Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-cultur-‘nimhneach’-ba-chuis-le-cinneadh-urlabhrai-gaeilge-agus-gaeltachta-an-chomhaontais-ghlais-eiri-as-an-bpairti

Cultúr ‘nimhneach’ ba chúis le cinneadh urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais éirí as an bpáirtí

| Padraic O Ciardha |

Tá ráite ag iar-urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais nach raibh baint ar bith ag a chinneadh éirí as an bpáirtí le dearcadh an pháirtí ó thaobh na Gaeilge de.

Inniu a d’fhógair Peter Kavanagh, nó Peadar Ó Caomhánaigh mar is fearr aithne ag pobal na Gaeilge air, go raibh sé ag éirí as an gComhaontas Glas.

Mhaígh Ó Caomhánaigh go raibh cultúr “nimhneach” tagtha chun cinn sa pháirtí le roinnt míonna anuas agus gurbh é sin ba chúis lena chinneadh.

Dúirt Ó Caomhánaigh, atá ina chomhairleoir contae in Áth Cliath Theas, le Tuairisc.ie gur cinneadh “an-deacair” a bhí ann an páirtí a fhágáil, go háirithe an ról a bhí aige mar a n-urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ach dúirt sé gurbh amhlaidh nach raibh sé in ann cur suas leis an meon a bhí taobh istigh den pháirtí a thuilleadh.

Is nuair a labhair sé amach i gcoinne Eamon Ryan, ceannaire an pháirtí, a thosaigh daoine sa pháirtí ag cur ina choinne, a deir Ó Caomhánaigh.

Nuair a léigh Ryan sliocht as alt ina raibh masla ciníoch sa Dáil sa Mheitheamh seo caite, dúirt Ó Caomhánaigh nach bhféadfaí glacadh lena leithéid ba chuma “cén comhthéacs” a bhí ann. Dúirt sé go mb’fhéidir gur theastaigh “oiliúint san éagsúlacht” sa pháirtí le cinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.

Is ansin a thosaigh an “nimh”, a deir Ó Caomhánaigh.

“Faraor, tá an cultúr istigh sa pháirtí tar éis athrú agus é éirithe sách nimhneach le roinnt mhaith míonna anuas,” a deir Ó Caomhánaigh. “Is polaiteoir mé, is duine poiblí mé, is duine aitheanta mé agus tá taithí mhaith agam ar dhaoine a bheith do mo cháineadh nó a bheith ceanndána liom ach, le cúpla mí anuas, d’athraigh an tuin ón cheanndánacht sin go dtí nimh agus déistin.”

Dúirt Ó Caomhánaigh go ndearnadh bagairtí air agus cé go ndearnadh roinnt iarrachtaí an fhadhb a réiteach, mheas sé nach raibh sé in ann leanúint air mar bhall den pháirtí.

“Mheasas nach raibh aon todhchaí agamsa sa pháirtí agus nach mbeadh mé in ann seasamh leis an méid a bhí ar siúl acu taobh istigh den Rialtas, go háirithe nuair a bhí sé ag éirí chomh deacair aon cháineadh nó ceistiú a dhéanamh go hinmheánach.”

Ceapann Ó Caomhánaigh go bhfuil neamhaird déanta ag ceannasaíocht an pháirtí ar an bhfadhb mar go bhfuil siad chomh dírithe sin ar an gcomhrialtas.

Is é Peadar Ó Caomhánaigh an ceathrú comhairleoir atá tar éis éirí as an gComhaontas Glas le tamall anuas. Lorna Bogue, Sophie Nicoulland agus Liam Sinclair an triúr eile.

Cé nach n-aontaíonn sé le cur chuige an pháirtí sa Rialtas, deir Ó Caomhánaigh go bhfuil an Comhaontas Glas tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta.

“Agus mé ag éirí as, dúirt mé gur thaispeáin Catherine Martin go dtí seo gurb í an tAire is tiomanta agus is díograisí atá ag an nGaeltacht ó bhí Micheál D. Ó hUigínn ina aire agus tá mé an-dóchasach ar fad go mbeidh sí in ann éacht a dhéanamh.

“Bhí sé an-deacair ar fad domsa éirí as an bpáirtí mar go raibh an ról agam mar urlabhraí don Ghaeilge agus do ghnóthaí Ghaeltachta. Bhí sé sin an-tábhachtach domsa agus b’fhéidir gurb é sin an chúis gur fhan mé chomh fada agus a d’fhan.

“Táim an-mhórtasach as gach rud atá Catherine [Martin] ach go háirithe a dhéanamh ar son na Gaeilge agus táim an-chinnte go n-éireoidh léi éacht a dhéanamh taobh istigh den Rialtas seo.”

Deir Ó Caomhánaigh, atá ar dhuine de bhunaitheoirí an Pop-Up Gaeltacht, go mbeidh sé ag díriú anois ar a chuid oibre ar son mhuintir an cheantair.

“Bhí rún agam an mhí seo caite Coiste na Gaeilge a bhunú anseo i gComhairle Chontae Átha Cliath Theas. Leanfaidh mé liom ar an obair sin agus ar an bplean forbartha don chontae agus déanfaidh mé mo seacht ndícheall ar son mhuintir Chluain Dolcáin agus na bailte eile sa cheantar, mar sin an jab atá agam anois mar chomhairleoir neamhspleách.”

Níos mó