Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-stadas-na-gaeilge-i-dtithe-an-oireachtais-le-ple-sa-dail

Stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais le plé sa Dáil

| Tuairisc.ie |

Leanfar sa Dáil tráthnóna leis an bplé atá á dhéanamh ar an mBille Teanga agus stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais féin i measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil.

Seo an tríú seisiún a bhí ag Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais le deich lá chun an reachtaíocht teanga nua a phlé.

Meastar go léireofar arís tráthnóna an imní atá ar bhaill an choiste faoi líon na leasuithe a chinn Oifig na mBillí a bhí as ord.

Tá go leor de na chéad leasuithe eile ar an gclár dícheadaithe, formhór na leasuithe faoi stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais ina measc.

De réir ceann de na leasuithe sin, chuirfí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla gach seirbhís tacaíochta a chuireann Tithe an Oireachtais ar fáil. De réir leasuithe eile dhéanfaí gach bille agus acht de chuid an Oireachtais a aistriú agus a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna.

Moltar i leasuithe eile go ndéanfaí ateangaireacht chomhuaineach ó Bhéarla go Gaeilge ar gach díospóireacht i dTithe an Oireachtais, sa bhreis ar an tseirbhís Béarla-Gaeilge atá ar fáil cheana.

Moltar chomh maith go mbeadh seirbhís ateangaireachta Béarla Gaeilge ar fáil d’aon imeachtaí oifigiúla nó ráitis ó bhéal de chuid an Rialtais.

Dícheadaíodh na leasuithe sin mar go mbeadh costas breise ag baint lena gcur i bhfeidhm.

Má éiríonn leis an gCoiste an méid sin a phlé inniu tabharfaidh siad ar aghaidh ar shraith leasuithe faoi stádas na Gaeilge sna cúirteanna agus sa chóras dlí.

Dícheadaíodh naoi gcinn de na deich leasú sin.

Tá litir scríofa ag Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, chuig an gCeann Comhairle ag iarraidh air imscrúdú a dhéanamh ar na leasuithe a dícheadaíodh.

Deir baill an Choiste go bhfuil gá le hathbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcóras faoina ndícheadaítear leasuithe.

Tá imní ar bhaill an Choiste go bhfuil an córas mar atá ag cur isteach ar an bpróiseas daonlathach agus ar dhualgas na mball féin gach leasú a phlé leis an Aire.

Rialaigh Oifig na mBillí go raibh breis is 90 den 300 leasú a moladh as ord toisc go mbeadh costas breise ar an státchiste dá nglacfaí leo nó toisc nár bhain siad le forálacha an bhille.

I measc na leasuithe a dícheadaíodh tá na leasuithe is láidre a moladh i dtaobh seirbhísí Gaeltachta agus is é cás na Gaeltachta sa bhille is mó atá ag cothú cainte i measc grúpaí Gaeilge go nuige seo.

Tá nach mór 30 leasú pléite go dtí seo ag Céim an Choiste – cinn dícheadaithe san áireamh – ach níor ghlac Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers,   le haon leasú go fóill.

D’aontaigh an tAire Stáit le baill an Choiste, áfach, go dtarraingeofaí siar roinnt de na leasuithe ar an dtuiscint go bhfillfeadh an tAire lena moltaí féin ina dtaobh ag an gcéad chéim eile den bhille, Céim na Tuarascála.

An gá, dar leis an bhfreasúra, le leasú a dhéanamh ar an mbille chun go mbeadh sainmhíniú ann ar cad is inniúlacht na Gaeilge ann an rud ba mhó a tharraing caint agus achrann go dtí seo ag Céim an Choiste.

Dé hAoine seo caite, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go gcaithfí a bheith “réalaíoch” maidir le líon na ndaoine atá ar fáil chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus ar fud an stáit.

Tarraingíodh siar leasú de chuid Shinn Féin ar an tuiscint go dtiocfadh an tAire Stáit ar ais lena mholadh féin chun dul i ngleic le ceist na hinniúlachta ag an gcéad chéim eile den bhille.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Aengus Ó Snodaigh tráthnóna go rabhthas ag súil le soiléiriú ón Aire Stáit faoin gceist go luath.

“Ní leor cúpla focal sa Ghaeilge a bheith ag fostaí ionas gur féidir é nó í a chur san áireamh mar fhostaí dátheangach sa tseirbhís phoiblí. Ní bheadh an pobal sásta lena leithéid de chaighdeán i gcomhair an Bhéarla, agus ní bheidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sásta lena leithéid de chaighdeán bunúsach i gcomhair na Gaeilge ach oiread.

“Ní féidir fostaithe a earcú mar fhostaithe dátheangacha sa tseirbhís phoiblí mura bhfuil siad líofa i ndhá theanga oifigiúla an Stáit; an Ghaeilge agus an Béarla. Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire soiléiriú dúinn ar an gceist seo ag ár gcruinniú amárach [inniu, Dé Máirt] agus go gcuirfear dréacht de shonraí an chaighdeáin [Gaeilge] a bheidh de dhíth faoin Acht nua ar fáil dúinn go luath.”

Is é príomhchuspóir an Bhille go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% d’earcaigh nua an chórais phoiblí faoin mbille.

Bíonn plé an choiste faoin mBille, a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga, ar siúl i seomra na Dála de bharr srianta Covid-19.

Níos mó