Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cuig-scannan-neamhthraidisiunta-don-nollaig

Cúig scannán neamhthraidisiúnta don Nollaig

| Saoirse Ni Chiaragain |

Táimid beagnach ag deireadh 2020 – ceann de na blianta is measa riamh. Ní féidir linn a rá go fóill go mbeidh 2021 níos fearr, ach le cúnamh Dé ní beidh sí níos measa. Is cinnte nach mbeidh an Nollaig mar an gcéanna i mbliana. Beidh roinnt mhór dínn ag ceiliúradh lenár muintir ar Zoom, Skype agus FaceTime. Ach ná bí buartha, tá taitneamh mór fós le baint as scannáin Nollag.

I spiorad na Nollag aistí seo, ní dóigh liom gur cheart scannáin thraidisiúnta a mholadh. Ina n-ionad sin, seo chugaibh cúig scannán neamhthraidisiúnta do Nollaig 2020

Gremlins (1984), dir. Joe Dante

Suite i mbaile beag Meiriceánach le linn na Nollag, insítear in Gremlins scéal an déagóra Billy agus a pheata nua, Gizmo. Ach ní gnáthpheata atá ann, agus tá roinnt rialacha is gá a leanúint agus é ag tabhairt aire do Gizmo beag – ná tugtar bia dó i ndiaidh an mheán oíche, ná cuirtear faoi sholas geal é, agus ná fliuchtar é.

Is é Gremlins an scannán is sine ar an liosta seo, agus b’fhéidir gur rogha traidisiúnta é i roinnt teaghlach. Ach, leis na héifeachtaí speisialta, an greann ainrialta agus an t-uafás éadrom, seans maith ann go ndearna tú dearmad gur scannán Nollag amach is amach atá ann.

Happy Christmas (2014), dir. Joe Swanberg

Fiú go bhfuil réalta chomh cáiliúil le Anna Kendrick sa scannán seo, níl a fhios ag mórán daoine faoi agus is mór an trua é sin. Scéal réalaíoch agus suimiúil faoin aosacht, andúil agus féinamhras atá ann.

Leanann an scannán Jenny (Kendrick) agus í ag fanacht i dteach a dearthár le linn na Nollag. Is steiréitíopa foirfe an Mhílaoisigh í Jenny, gan stiúir ná aidhm cheart aici. Ach, le cabhair óna muintir, foghlaimíonn sí faoi na rudaí atá tábhachtach ina saol.

Krampus (2015), dir. Michael Dougherty

In Éirinn, bíonn ár dtraidisiúin Nollag sách gealgháireach agus bríomhar, den chuid is mó. Ach in áiteanna eile san Eoraip, bíonn rudaí beagáinín níos dorcha. Ceann de na traidisiúin is aistí ann ná an Krampus – arracht uafair na Gearmáine a itheann páistí dána.

Is é an t-arracht seo fócas an scannáin Krampus (murar thuig tú ón teideal). Insítear scéal teaghlach Meiriceánach agus a seanmháthair Ghearmánach. Nuair an insíonn sí scéal an Krampus dóibh, scaoiltear saor olc ollmhór chun an Nollaig a scrios.

Office Christmas Party (2016), dir. Josh Gordon, Will Speck

Ní beidh éinne ag cóisir oifige i mbliana. B’fhéidir go bhfuil faoiseamh ort nach mbeidh ort comhrá a beidh agat le do ceannasaí, agus sibh ag caitheamh geansaithe gránna Nollag. Ach, má tá díomá ort, seo é an scannán duit.

Insítear in Office Christmas Party scéal grúpa fostaithe agus iad ag déanamh iarrachta an chóisir is fearr riamh a cruthú chun an comhlacht a shábháil. Tá greann don scoth agus taispeántais iontacha ó Jason Bateman, Jennifer Aniston agus Kate McKinnon – ardóidh an scannán seo do spiorad agus do mheanma.

Carol (2015), dir. Todd Haynes

Bunaithe ar an leabharThe Price of Salt le Patricia Highsmith, leantar in Carol beirt bhan agus a gcaidreamh lena chéile i Meiriceá sna 1950óidí. Scéal álainn, lán mothúchán atá ann, agus an buntáiste ann go dtiteann sé amach le linn na Nollag. Cruthaíonn sé seo nach é Happiest Season an chéad scannán leispiach Nollag. 

Agus stiúrthóireacht iontach ann ó Todd Haynes, a cruthaíonn stíl na 50idí gan stró, agus taispeántais chroíbhriste ó Cate Blanchett agus Rooney Mary, seo an rogha cheart má tá fonn ort caoineadh. Tá sé ceart go leor. Bliain chrua a bhí ann. Lig amach é.

B’fhéidir nach mothaíonn na clasaicí mar an gcéanna, ach is féidir linn sult a baint as an séasúr i mbealaí difriúla. Cibé bealach atá tú chun an Nollaig a chaitheamh i mbliana, fan slán agus sásta, agus breathnaigh ar roinnt scannán maith. 

Níos mó