Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-treoirlinte-faoi-conas-cursai-a-reachtail-le-linn-na-paindeime-a-n-ullmhu-do-cholaisti-samhraidh 

Treoirlínte faoi conas cúrsaí a reáchtáil le linn na paindéime á n-ullmhú do choláistí samhraidh 

| Tuairisc.ie | ,

Tá treoirlínte á n-ullmhú ag Roinn na Gaeltachta i láthair na huaire chun cabhrú le coláistí samhraidh na Gaeltachta cúrsaí a reáchtáil an samhradh seo sa chás go mbeadh a leithéid ceadaithe.

Ceann de na féidearthachtaí atá á scrúdú ná go mbeadh cead ag na coláistí cúrsaí a reáchtáil ach go mbeadh níos lú daltaí ag freastal orthu agus líon níos lú daltaí á gcoinneáil ag mná tí.

Meastar fiú má bhíonn cead ag na coláistí samhraidh cúrsaí á reáchtáil i mbliana go bhféadfadh deacrachtaí lóistín a bheith acu sa chás go mbeadh mná tí amhrasach faoi dhaltaí a choinneáil.

Bheadh mná tí ag súil freisin le cúiteamh a fháil dá mbeadh líon níos lú daltaí ná mar is gnáth ceadaithe agus dá mba ghá ullmhúcháin speisialta a dhéanamh.

Deir an Roinn nach féidir a bheith cinnte go fóill an mbeidh na cúrsaí in ann dul ar aghaidh “ar an ngnáthbhealach” i mbliana ach deir siad go bhfuil treoirlínte speisialta Covid-19 á réiteach ag comhairleoirí sláinte chun cuidiú le lucht na gcoláistí – oidí, daltaí agus mná tí, sa chás go mbeadh cead na cúrsaí a reáchtáil i mbliana.

Cuireadh na cúrsaí samhraidh ar ceal anuraidh ar fud na Gaeltachta mar thoradh ar an bpaindéim agus, cé go bhfuil daoine ag clárú cheana do chúrsaí 2021 cheana féin, tá lucht na gcoláistí samhraidh ag fanacht ar chomhairle ón Roinn.

Bhí cruinniú idir comhairleoirí na Roinne agus lucht na gcoláistí an mhí seo caite agus tá Roinn na Gaeltachta ag súil go bhfoilseofar na treoirlínte “sna seachtainí seo romhainn”.

“Aithníonn an Roinn go bhfuil sé thar a bheith dúshlánach do na coláistí Gaeltachta agus iad ag iarraidh a bheith ag pleanáil chun cinn don bhliain seo amach romhainn, go háirithe agus cúrsaí COVID-19 ag athrú go síoraí agus imithe in olcas go deimhin le roinnt seachtainí anuas,” a dúirt urlabhraí ón Roinn.

Dúradh go raibh comhairleoirí sláinte agus sábháilteachta fostaithe ag an Roinn chun cuidiú leis na coláistí samhraidh lena gcuid ullmhúchán. Cinnteoidh na treoirlínte atá á n-ullmhú go mbeidh an cur chuige i leith na gcoláistí samhraidh “ag teacht go hiomlán” le plean cúig leibhéal Rialtais chun dul i ngleic leis an Covid-19. Cuirfidh na treoirlínte san áireamh na srianta éagsúla agus an chomhairle sláinte atá i bhfeidhm i dtaobh chúrsaí oideachais, taistil, imeachtaí, lóistín agus cuairteoirí.

“Tabharfar deis do na hionadaithe ionchur a bheith acu ach dréacht-treoirlínte a bheith réitithe. Tá an obair seo ag dul ar aghaidh agus súil againn an próiseas seo a thabhairt go ceann scribe sna seachtainí seo romhainn le go mbeidh cinnteacht ag na coláistí agus iad ag pleanáil don bhliain seo romhainn,” arsa urlabhraí na Roinne. 

Freastalaíonn os cionn 26,000 scoláire ar choláistí samhraidh na Gaeltachta gach bliain de ghnáth agus cuireann 700 teaghlach lóistín ar fáil do na coláistí.

Íocadh €4.7 milliún le coláistí samhraidh agus mná tí anuraidh mar chúiteamh ar chur ar ceal na gcúrsaí.

Deir an Roinn go bhfuil súil acu go mbeidh cúrsaí ann an samhradh seo ach gur cheart do lucht na gcoláistí úsáid a bhaint as na tacaíochtaí atá curtha ar fáil ag an Rialtas idir an dá linn.

“Tá súil ag an Roinn go mbeidh cúrsaí ag dul ar aghaidh go sábháilte an samhradh seo ach ní féidir a bheith cinnte ag an bpointe seo an mbeidh nó nach mbeidh na cúrsaí ag dul ar aghaidh ar an ngnáthbhealach i mbliana de bharr COVID-19.” 

Meastar gur fiú €50 milliún tionscal na gcoláistí samhraidh do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre. 

Níos mó