Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-cas-na-gcolaisti-samhraidh,-cursai-tithiochta-agus-musaem-don-ghaeilge-le-ple-ag-ard-fheis

Cás na gcoláistí samhraidh, cúrsaí tithíochta agus músaem don Ghaeilge le plé ag Ard-Fheis

| Tuairisc.ie |

Tá todhchaí na gcoláistí samhraidh, cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, músaem don Ghaeilge agus ‘frith-Ghaelachas’ RTÉ i measc na n-ábhar atá le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo.

Reáchtálfar an Ard-Fheis ar líne den chéad uair riamh amárach, Dé Sathairn, agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin a chuirfidh tús le himeachtaí an lae ag 10am.

Tá breis is dhá scór rún ar fad le plé ag Ard-Fheis na bliana seo agus reachtaíocht teanga, cúrsaí oideachais agus infheistíocht sa Ghaeilge i measc na n-ábhar atá ar an gclár.

Luaitear i rún atá curtha chun cinn ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer, go bhfuil todhchaí na gcoláistí samhraidh i mbaol agus gur gá plean straitéiseach a chur le chéile

chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá san earnáil. Éilítear sa rún go mbunódh Roinn na Gaeltachta tascfhórsa chun an plean seo a chur le chéile agus a fheidhmiú.

Cuireadh na coláistí samhraidh Gaeilge ar fud na tíre ar ceal anuraidh de bharr na paindéime agus tá éiginnteacht ann go fóill maidir lena bhfuil i ndán dóibh an samhradh seo. Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil siad ag ullmhú treoirlínte do choláistí samhraidh i láthair na huaire ach go gcaithfear beannacht NPHET a fháil sula bhfoilseofar iad.

Tá rún eile a bhaineann leis na coláistí samhraidh molta ag Craobh Ghaeil na Gaeilge Gaelaí ina ndeirtear gur cheart do Chonradh na Gaeilge stocaireacht a dhéanamh chun go mbeidh deis ag gach dalta meánscoile sa tír, thuaidh agus theas, freastal ar chúrsa Gaeltachta amháin saor in aisce.

Molann rún eile go n-aithneofaí go bhfuil géarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta agus nach bhfuil daoine ón nGaeltacht ina ann tithe a cheannach ina gceantar dúchais.

Sheol Conradh na Gaeilge polasaí náisiúnta faoin bpleanáil sa Ghaeltacht mí na Samhna seo caite inar mhol siad gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht.

Moltar i gceann eile gur cheart do Chonradh na Gaeilge oifig a bhunú sa Ghaeltacht.

Pléifear chomh maith rún ó Chraobh na nAirne ina ndeirtear gur cheart músaem agus leabharlann a bhunú don Ghaeilge. Deirtear go bhféadfadh sé a bheith ina chartlann nó teanglann don Ghaeilge agus gach leabhar, nuachtán, is lámhscríbhinn sa teanga a bheith coimeádta ann.

I measc na rún eile a phléifear, molann ceann amháin go gcuirfeadh an Rialtas deireadh le maoiniú RTÉ de dheasca “ábhar frithGhaelach” a bheith á chraoladh ag an gcraoltóir náisiúnta.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuiltear ag súil go mbeidh reachtaíocht teanga úr ann ó dheas agus ó thuaidh sula fada.

“Tá ceisteanna móra maoinithe agus polasaithe ann don nGaeltacht a bheas lárnach i gclár Ard-Fheis na bliana seo.

“Tá muid ag súil go mór leis an díospóireacht, leis an gcur agus cúiteamh agus leis na dúshláin úra atá i ndiaidh a theacht chun cinn a cheistiú agus a chíoradh de réir mar a bheartaíonn muid an bealach is fearr chun tosaigh san am atá le teacht.”

Bronnfar chomh maith inniu Gradam an Uachtaráin ar an amhránaí Seán Ó Sé as ceantar Bheanntraí i mBéarra. Bronntar an gradam ar dhuine a bhfuil éachtaí bainte amach acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Is mór an onóir dúinn Gradam na bliana seo a bhronnadh ar Sheán Ó Sé,” a dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Tá a shaol caite ag Ó Sé, atá 85 bliain d’aois, ag obair ar son na Gaeilge agus na n-ealaíon. Tá clú agus cáil air as an méid atá bainte amach aige thar na blianta fada lena chuid amhránaíochta, ach go háirithe. Is mór an meas atá tarraingthe aige ar ár gcultúr dúchais agus ar an nGaeilge. Gura fada buan é.”

Beidh fáil ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar líne trí Zoom agus beidh sí á craoladh beo ar Facebook agus YouTube an Chonartha. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Níos mó