Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
drama-gaeilge-ar-an-ngearrliosta-do-ghradam-bbc-<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>

Dráma Gaeilge ar an ngearrliosta do Ghradam BBC

| Maitiu O Coimin |

Tá an dráma Gaeilge Leaba an Bháis, leis an scríbhneoir Darach Mac Con Iomaire, ar an ngearrliosta sa rannóg ‘Drama Eorpach Is Fearr’ ag Gradaim Closdrámaíochta BBC. 

Dráma dúghrinn é Leaba an Bháis a craoladh ar an gclár Drama On One ar RTÉ Radio One i mí Mhárta na bliana seo caite. Insítear ann scéal Frank, fear a thit de dhíon an tí agus atá i gcóma agus siondróim iniata air. Cloistear chuile shórt mar a chloiseann Frank é – na comhráite a bhíonn ag a mhuintir ina thimpeall, caint na n-altraí agus na dochtúirí – agus gan a fhios ag na daoine eile sa seomra gur féidir le Frank iad a chloisteáil. 

I measc na n-aisteoirí a ghlac páirt sa dráma bhí Colm Joe Mac Donncha i ról Frank féin, Sorcha Ní Chéide, Eoin Ó Dubhghaill, Fionnuala Gygax, Seán Bán Breathnach, Cormac Ó hEadhra, Sinéad Ní Uallacháin agus Razib Chatterjee. 

Ba é Darach Mac Con Iomaire a scríobh agus a stiúir an dráma, Damian Chenell agus Gar Duffy a bhí i mbun fuaime. Ghnóthaigh an dráma an gradam don dráma is fearr in Éirinn ag Gradaim IMRO anuraidh, an chéad uair a bronnadh an gradam sin ar dhráma Gaeilge. 

“Tá an-áthas orm faoin ainmniúchán seo ar ghearrliosta an BBC, tá muid sa rannóg Eorpach do dhrámaí agus tá sé go deas aitheantas a fháil i measc teangacha eile na hEorpa as caighdeán an tsaothair — tá muid san iomaíocht le saothair as an gCróit agus Poblacht na Seice —  in áit a bheith ar liosta díreach mar gheall gur i nGaeilge a scríobhadh é,” a dúirt Darach le NÓS. 

Is fearr an aithne atá ag pobal na Gaeilge ar Dharach Mac Con Iomaire mar scríbhneoir stáitse agus scáileáin. Go deimhin, seo an chéad dráma a scríobh sé don raidió. Dúirt sé gur “ceird iomlán éagsúil” é a bheith ag scríobh don chluas amháin. 

“Tá go leor oibre i gceist leis an raidió. Cé nach bhfuil seit ná cultacha i gceist, tá an dearadh fuaime an-tábhachtach agus tá an obair a rinne Damian Chennell iontach. Duine ar bith a éistfidh leis an dráma, tuigfidh siad an obair mhór a chuaigh isteach sa dearadh don fhuaim agus cé chomh casta is atá sé an t-atmaisféar a chruthú tríd an bhfuaim amháin. 

“Stiúir mé dráma raidió cúpla bliain ó shin, ach seo an chéad cheann a scríobh mé. Tá sé an-difriúil, idir an gaol atá ag aisteoir leis an micreafón agus na teicnící atá ag teastáil le tú féin a chlúdach mar stiúrthóir agus a chinntiú go bhfuil gach rud agat. Caithfidh tú gach rud a chruthú, is ceird iomlán éagsúil atá ann agus í thar a bheith cruthaitheach mar cheird. Tá an ealaín a bhaineann leis an foley iontach – d’fhéadfá a bheith i do shuí go dtí a trí a chlog ar maidin ag iarraidh an fhuaim cheart a aimsiú,” a dúirt sé. 

Tá dráma eile á scríobh i láthair na huaire ag Darach do Drama On One. Dúirt sé go dtógann sé go leor ama dráma raidió a chruthú, ó chéim na scríbhneoireachta go lae an chraolta, ach gur buntáiste mór é gur buaine na drámaí raidió ná na drámaí stáitse. 

“Tógann sé am, ach an buntáiste a bhí againn ag obair in RTÉ ná go raibh muid in ann teacht ar ais arís agus arís eile agus barr feabhais a chur air. Má bhíonn an script go maith agus an chliar go maith, beidh an dráma go maith ach an t-am a thabhairt dó. Buntáiste eile leis seo thar obair stáitse ná go maireann sé i bhfad. Nuair a dhéantar dráma stáitse, cuirtear ar an stáitse é, feictear é, agus imíonn sé,” a dúirt sé. 

Cé go ndearnadh Leaba an Bháis sular tháinig an chéad ráig den víreas corónach go hÉirinn, dúirt Darach go gceapann sé go bhfeileann múnla an dráma raidió go mór don saol le linn na paindéime. 

“An rud a bheadh uait ná go mbeadh na haisteoirí uilig in aon stiúideo le chéile, ach tá sé i bhfad níos indéanta dráma raidió a thaifead ó láithreacha éagsúla, nó ar líne fiú. An dúshlán ba mhó a bhí ann d’ealaíontóirí le linn Covid ná cén chaoi saothrú a bhaint as an idirlíon. Tá sé thar a bheith deacair, agus caithfidh athrú meoin teacht ar an bpobal go mbeidh siad sásta íoc as ábhar a líne – bheidís ag íoc dá mbeidís in amharclann. Ach sin agat saol an ealaíontóra – agus dul ó chrisis amháin go crisis eile!” a dúirt sé. 

Fógrófar buaiteoirí Ghradaim Closdrámaíochta BBC i mí an Mhárta. Is féidir éisteacht le Leaba an Bháis anseo. 

Níos mó