Beidh polaiteoirí, gníomhaithe pobal agus lucht léinn ina measc siúd a bheidh ag déanamh cur i láthair mar chuid de shraith nua cainteanna faoi chúrsaí Gaeltachta a gcuirfear tús léi an tseachtain seo chugainn.
‘Teacht Aniar na Gaeltachta’ an teideal atá ar an tsraith cainteanna atá á eagrú ag an ngrúpa Teacht Aniar.
Tá sé i gceist naoi gcaint a reáchtáil idir seo agus tús mhí Aibreáin, ceann in aghaidh na seachtaine. Reáchtálfar na cainteanna ar líne ar an gcóras Zoom.
Beidh trí mhórthéama leis an tsraith – an pholaitíocht, cúrsaí éiceolaíochta agus cúrsaí reatha sa Ghaeltacht.
Is é an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, sochtheangeolaí agus údar, an chéad aoi a bheidh i mbun cainte agus cur i láthair dar teideal ‘Smacht an Stáit, smacht ar strae’ á dhéanamh aige Déardaoin na seachtaine seo.
Tá an tOlllamh Michael Cronin, Donncha Ó hÉallaithe, Sorcha Ní Chéilleachair, Seosamh Ó Cuaig agus na Teachtaí Dála Mairéad Farrell agus Marc Ó Cathasaigh ina measc siúd a bheidh i mbun cainteanna sna seachtainí amach romhainn.
Tionólfar na cainteanna gach Déardaoin idir 7.00pm agus 8.00pm. Déanfar cur i láthair thart ar 20 nóiméad ar dtús agus déanfar plé ar an gcur i láthair ansin ina dhiaidh sin.
Is féidir clárú chun a bheith i láthair anseo.