Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-1,318-cas-nua-fogartha,-laghdu-leanunach-ag-teacht-ar-lion-na-n-othar-sna-hospideil

1,318 cás nua fógartha, laghdú leanúnach ag teacht ar líon na n-othar sna hospidéil

| Tuairisc.ie | ,

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 75 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris,

Deimhníodh 1,318 cás nua den ghalar, rud a fhágann go bhfuil breis is 200,000 cás Covid-19 deimhnithe sa stát ó thús na paindéime.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, go raibh “cloch mhíle shuntasach ghruama” eile sroichte againn.

“Caithfimid ar dhá ndícheall a dhéanamh agus scaipeadh an ghalair sa bpobal a chur faoi chois,” a dúirt sé.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go mbeadh líon na gcásanna níos airde sna laethanta romhainn mar go rabhthas tosaithe arís ar ghartheagmhálaithe a thástáil. Níor chóir go mbeadh díomá ar dhaoine faoi sin, a deir sé. Údar misnigh atá i ráta atáirgthe an ghalair faoi láthair, a dúirt sé.

“An-dea-scéal is ea é go léiríonn ár meastacháin go bhfuil an uimhir R i bhfad faoi bhun a haon – thart ar 0.5–0.8,” a deir an tOllamh Nolan.

“Tá cúpla seachtain chrua romhainn agus muid ag iarraidh líon na gcásanna in aghaidh an lae a thabhairt anuas faoin 1000 agus an chuma air nach bhfuil an dul chun cinn chomh maith agus a bhí. Is tábhachtaí anois ná riamh leanúint leis na hiarrachtaí agus na huimhreacha a thabhairt anuas chomh híseal le Meitheamh agus Iúil na bliana seo caite.”

1,284 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil tráthnóna. Bhí 188 acusan in aonad dianchúraim, síos ó 203 inné.

Dúirt an tOllamh Nolan go raibh laghdú leanúnach tagtha ar líon na ndaoine atá á gcur sna hospidéil le Covid-19. Dúirt sé go bhfuil líon na ndaoine atá i dtuilleamaí cúram ospidéil tite go dtína leath ó thús mhí Eanáir.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, gur “maith is eol dúinn” gurb iad na daoine os cionn 70 bliain d’aois is mó a d’fhulaing de bharr an Covid-19 agus gur daoine san aoisghrúpa sin is mó a chuir an galar den saol”.

Ach údar dóchais a bhí sna vacsaíní, a dúirt an Dr Holohan.

“Tá Éire i gcaoi mhaith anois; tá ar ár gcumas vacsaíní atá an-éifeachtach agus sábháilte a thairiscint do na daoine sin.”

“Tá sé léirithe gurb iad na vacsaíní mRNA atá ceadaithe in Éirinn, cinn Pfizer/BioNTech agus Moderna, is éifeachtaí agus is iad sin na vacsaíní cearta leis an gcosaint is fearr a thabhairt do dhaoine a bhfuil an 70 bliain sáraithe acu.”

An cineál nua den víreas a aimsíodh i Sasana i dtosach is cúis le 75% de na cásanna sa stát anois.

Bhain 122 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 93 cás a bhí i nGaillimh agus 68 cás a bhí i gcontae na Mí. 40 cás nua a bhí i bPort Láirge, 36 cás a bhí i nDún an nGall, 27 cás a bhí i Maigh Eo agus 20 cás a bhí i gCiarraí.

Bhain 428 den 1,318 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite faoi bhun 400 – ráta 397 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát atá i gceist anois.

Ráta 613 atá i bPort Láirge, an dara ráta coicíse den ghalar is airde sa stát.

Ráta 442 a bhí i Maigh Eo, 411 a bhí i gcontae na Mí agus 375 a bhí i nGaillimh. Ráta 338 a bhí i nDún na nGall, 324 a bhí i gCorcaigh agus 184 a bhí i gCiarraí.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt, 412 cás nua a deimhníodh inniu. Fógraíodh go bhfuil deichniúr eile básaithe sa Tuaisceart de dheasca an ghalair.

Tá 671 othar in ospidéil an Tuaiscirt a bhfuil Covid-19 orthu agus tá 68 acusan in aonad dianchúraim.

Idir 0.75 agus 0.85 atá ráta atáirgthe an ghalair, nó an uimhir R, i dTuaisceart Éireann i láthair na huaire.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag breis is ceathrú milliún duine i ó thuaidh den teorainn go dtí seo. Tá an chéad dáileog faighte ag 263,735 duine agus an dara dáileog faighte ag 25,539.

306,381 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 200,744 cás ó dheas den teorainn agus 105,637 cás ó thuaidh di.

5,584 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,685 duine ó dheas den teorainn agus 1,899 duine ó thuaidh di.

Níos mó