clóibh. An-oiriúnach don Nollaig do thig do mháthar críonna nó do thig do charad. Ní thugann éinne an t-eiteach do choinneal mar bhronntanas. Cuirfear sa phost chugat ar fuaid na cruinne iad.

€35+ sceanra ceilpe ó Atlantic Irish Seaweed

Ba dheacair dom labhairt leis an bhfear a dheineann na sceana agus na foirc seo mar go raibh sé ag bailiú feamainne a bhí triomaithe aige ar dalladh agus é ag obair go crua ar a tháirge agus mé ag glaoch air, ach féach go dtánag suas leis. Earraí an-suimiúil agus an-sainiúil iad seo a tharraingeoidh caint agus tú ag suí chun boird. Is iad an comhlacht Atlantic Irish Seaweed a dheineann na hearraí seo a tháirgeadh i gCathair Dónall. Féach ar na pictiúiraoibhne atá acu ar a gcuntas Instagram:

Samhlaigh an pláta cáise a thógaint amach um Nollaig dos na cuairteoirí agus scláta breá don gcáis chrua a ghearradh leis an scian ceilpe? Is fiú an t-airgead iad – tógann se sé seachtaine iad a dhéanamh ó thús deireadh. Isteach leis an ngaoth aniar aneas a thagann an cheilp! Ní bheidh sé rófhlúirseach san aimsir seo, ach féach go bhfuil fuíollach curtha ar leataoibh ag John Fitzgerald, fear déanta na sceanra, chun iad a dhéanamh de réir mar a thagann orduithe chuige. Tapaigh do dheis! 

€125 – Portmagee Single Pot Stil

Tá fuiscí nua an Chalaidh ag teacht ar an margadh don Nollaig, a chairde. Tá seo á bheathú le bliain anuas, agus cé ná fuil an praghas cinnte deimhnithe fós, measann an comhlacht gur €125 a bheidh air. Tá Portmagee 9 acu leis, an t-aon uisce beatha in Éirinn atá dhriogtar ar feadh naoi mbliana.  Éist leis seo, dúirt Stuart ón gcomhlacht Port Magee Whiskey liom gur i mbairillí rum Bharbadós a dhriogtar an deoch meisciúil seo toisc go bhfuilid ag cloí le hoidhreacht an tsmuglálaí Captaen Theobald Magee, an fear a bhaist Portmagee ar an mbaile beag cois cósta in Uíbh Ráthach. Trí bliana atá an comhlacht seo ar an bhfód, agus drioglann ar na bioráin acu dos na blianta beaga amach romhainn. Thaitneodh seo le Daideo nó le Daid oíche Nollag chun anbolg a cheansú tar éis na sclátaí do chíste Nollag a bheidh ite acu! Sláinte!

€5 Gallúnach na Sceilge

Táimid bodhar a bheith ag éisteacht le saineolaithe ag rá linn ár lámha a ní agus a shíorní, agus chuige sin tá gallúnach dheas uainn chun ná triomóidh ár gcraiceann. Is í Alice Dennehy an bhean a dhéanann an ghallúnach ina siopa i mbaile Chathair Saidhbhín, atá mar bhaile seirbhíse Gaeltachta ag muintir Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tá labhandar, marós agus miontas aici, agus suas le seacht gcinn eile de ghallúnacha leis an uile bholadh orthu. Níl orthu ach €5, ach tá málaí deasa le bronntanais bheaga ar díol ar a suíomh idirlín leis. Dúirt sí go bhfuil an boladh a thagann ó na boscaí gallúnach a dtugann Fear an Phoist leis iad “draíochtúil”! Samhlaigh iad a chur go dtí do dheirfiúr thar sáile sa phost don Nollaig. Mmm, boladh na hÉireann ina glaic aici!

€2.50 – €5.00 Mataí boird agus muga ó Bog Cotton Gifts

Give a gift of Irish wild flowers this Christmas. Foxglove Glass worktop saver, placemats and coasters.
Available in sets of four, six or eight.
Contact FB page for details.

Posted by Bog Cotton Gifts on Dé Céadaoin 2 Nollaig 2020

An gcuimhin le héinne agaibh a bheith ag cur na méireanta púcaí ar bhur méireanta féin i rith an tsamhraidh agus sibh óg? Ba dheas liomsa é dhéanamh, nó go mbíodh beach istigh sa phlanda agus dóbair cealg a bhaint asam! Tá íomhá de na bláthanna aoibhne corcra seo le ceannach greanta ar mhataí boird nó mataí mugaí ó bhean i nDairbhre, Derarca Lynch. (Patrún an Oileáin, dar ndóigh). Is é an comhlacht atá ag Derarca Bog Cotton Gifts agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ar Facebook chun ordú a dhéanamh. Nílid ach €2.50 agus €5.00 an ceann. Nach deas a d’fhéachaidís ar bhord thar sáile ag muintir na tuaithe, chun laethanta a n-óige a chur i gcuimhne dóibh. Thaitneodh siad seo le Nain nó do sheanaintín leis, deinim amach!

€9.50 – Hot Toddy Truffles ó Sheacláid na Sceilge

Fuiscí te i do ghlaic agus seacláidín bheag le fuiscí tríd! Nach tusa a bheadh lán d’ardnós! Mar a dúirt Micheál “Toose” Mac Gearailt ar an gclár Dúiseacht ar TG 4 an tseachtain seo, “is fearr i bhfad an duine agus braon fén bhfiacail aige!” Bhuel, is ó Seacláid na Sceilge a cheannóidh tú an bosca beag seo agus toisc sciob sceab a bheith orthu, nílid ar fail níos mó in aon siopa, ach amháin ón suíomh idirlín, a dúirt fear an tí liom, Colm Henry. Canathaobh ná gheofá duit féin mar bhronntanas deas é? Dála an scéil, tá cead cuairteoirí chun an tí an Nollaig seo, agus nach deas mar a bheadh an seacláidín seo, ar phláitín le hais na dí teo? Ní hamháin go bhfuil fuiscí tríothu, ach tá sillithe chomh maith! I gcroílár na Gaeltachta in Uíbh Ráthach, i mBaile an Sceilg a dheintear na rudaí milse seo. Tá caifé breá sa mhonarcha leis, pé uair a bheidh tú ag gabháil an treo, agus radharc aoibhinn amach ar Bhá Fhíonáin agat agus tú ag ithe is ag ól.

€25+ Deilbhíní Gloine ó Róisín Ní Chionnfhaolaidh

Ó Rinn Ua gCuanach ó dhúchas í Róisín, ach tá sí buailte fúithi i mBaile an Sceilg le blianta fada agus ní beag an obair ghloine atá ar siúl aici, idir fhuinneoga móra ildaite agus obair choimisiúnaithe. Is seoid í an bhean seo! Tá deilbhíní beaga déanta as gloine ar fáil uaithi faoina togra ‘Báidín Bídeach’, agus is féidir iad a chur ar crochadh ag an bhfuinneog. Lonraíonn solas na gréine tríothu agus bíonn scáil aoibhinn le feiscint ar fuaid an tí.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Róisín trína leathanach Facebook chun na hearraí aoibhne seo a cheannach, a bheadh mar bhronntanas deas do leanbh dá seomra leapa, nó d’éinne a bhíonn suite cois na fuinneoige ag léamh leabhair. Braithim an suaimhneas ó na deilbhíní beaga gloine agus mé ag cuimhneamh orthu. Tosnaíonn na hearraí gloine, ar nós crosóga mara, portáin agus eile ag €25 agus tá an smugairle róin gloine ar an gceann is daoire, ag €90.

Tá a cuid earraí ar díol leis in aon siopa de chuid Original Kerry agus beidh sí i nDánlann Anja Gnauck i mBaile an Sceilg an Domhnach beag seo agus gach deireadh seachtaine ag breith suas leis an Nollaig. Seirbhís i nGaolainn bhlasta na Rinne le fáil agus tú ag plé le Róisín!

Sin iad anois iad! Bain sásamh astu!

Níos mó