Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-timin-joe-tim-o-curraidhin-ar-shli-na-firinne-–-ni-lionfar-a-bhroga-i-gcois-fharraige-choiche

Timín Joe Tim Ó Curraidhín ar shlí na fírinne – ní líonfar a bhróga i gCois Fharraige choíche

“Duine chomh díreach agus chomh hionraic agus a chonaic mé ariamh. Ní raibh siar ná aniar ag baint leis . Rud ar bith a chuir sé roimhe, bhí sé ag iarraidh é a bhaint amach ar son an phobail. Ní mba pharóistí ar leith a bhí i gceist aige ach an oiread ach an pobal fré chéile, i chuile áit.”

B’in a dúirt Jimmy Joe Shéamuis Ó Fátharta ar an gclár Spórt an Lae ar Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh seo caite agus é ag cásamh bhás Timín Joe Tim Ó Curraidhín as an gCnocán Glas a cuireadh i Reilig an Chnoic lá arna mhárach. Shiúlfá Éirinn agus ní bhfaighfeá duine a d’easaontódh leis.

Ní beag le rá é, ach ní móide go líonfar a bhróga i gCois Fharraige arís choíche, ceantar a mbeidh lorg a láimhe le feiceáil agus fómhar a chuid curadóireachta á bhaint ann go ceann céad bliain nó níos faide.

Fear gnímh ab ea Timín. 

Fear freisin a raibh níos mó eolais ina chloigeann faoi stair agus leagan amach a cheantair dhúchais ná a bhí sna seacht mbailte curtha le chéile. Níl sé ach dornán beag blianta ó bhí mé ag cur píosa cainte faoi stair Chumann Lúthchleas Gael pharóiste an Spidéil le chéile. Ba mhó a d’fhoghlaim mé sna cúpla uair an chloig a chaith mé ina chomhluadar ná a thug mé liom as seachtainí fada a chaith mé ag dul trí chartlanna nuachtáin áitiúla.

Tá daoine ann a mbeadh drogall ort iarraidh orthu a gcuid eolais a roinnt leat. Ar mhalairt caoi a bhí Timín, a bhíodh chomh ríméadach go raibh suim ag duine éicint eile in ábhar a bhí gar dá chroí féin.

Ar an gcuma chéanna a bhfuil an bhliain roinnte ina ceithre choda, ba ionann do shaol Timín – a mhuintir féin, an pobal trí chéile, a theanga agus na Cluichí Gaelacha.

Bhí sé lárnach in athbhunú Chumann Mhicheál Breathnach i 1968 agus sáite go muineál san obair ar na háiseanna atá tógtha acu i nGleann an Chnoc. Nuair a bhí an méid sin déanta aige dhírigh sé ar chluiche na liathróide láimhe, a bhí tréan le linn a óige, ach beagnach imithe i léig. Is leor a rá nach é amháin go bhfuil áiseanna den scoth ag Cumann Liathróid Láimhe Mhicheál Breathnach sa lá atá inniu ann, ach freisin curaidh dhomhanda dá gcuid féin le n-imirt iontu, a mbunáite a thosaigh a gcuid imeartha faoi chúram Timín agus Jimmy.

Bhainfeadh an teachtaireacht óna croí a chuir duine acu sin, Ciana Ní Churraoin, anall as Texas chuig an gclár ómóis a chraol Iris Aniar ar maidin inniu deoir as do shúil. 

Ar na laethanta ab fhearr ina shaol bhí na cinn sin a bhfaca sé a gharmhic Ruán agus Cillín agus geansaithe peile na Gaillimhe ar a ndroim. 

Níl cur síos ar a ndearna sé d’obair ar son an phobail – go deonach agus freisin nuair a bhí sé i mbun a chuid oibre le Údarás na Gaeltachta ag plé den chuid ba mhó le tógáil agus ina dhiaidh sin leis an Scéim Fostaíochta Pobail.

Is beag áit san Iarthar nach bhfuil toradh na hoibre sin le feiceáil –áiseanna caitheamh aimsire, páirceanna imeartha, reiligí, céibheanna, bóithre agus oibreacha a d’fhág slacht an taobh tíre. Is mó sin duine a thugann suntas d’ainmneacha bailte fearainn agus áiteacha stairiúla a bheith greanta i nGaeilge ar fud an limistéir. Ní bheadh go leor acu ann murach é.

Bhí baint mhór aige le forbairt an chosáin ina cheantar dúchais a fhágann deis anois ag an siúlaí a dhul ó cheann thoir na Duimhche Móire ar an Spidéal go chloigeann na Céibhe Nua. 

Ba mhinic ar an stáitse é le hAisteoirí an Spidéil. 

Ba é féin agus a chomharsa Maidhcín ‘Tex’ Ó Droighneáin mo chomrádaithe i líne lántosach fhoireann peile Micheál Breathnach agus gan mé ach i mo ghasúr láidir. B’iomaí sin lá a bhí déanta ag mo bhróga-sa ar an lochta deich mbliana fichead dár gcionn nuair a bhuaigh Timín agus Colm Mharcais Ó Cualáin Craobh Mháistrí na hÉireann sa Liathróid Láimhe.

Solas na bhFlaitheas duit, a Timín. Is boichte go mór muid d’uireasa. Ár gcomhbhrón le Baibín, le do chlann mhac Josie, Tadhg, Mac Dara agus Aongus, le do chlann iníon Deirdre agus Clíodhna, lena gclann siúd arís, le do dheirfiúracha Máirín agus Cáit agus le do ghaolta agus do chomharsana ar fad.

Níos mó