Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘deineadh-eagoir-orainn’-–-cas-gaelscoil-a-dunadh-de-bharr-raig-den-covid-19-pleite-leis-an-taoiseach

‘Deineadh éagóir orainn’ – cás Gaelscoil a dúnadh de bharr ráig den Covid-19 pléite leis an Taoiseach

| Tuairisc.ie |

Tá ráite ag príomhoide Gaelscoile a raibh uirthi an scoil a dhúnadh de bharr ráig den choróinvíreas go mbeadh líon na gcásanna i measc daltaí na scoile i bhfad níos ísle mura mbeadh eolas ceilte ag na húdaráis sláinte orthu.

D’oscail Gaelscoil Uí Dhrisceoil i nGleann Maghair i gcontae Chorcaí ar maidin, coicís tar éis d’Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte fógairt go mbeadh an scoil le dúnadh de bharr cásanna den Covid-19.

48 cás ar fad a deimhníodh de dheasca na ráige.

Is ar an 15 Samhain a fógraíodh an chéad chás den víreas sa scoil agus tháinig méadú ar líon na gcásanna go dtí gur fógraíodh dúnadh na scoile ar an 27 Samhain. Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin, áfach, go raibh torthaí dearfacha faighte ar thástálacha Covid-19 ag leanaí eile a bhí fós ag freastal ar an scoil.

Dúirt Príomhoide na scoile, Siobhán Ní Chatháin, go raibh “an t-uafás ceachtanna” le foghlaim ón scéal uile agus go raibh geallúintí anois faighte ag an scoil ón Taoiseach go bhfuil athruithe le déanamh ar an gcúrsa le cinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.

Agus í faoi agallamh ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an príomhoide gurb í seo an tréimhse is déine a bhí aici sa 35 bliain atá caite aici mar mhúinteoir agus mar phríomhoide.

“Níor mhaith liom go mbeadh ar aon scoil dul tríd céard atá fulaingthe againne,” arsa Ní Chatháin.

“An chéad chás a bhí againn, tharla sé ar an 15 Samhain, sin a cheapamar. Lean na cásanna ag teacht de réir a chéile ach bhí an méid sin cásanna ag teacht go rabhamar faoi bhrú millteach ar scoil.

“Faoi dheireadh, trí sheans, fuaireamar amach go raibh eolas ceilte orainn agus go raibh cásanna sa scoil a bhí dearfach agus bhíodar dearfach ón 10ú lá den mhí. Níor deineadh aon chlutharú sna cásanna sin agus bhíodar tar éis leanúint ar aghaidh ag teacht ar scoil agus b’in an fáth go raibh ar na húdaráis an scoil a dhúnadh coicís ó shin.”

17 cás a bhí deimhnithe nuair a deineadh an cinneadh an scoil a dhúnadh, ach beagnach leathchéad cás a deimhníodh sa deireadh de dheasca na ráige. Dúirt Ní Chatháin go raibh múinteoirí agus tuismitheoirí buailte go dona ag an víreas freisin.

Dúirt sí go raibh ar thuismitheoir amháin “seachtain dhiamhair” a chaitheamh san ospidéal agus í ag fulaingt go dona leis an víreas.

Chuir Ní Chatháin an chuid is mó den mhilleán ar na húdaráis sláinte agus dúirt nach mbeadh deis ag an gcoróinvíreas scaipeadh chomh forleathan sa scoil dá mbeadh an t-eolas iomlán faighte acu nuair a deimhníodh cásanna.

“Níor cheart go mbeadh cead ag aon duine eolas a cheilt ar phríomhoide nuair atá fadhb cosúil le Covid i gceist. Dá mbeadh an t-eolas roinnte liomsa mar phríomhoide nuair a bhí na cásanna ann ar an 10ú lá, ní bheadh an scoil tar éis dúnadh in aon chor. Ní bheadh 48 againn tar éis an víreas a tholgadh,” ar sí.

“Bheadh líon na gcásanna an-íseal ar fad agus bheadh an scoil in ann leanúint ar aghaidh. Ach níl seans faoin spéir ag scoil feidhmiú má tá daoine le Covid ag siúl timpeall na scoile.”

Dúirt Ní Chatháin go raibh tréimhse ama rófhada i gceist idir an t-am a fhaigheann leanbh toradh dearfach ar thástáil Covid-19 agus an t-am a chuirtear an scoil ar an eolas.

“Nuair a bhí leanaí ag fáil toradh dearfach, ní raibh an HSE ag teacht ar ais chugainn go dtí an lá ina dhiaidh,” a mhínigh Ní Chatháin.

“Leis an bhfolús ama, is féidir leis an pod nó an nead sin a bheith ar scoil . . . go dtí go gcuireann an HSE glaoch lena rá ‘Tá Covid ar leanbh X’.

“Tá tú ag brath ar thuismitheoirí chun an t-eolas a roinnt leat ach, cuid acu, ní thuigeann siad gur chóir dóibh. Tharla sé sin dúinne chomh maith, go raibh neadacha istigh agus ansin ghlaoigh an HSE le rá go bhfuil Covid ar X agus bhí na leanaí eile ar fad istigh sa rang sin.”

Dúirt Ní Chatháin go raibh sí ag labhairt amach faoin scéal chun a chinntiú nach bhféadfadh a leithéid tarlú arís.

“Ní maith liomsa glacadh le héagóir agus deineadh éagóir orainn. Caithfidh mé a rá, nuair a thuigeamar ar an 24 Samhain, an éagóir a bhí tarlaithe, dúirt mé liom féin ‘Más féidir liom aon rud a dhéanamh, caithfimid é seo a cheartú’.”

Rinne Ní Chatháin iarracht an scéal a phlé leis na húdaráis is sinsearaí sa Roinn Oideachais agus i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus, faoi dheireadh, phléigh sí an scéal leis an Taoiseach, Micheál Martin.

“D’éirigh liom labhairt leis an Taoiseach, chuir sé glaoch orm. Tá an-mheas agam ar Mhicheál Ó Máirtín mar Thaoiseach agus mar dhuine – is oideoir é, is múinteoir é, bhí sé ina aire oideachais – agus mhínigh mé dó céard a tharla agus bhí iontas air agus alltacht. Thug sé geallúint dom go raibh sé chun dul ina dhiaidh agus labhairt leis na daoine ag an leibhéal is airde.”

Dúirt Ní Chatháin go raibh sé ráite léi go mbeadh an Taoiseach ag déanamh ráitis faoin scéal an tseachtain seo agus go raibh sí muiníneach go mbeadh ceachtanna le foghlaim mar thoradh ar an scéal.

“Tá na geallúintí tugtha ag an Taoiseach agus táim dóchasach go bhfuil ceachtanna foghlamtha agus go mbeidh athruithe le feiscint go luath a bheidh ar mhaithe le scoileanna na tíre ina n-iomlán.”

Níos mó