Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-leithsceal-gafa-le-joanne-hayes-agus-a-muintir-faoi-chas-leanai-chiarrai

Leithscéal gafa le Joanne Hayes agus a muintir faoi chás Leanaí Chiarraí

| Tuairisc.ie |

San Ard-Chúirt inniu ghabh an stát leithscéal le Joanne Hayes agus a muintir faoinar tharla di i 1984 nuair a cuireadh ina leith san éagóir gur mharaigh sí naíonáin. Íocfar cúiteamh léi féin agus a muintir.

D’iarr Joanne Hayes, a deirfiúr Kathleen,  agus a beirt deartháireacha Edmund agus Michael, go ndearbhódh an chúirt nach raibh bunús ar bith le cinntí an Bhinse Fiosrúcháin agus go raibh siad mícheart. Rinne an Ard-Chúirt amhlaidh inniu.

Bhí Joanne  Hayes 25 bliain d’aois i 1984 agus í ina cónaí lena muintir i Mainistir Ó dTorna i gcontae Chiarraí nuair a fuarthas corp naíonáin fir a sádh ar an Trá Bhán i gCathair Saidhbhín, 75 míle ó bhaile.

Chuir na Gardaí dúnmharú an naíonáin i gCathair Saidhbhín i leith Joanne Hayes nuair a fuarthas amach go raibh sí ag iompar ach nach raibh aon pháiste aici. Thaispeáin Joanne do na Gardaí an áit ar adhlaic sí a maicín Shane, a bhásaigh go luath tar éis a shaolaithe agus a adhlacadh ar fheirm an teaghlaigh.

Faoi dhiancheistiú an Gharda Síochána, d’admhaigh muintir Hayes gur mharaíodar an páistín ach tharraing siad siar an admháil sin arís agus dúirt gur faoi chomhéigean na nGardaí a rinneadh na ráitis.

Caitheadh an cúiseamh in aghaidh Joanne Hayes amach sa gcúirt agus bunaíodh Binse Fiosrúcháin Leanaí Chiarraí chun iompar na nGardaí sa gcás a fhiosrú – fiosrúchán a cáineadh go géar faoin mbealach ar ceistíodh finnéithe agus líomhaintí gan fianaise a dhéanamh.

In 2018 a ghabh an Garda Síochána leithscéal le muintir Hayes as a n-iompar.

San Ard-Chúirt inniu dúirt an Breitheamh Leonie Reynolds gur “saobhadh nach raibh bun na barr leis” a bhí sa gcaoi ar caitheadh le Joanne Hayes. Dúirt sí nach raibh “aon bhunús” le cinneadh an Bhinse Fiosrúcháin faoi mhuintir Hayes agus go raibh sé “mícheart”.

D’athdhearbhaigh Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris agus an tAbhcóide Sinsir Conleth Bradley ar son an Aire Dlí agus Cirt,  a leithscéal le Joanne Hayes agus dúirt gur caitheadh go “náireach” léi.

Dearbhaíodh sa chúirt go raibh na cinntí agus na líomhaintí a rinne an Binse Fiosrúcháin i gcoinne mhuintir Hayes “gan bhunús agus mícheart”. Dúirt an tAbhcóide Sinsir Liam Reidy ar son Joanne Hayes, nach raibh aon bhunús le cinneadh an Bhinse Fiosrúcháin agus a bhuíochas do chinneadh na  hArd-Chúirte inniu go raibh ainm Joanne Hayes “glanta, rud a bhí ag teastáil uaithi go géar”.

Ghabh Joanne Hayes buíochas le muintir Mhainistir Ó dTorna agus na cairde uilig a sheas léi le 36 bliain, “a thug misneach agus dóchas dúinn nuair ba ghruama an saol”. D’iarr sí ar dhaoine ligean dóibh leanúint lena saol i measc a bpobail agus gan cur isteach ar a saol pearsanta.

Níos mó