Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-daileadh-na-vacsaine-i-ngaeltacht-chonamara-ag-tarraingt-go-leor-cainte

Dáileadh na vacsaíne i nGaeltacht Chonamara ag tarraingt go leor cainte

| Tuairisc.ie | , ,

Tá dáileadh na vacsaíne i nGaeltacht Chonamara ag tarraingt go leor cainte is dochtúir i gceantar amháin fágtha gan aon snáthaid fad is atá sí á tabhairt do dhaoine os cionn 70 áiteanna eile.

I ráiteas a chuir sé ar fáil do Adhmhaidin ar RnaG inniu, dúirt an Dr Peter Sloane, dochtúir teaghlaigh ar an gCeathrú Rua go raibh “praiseach” déanta ag an HSE de dháileadh na vacsaíne i gConamara.

Dúirt Sloane nach raibh aon vacsaín ar chor ar bith faighte aige féin ach go bhfuair dochtúir eile ar an gCeathrú Rua 200 snáthaid Moderna gan choinne Dé hAoine seo caite.

Dúirt sé go raibh “scoilt” á cothú idir dochtúirí agus “othair curtha trína chéile” mar gheall ar an easpa smachta a bhain le dáileadh na vacsaíne i gConamara.

Cé gur dírithe ar dhaoine atá os cionn 85 atá clár vacsaínithe an Rialtais faoi láthair fágann an mí-eagar atá ar an dáileadh go bhfuil an tsnáthaid á tabhairt cheana féin do roinnt mhaith daoine os cionn 70 i gConamara.

Tuigtear do Tuairisc.ie, mar shampla, go bhfuil an vacsaín Moderna á tabhairt do gach duine atá os cionn 70 i gceantar Ros Muc agus Chamais. Tá an vacsaíniú sin ar bun le roinnt laethanta anuas.

Idir an dá linn, tá dochtúirí i nDún Garbhán tosaithe ar an vacsaín a thabhairt dóibh siúd atá os cionn 85 bliain d’aois, muintir na Gaeltachta ina measc.

Fear amháin a raibh an-áthas air agus ag é “ag dul anonn” go Dún Garbhán ar maidin ná Tomás Ó Céilleachair, iarmhúinteoir i gColáiste na Rinne atá ag cur faoi i Maoil an Choirnigh le fada an lá anois.

Fuair Tomás Ó Céilleachair an chéad snáthaid den vacsaín frith-Covid-19 óna dhochtúir teaghlaigh, An Dr Tadhg De Barra, in Ionad Leighis na Sráide Móire ar maidin.

I 1935 i gCeann Trá i gCorca Dhuibhne a rugadh Tomás Ó Céilleachair agus tá sé ina chónaí sna Déise ó 1958.

Tomás Ó Céilleachair ag fáil na snáthaide ón altra Ann Lawn

Dúirt sé go bhfuil “ana-mhuinín” anois aige go bhfuil laethanta níos fearr roimhe féin agus a bhean, an t-amhránaí aitheanta Ann Mulqueen.

“Tá ana-áthas orm go bhfuil an lá seo tagtha dom féin, mar is a’ trácht ar an vacsaín Covid-19 a bhíomar anuraidh. Sé’n scanradh ar fad an scrios atá déanta ag an víreas agus táim ag cuimhneamh inniu chomh maith ar na daoine go léir a raibh briseadh croí agus buairt i ndán dóibh dá bharr.

“Níl deireadh, ar ndóigh, lenár gcruachás go fóill. Mar sin féin, tá seans ar ghnáthshaol agus ar shaol níos sábháilte á chur ar fáil dúinn anois. Chomh maith le cloí leis na treoracha atá molta dúinn, mholfainn do gach duine an vacsaín seo a thógaint. Níor bhraith mé dada, cúpla soicind a thóg sé an tsnáthaid a chur im’ lámh agus tá mé ar fheabhas, go hiontach ceart ina diaidh! Dá mhéid a fhaigheann anois é, sea is fearr dúinn go léir.”

Dúirt Tomás Ó Céilleachair go raibh sé ag súil go mór lena muintir a fheiceáil.

“Le cúnamh Dé, ní fada uainn go mbeidh ár gclann agus go háirithe na garpháistí ar cuairt chugainn. Beidh sé go hiontach Rinn Ó gCuanach a bheith oscailte agus fáiltiúil arís mar a bhí riamh!”

Dúirt an Dr Tadhg De Barra gur lá mór a bhí ann don cheantar.

“Ábhar faoisimh agus dóchais atá ann. Mar phroifisiúnaithe leighis, táimid ag tacú go láidir leis an vacsaín seo, tá sé sábháilte agus molaimid go láidir é. Cheana féin, tá an tairbhe feicthe sna hionaid altranais agus i measc lucht foirne cúram sláinte go bhfuil an vacsaín faighte acu.

“De réir a chéile – agus sinn ag fanacht sábháilte idir an dá linn – beidh an tionchar dearfach céanna ar an tsochaí mórthimpeall orainn,” a dúirt an dochtúir.

Níos mó