Deir seisear Airí Rialtais nach bhfuil oiread agus post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine chun é a dhéanamh.
De réir anailís nua atá déanta ag Tuairisc.ie, as an mbeagnach 25,000 post atá sa státseirbhís, níl ach 88 post ann a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo, 38 post i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara san áireamh.
De réir na hanailíse ar na freagraí a tugadh ar shraith ceisteanna Dála a chuir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ar na hairí éagsúla, níl an Ghaeilge riachtanach do phost ar bith in ocht gcinn de 18 roinn Rialtais.
Tá an ocht roinn sin faoi chúram an tseisir airí a dúirt nach raibh oiread agus post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine chun é a dhéanamh.
Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo nár bhain riachtanas Gaeilge ach le post amháin as gach 500 folúntas a líonadh sa státseirbhís le trí bliana anuas.
Tá na figiúirí nua seo á bhfoilsiú againn tráth a bhfuil na hairí céanna ag tacú le bille teanga nua ina ngealltar go mbeidh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí faoi cheann deich mbliana.
Is iad na ranna sin nach bhfuil aon phost ‘Gaeilge’ iontu ná An Roinn Airgeadais; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Cosanta (i Roinn an Taoisigh); an Roinn Coimirce Sóisialaí; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (atá sa Roinn Coimirce Sóisialaí) agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach as cúrsaí earcaíochta na státseirbhíse, earcú daoine a bhfuil Gaeilge acu san áireamh.
De réir na bhfigiúirí nua, níl ach 0.35% de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh.
Tá formhór mór na bpost ‘Gaeilge’ sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán. Tá 67 post a bhfuil riachtanas Gaeilge leo sa roinn sin agus tá 38 acu sin lonnaithe in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara.
Nuair a chuirtear na poist sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán as an áireamh, níl ach 21 post eile a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo sa 17 roinn Rialtais eile. Is ionann sin agus 0.09% de na poist uile sa státseirbhís.
Tá an Tánaiste agus Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta Leo Varadkar ar dhuine de na hairí a dúirt nach raibh post ar bith ina roinn a raibh an Ghaeilge riachtanach lena aghaidh. 993 duine atá ag obair sa Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta i láthair na huaire. Dúirt an tAire Varadkar gur “éileamh íseal” ar sheirbhísí Gaeilge is cúis le gan aon phost a bheith ina roinn a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis.
“Mar gheall ar éileamh íseal ar sholáthar seirbhíse do chustaiméirí trí Ghaeilge i mo Roinn, níor aithníodh aon phost ainmnithe ina bhfuil cumas Gaeilge mar réamhriachtanas,” a dúirt an Tánaiste.
Dúirt an tAire Varadkar go raibh ochtar ball foirne sa roinn i mbun staidéir don Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil nó go raibh an teastas sin bainte amach acu in 2020 agus go raibh seisear eile cláraithe chun tabhairt faoin teastas sin i mbliana. Ach d’uireasa aon riachtanais is ar bhonn deonach a chuirfeadh na daoine sin seirbhís ar fáil i nGaeilge.
Cé go bhfuil 6,766 duine fostaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, níl oiread agus post amháin sa roinn a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh.
Dúirt an tAire Heather Humphries go raibh cinneadh déanta ag an roinn gur fearr seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil i gceantair áirithe “de rogha ar an nGaeilge a theorannú do phoist áirithe”.
Dúirt an tAire Humphries go raibh seirbhís ghutháin agus seirbhís “aghaidh ar aghaidh” trí mheán na Gaeilge ar fáil in oifigí na roinne sa Ghaeltacht in Acaill, i mBéal an Mhuirthead, ar an gClochán Liath agus sa Daingean.
Tugadh le fios go raibh 190 duine ar fad sa roinn, 2.8% de na fostaithe uile, in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil agus dúirt an tAire Humphries go bhfuil sí cinnte go bhfuil dóthain foirne ar fáil chun freastal ar na hiarratais ar sheirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Taobh amuigh den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán, is sa Roinn Oideachais agus sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara is mó atá poist a bhfuil Gaeilge ina riachtanas dóibh. Tá sé phost as an 1,408 post sa Roinn Oideachais a bhfuil líofacht sa teanga luaite mar riachtanas leo agus sé phost atá sa Roinn Talmhaíochta, roinn ina bhfuil 3,745 duine fostaithe.
Thug an tAire Oideachais Norma Foley le fios chomh maith go bhfuil 26 síceolaí oideachais fostaithe ag a roinn a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus go raibh 58 cigire bunscoile, 11 cigire iarbhunscoile agus triúr cigirí naíonraí fostaithe ag an roinn chun obair chigireachta agus seirbhísí comhairleacha trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.
Dúirt cuid mhór de na hairí eile go raibh roinnt daoine ina ranna a raibh Gaeilge acu agus a bhí sásta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ‘nuair is gá’.
Ba í an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an t-aon roinn rialtais nach raibh in ann figiúirí a chur ar fáil maidir le poist a raibh riachtanas Gaeilge leo ná a rá cé mhéad Gaeilgeoir atá fostaithe sa roinn.
Aistríodh feidhmeanna agus soláthar foirne na roinne sin ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar an 1 Eanáir 2020, agus tá Scéim Teanga nua á hullmhú agus níl sonraí an tsoláthair teanga ar fáil go fóill.
Tugadh le fios go bhfuil “socrú” déanta ag an roinn sin leis an Roinn Oideachais le glaonna i nGaeilge a fhreagairt más gá.
Roinn | Poist Ghaeilge | Poist Iomlána |
---|---|---|
Roinn an Taoisigh | 2 | 224 |
Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide | 1 | 415 |
Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta | 0 | 1,269 |
Roinn Cosanta | 0 | 358 |
Roinn Coimirce Sóisialaí | 0 | 6,766 |
Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige | 0 | 378 |
Roinn Dlí agus Cirt | 1 | 2,526 |
Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta | 0 | 993 |
Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail | 0 | 200 |
Roinn Iompair | 1 | 537 |
Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe | 0 | 2,285 |
Roinn Gnóthaí Eachtracha | 3 | 2,386 |
Roinn Oideachais | 6 | 1,408 |
Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta | N/A | 157 |
Roinn Sláinte | 1 | 589 |
Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara | 6 | 3,745 |
An Roinn Airgeadais | 0 | 321 |
Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán | 67 | 347 |