Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-moladh-fineail-e5,000-a-thabhairt-isteach-d’fhostoiri-a-chuirfeadh-cosc-ar-an-ngaeilge

Moladh fíneáil €5,000 a thabhairt isteach d’fhostóirí a chuirfeadh cosc ar an nGaeilge

| Tuairisc.ie |

Gearrfar fíneáil €5,000 ar aon fhostóir a chuirfeadh cosc ar oibrí an Ghaeilge a labhairt san ionad oibre má ghlactar le leasú atá molta ag roinnt Teachtaí Dála ar an acht teanga.

Cuirfear tús amárach sa Dáil leis an gcéad chéim eile d’aistear an bhille teanga trí Thithe an Oireachtais nuair a thosóidh Teachtaí Dála choiste na Gaeilge a gcuid plé faoin 300 leasú atá molta chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a neartú.

De réir ceann de na leasuithe sin, atá molta ag na Teachtaí Dála Catherine Connolly agus Bríd Smith, ní bheadh cead ag “aon fhostóir cosc a chur ar aon fhostaí dá chuid nó dá cuid an Ghaeilge a labhairt nó a scríobh nó an leagan Gaeilge de logainm Éireannach a rá nó a scríobh” agus iad i mbun a gcuid oibre.

De réir an leasaithe, sa chás go gcinnfeadh an Coimisinéir Teanga go raibh sárú déanta ag fostóir ar an dlí nua, d’fhéadfaí fíneáil €5,000 a ghearradh orthu de réir an leasaithe.

Díol spéise an leasú seo chomh maith mar gur iarracht atá ann comhlachtaí poiblí a thabhairt faoi scáth na reachtaíochta teanga den chéad uair.

Bhí ceist úsáid na Gaeilge san ionad oibre go mór i mbéal an phobail roinnt blianta ó shin nuair a d’éirigh oibrí beáir i dteach tábhairne mór le rá i gcathair Chorcaí as a phost tar éis dó rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt agus é ar dualgas.

In 2016 tharla easaontas idir Cormac Ó Bruic, ó Chorca Dhuibhne, agus úinéirí theach tábhairne an Flying Enterprise mar gheall ar nós an fhir óig a theanga dhúchais a labhairt agus é i mbun oibre.

Níl aon ní i reachtaíocht chomhionannais nó teanga na hÉireann a chuirfeadh bac ar fhostóir cosc a chur ar Ghaeilge sa láthair oibre. Faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, níl an teanga atá ag duine nó grúpa luaite i measc na “bhforas idirdhealaitheach’.

De réir na míre san Acht ina leagtar amach na forais sin, bíonn leithcheal i gceist más rud é go ndéantar idirdhealú idir daoine ar bhonn inscne, stádas pósta, teaghlaigh, gnéaschlaonta, creidimh, aoise, míchumais, cine, nó más duine den Lucht Siúil atá i gceist.

Níl aon ní ach an oiread i reachtaíocht teanga na hÉireann a chuireann bac ar fhostóir cosc a chur ar an nGaeilge, cé go mbeadh a leithéid d’éileamh i gcoinne an dlí i ndlínsí eile, Ceanada agus an Bhreatain Bheag, mar shampla.

Dar le saineolaithe áirithe gur chóir a bheith cúramach faoin dlí comhionannais a leasú chun cearta teanga a chur san áireamh ar eagla go gcuirfí as don stádas bunreachtúil atá ag an nGaeilge mar phríomhtheanga an stáit.

Cuirfear tús le Céim an Choiste den Bhille Teanga amárach i seomra na Dála.

Shocraigh Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, Aengus Ó Snodaigh an tseachtain seo caite go reáchtálfaí cruinnithe an Roghchoiste i seomra na Dála an mhí seo toisc nach féidir teacht le chéile i seomraí na gcoistí de bharr na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm i dTithe an Oireachtais faoi láthair. 

Meastar go mbeidh an Roghchoiste in ann dhá chruinniú dhá uair an chloig a bheith acu sa Dáil gach Aoine. Bheadh briseadh idir an dá chruinniú chun cloí leis na srianta.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh roimhe seo go mbeadh obair mhíosa i gceist na leasuithe ar fad atá molta – tá breis agus 300 acu ann – a phlé.

Baineann cuid mhaith de na leasuithe le stádas na Gaeilge a neartú sa saol poiblí agus ar chomharthaí bóthair, foirmeacha oifigiúla agus fógraí.

Tá leasuithe molta ag go leor Teachtaí Dála a chinnteodh go mbeadh seirbhísí Gaeilge ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ó chomhlachtaí poiblí.

Ag Oireachtas na Samhna 2011, a d’fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta Dinny McGinley go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is mó moill a cuireadh ó shin ar an reachtaíocht nua atá le tabhairt isteach chun dualgais a leagan ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge

Níos mó