Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-reachtaiocht-a-ple-le-dul-i-ngleic-le-duine-a-chuirfeadh-bru-ar-mhuinteoiri

Reachtaíocht á plé le dul i ngleic le duine a chuirfeadh brú ar mhúinteoirí

| Tuairisc.ie | ,

Tá reachtaíocht á plé faoina bhféadfaí déileáil le haon duine nó tuismitheoir a chuirfeadh brú ar mhúinteoir maidir le grád measta dalta Ardteiste.

Dheimhnigh an tAire Oideachais Norma Foley an méid sin agus í ag caint ar Today with Philip Boucher-Hayes ar maidin. 

Anuraidh nuair a tugadh córas na ngrád measta isteach den chéad uair iarradh ar phríomhoidí aon bhrú dá shórt a chur in iúl do na húdaráis oideachais.

Dúirt an tAire go raibh smachtbhannaí á bplé, ag áireamh cosc a chur ar dhaltaí scrúduithe a dhéanamh.

Dúirt an tAire go dtabharfadh an plean, gráid mheasta agus rogha scrúduithe a dhéanamh, “cinnteacht, soiléireacht agus rogha” do dhaltaí.

Foilsíodh ar maidin clár ama na scrúduithe scríofa a bheidh ar siúl dóibh siúd a roghnaíonn iad mí an Mheithimh.

An gnáthphatrún atá ann agus tá fad na scrúduithe mar a bhíonn.

Beidh páipéar Gaeilge a haon ar siúl ar an gceathrú lá de na scrúduithe, Dé Luain an 14 Meitheamh. Beidh páipéar 2 ar siúl an lá dár gcionn. 

Beidh na scrúduithe cainte ar siúl le linn saoire na Cásca nó go gairid ina dhiaidh sin.

Maidir leis an amhras agus míshuaimhneas atá léirithe ag ceardchumainn na n-oidí dara leibhéal, an ASTI agus an TUI, faoi phlean an Rialtais don Ardteist, dúirt an tAire gur tar éis próiseas mion agus fada a thángthas ar an bplean sin. 

Dúirt sí gur iomaí sin dream a bhí lárnach sa gcóras oideachais chomh maith le ceardchumainn – daltaí, tuismitheoirí, bainisteoirí scoile agus na múinteoirí agus go raibh gach dream acu sin tiomanta gníomhú ar mhaithe leis na daoine óga a raibh brú uafásach orthu.

Agus í ag díriú ar an imní atá ar roinnt múinteoirí go gcaillfidh daltaí na ngrád measta suim ar fad sa scoil as seo go mí an Mheithimh, mhaígh an tAire nach amhlaidh a tharlódh mar nach gcuirfeadh na scoileanna na gráid mheasta sin ar fáil go deireadh na Bealtaine agus go mbeadh a gcuid oibre idir seo agus sin san áireamh.

Idir an dá linn, dúirt an príomhoide agus tráchtaire aitheanta Colm O’Rourke inniu gur dúshlán eile a bheidh le sárú ag múinteoirí go mbeidh daltaí i seomraí ranga foghlama teangacha a bheidh ag déanamh scrúdú cainte agus daltaí eile nach mbeidh agus b’fhéidir gan mórán suime acu a bheith páirteach sa gcomhrá dá bharr.

Údar imní eile atá léirithe go dtreisíonn an measúnú scoile an bhearna idir na daltaí sin a raibh teacht acu ar an teicneolaíocht ó Nollaig agus deis staidéir is oibre acu sa mbaile agus na daltaí nach raibh agus nár thug a saol baile ugach ná deis dóibh obair na scoile a dhéanamh chomh maith agus ba chóir.

Faoin Aire Ardoideachais atá cúram na n-áiteanna breise ag an tríú leibhéal a bheadh de dhíth má bhíonn na gráid níos airde i mbliana, mar a mhaítear a bhí anuraidh, a deir an tAire Oideachais.

Níos mó