Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-462-cas-nua-den-choroinvireas-fogartha,-‘dul-chun-cinn-leanunach’-a-dheanamh 

462 cás nua den choróinvíreas fógartha, ‘dul chun cinn leanúnach’ á dhéanamh 

| Tuairisc.ie | ,

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 39 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris.

I mí an Mhárta a bhásaigh deichniúr de na daoine sin, bhásaigh 12 duine an mhí seo caite, bhásaigh 13 duine eile acu mí Eanáir agus bhásaigh ceathrar eile in 2020. Tá bás duine amháin eile fós á fhiosrú.

462 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go raibh “dul chun cinn leanúnach” á dhéanamh chun an víreas a chur faoi chois.

“Ní hamháin go bhfuil líon na gcásanna ag laghdú ach tá líon na gcásanna ag laghdú do gach aoisghrúpa, go háirithe do dhaoine os cionn 65,” a deir sé.

Léiriú ar an ngaisce atá déanta ag daoine, a deir sé, go bhfuil líon na gcásanna in aghaidh an lae tite ó 6,500 go dtí 600 le naoi seachtaine anuas.

Dúirt an Dochtúir Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET: “Tá an uimhir R seasta i gcónaí agus d’fhéadfadh sí a bheith íslithe de bheagán, agus tá sin le haithint ar an titim atá seachtain i ndiaidh seachtaine ar líon na gcásanna atá á dtuairisciú againn le déanaí.”

“Tá a bhuíochas sin don iarracht iontach a rinne daoine le tréimhse dhúshlánach naoi seachtaine, nuair a thit líon na gcásanna ó 6,500 cás go dtí níos lú ná 600.”

Labhair an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte faoi thuairiscí faoi mháithreacha a raibh an Covid-19 orthu agus ar rugadh a bpáistí marbh: 

“Tá muid curtha ar an eolas faoi cheithre réamhthuairisc faoi pháistí a saolaíodh marbh a bhféadfadh baint a bheith ag casaoid ar a dtugtar COVID Placentitis lena gcás. 

“Ba chóir a bheith an-cháiréiseach faoi na tuairiscí seo mar nach bhfuil a gcuid taighde críochnaithe ag na cróinéirí go fóill. Tá Clár Náisiúnta Ban agus Leanaí Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte ar an eolas faoin bhfadhb seo agus tá sí ag coinneáil súil ar an scéal agus tá fógra faoi curtha chuig rannóga cnáimhseachais na n-ospidéal. 

“Tá sé fíorthábhachtach nach gcuirfí isteach go deo ar phríobháideachas na ndaoine atá i gceist.”

460 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 107 acusan in ICU. Cuireadh 26 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 303,550 duine agus an dara dáileog faighte ag 142,924 duine.

Bhain 29 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 26 cás a bhí i gcontae na Mí agus 18 cás a bhí i nGaillimh. 14 cás a bhain le Maigh Eo agus 12 cás a bhain le Port Láirge.

Bhí níos lú ná cúig chás i nDún na Gall agus níos lú ná cúig cinn i gCiarraí.

Dúirt an tOllamh Nolan gur “cloch mhíle eile” atá ann go bhfuil ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000 duine tite faoi bhun 200 le dhá lá. Ráta 190 atá i gceist sa stát faoi láthair.

Ráta 213 atá i nGaillimh, 210 atá i gcontae na Mí agus 201 atá i Maigh Eo. Ráta 182 atá i nDún na nGall agus 169 atá i bPort Láirge.

Tá an ráta is ísle sa stát anois i gCorcaigh – 60.6. Is i gCiarraí atá an dara ráta is ísle agus ráta 60.9 ann.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 163 cás nua den ghalar. 257 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt, laghdú 50 ón lá inné, agus bhí 29 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Tá 596,860 dáileog den vacsaín tugtha do dhaoine go dtí seo sa Tuaisceart. Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 556,721 duine agus na dara ceann faighte ag 40,139.

6,462 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,066 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,396 duine ó dheas di.

334,818 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 221,649 cás ó dheas den teorainn agus 113,169 cás ó thuaidh di.

Níos mó