Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-cuig-rud-nach-raibh-ar-eolas-agat-faoi-naomh-brid

Cúig rud nach raibh ar eolas agat faoi Naomh Bríd

| Aedin Ni Thiarnaigh |

“Téigí ar bhur nglúine agus osclaigí bhur súile is ligigí isteach Bríd”;

Rann a deirtí i gcontae Mhaigh Eo chun fáilte a chur roimh Bhríd naofa ar oíche a féile – an 31 Eanáir. 

Ní lia braon san fharraige ná gnásanna a bhaineann le Ban-aomh na hÉireann agus a dtraidisiúin féin ag beagnach gach paróiste sa tír le hómós a léiriú di. 

Ainneoin a bhfuil ar eolas agat faoi Bhríd naofa cheana, idir a carthanacht agus a crosa, baineann oiread seanchais eile léi a bhfuil an mhórchuid againn aineolach air, na nithe seo a leanas san áireamh:


Naomh Bríd, “Muire na nGael”

I roinnt áiteanna in Éirinn, ní “Naomh Bríd” a chloisfidh tú ach “Muire na nGael”, agus daoine ag tagairt don bhan-naomh. Tá oiread ceana ag muintir na hÉireann ar Bhríd leis na gcianta, gur gheall leo gur Maighdean Muire dár gcuid féin a bhí inti agus bronnadh an teideal seo uirthi dá bharr. 

Naomh aonsúileach

Tá clú agus cáil ar Naomh Bríd mar gheall ar a gheanasaí is a bhí sí. Níl aon scéal ina léirítear tréith seo an bhan-naoimh chomh soiléir ná an cuntas ar an lá a bhí athair Bhríde ag súil le cleamhnas a dhéanamh di. Bhí Bríd ina hógbhean álainn ag an am ach gan fonn pósta uirthi mar gheall go raibh sí ag iarraidh a saol a thabhairt do Dhia. Le cinntiú nach rachadh an cleamhnas ar aghaidh, sciob sí ceann dá súile glan amach as a ceann, chun a háilleacht a scriosadh. Dar ndóigh, ba fhíordheacair dá hathair cleamhnas a shocrú di ina dhiaidh sin agus d’éirigh le Bríd a mian a bhaint amach. 

Cumhacht Bhrat Bhríde

Oíche Fhéile Bríde, tá nós ann go bhfágtar píosa éadaigh ar leac an dorais — ribín, stráice síoda nó blaincéad. Creidtear go mbeannaíonn Naomh Bríd na nithe seo san oíche agus í ag taisteal thar bráid an tí. Ón oíche sin amach, beidh cumhacht cosanta agus leighis sna nithe seo agus Brait Bhríde, nó Brataigh Bhríde a thugtar orthu. I measc na mbuanna atá acu; bíonn siad in ann pian a mhaolú, ó thinnis cinn go pian mhíosta agus má shníomhtar an brat isteach ina n-éadaí coinneoidh sé iascairí slán ar an bhfarraige. Thar a cheann sin, tá sé de chumas ag an mBrat Bhríde neamhthorthúlacht a leigheas nó, más a mhalairt atá uait, cosnóidh sé maighdeanas d’iníne óige freisin. 

Cros na Cáise

Aithnítear Cros Bhríde go forleathan agus cuimhní deasa ag an mórchuid againn iad a déanamh ar scoil nó sa bhaile. Cé go bhfuil go leor cainte ar mar a chruthaigh Bríd an chéad chros (chun an Chríostaíocht a mhúineadh d’fhear págánach ar leaba an bháis) níl eolas ag mórán daoine faoi lá eile a raibh an chros chéanna thar a bheith úsáideach. Agus féith na carthanachta go smior i mBríd, tharla lá go raibh an bia ar fad sa teach tugtha amach aici do na bochtáin – gan faic fágtha di féin agus dá hathair. D’úsáid Bríd luachra le crosa beaga a dhéanamh agus chuir sí isteach sa chófra folamh iad. Nuair a tháinig a hathair abhaile sa tóir ar a dhinnéar, d’oscail sé doras an chófra úid agus bhí na crosa luachra claochlaithe ina ndabaí cáise. 

Tá a solas ar lasadh fós

Sa ré réamhChríostaí, bhíodh tine ar lasadh ar bharr cnoic i gContae Chill Dara de ló is d’oíche in ómós don bhandia págánach, Brighid. Nuair a tháinig Naomh Bríd chuig an gceantar, thóg sí an Chríostaíocht léi agus d’fhair sí agus na mná rialta a bhí in éindí léi i ndiaidh na tine, ach in ainm na Críostaíochta. Bhíodh 20 bean rialta sa ghrúpa, Bríd san áireamh, agus dhéanaidís sealaíocht le haire a thabhairt don tine san oíche. Nuair a cailleadh Naomh Bríd, níor thóg na siúracha duine nua isteach lena háit a líonadh ach níor athraigh siad sceideal na sealaíochta. Nuair a thiocfadh an 20ú oíche, oíche ina mbíodh an tine faoi chúram Bhríde, d’fhágfaí an tine agus ar maidin, bheadh sé ar lasadh fós, amhail is go mbíodh Bríd i mbun a hoibre fós. Cuireadh deireadh leis an traidisiún sa 16ú haois, ach tar éis na gcéadta blianta, las na Siúracha Bríde (The Brigidine Sisters) an tine an athuair sa bhliain 1993 agus tá sí ar lasadh ó shin san ionad Solas Bhríde i mbaile Chill Dara. 


Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi Naomh Bríd agus tuilleadh dá seanchas a chloisteáil, molaim duit éisteacht le heagrán 18 den phodchraoladh Blúiríní Béaloidis.

Níos mó