Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-afra-eire:-achoimre-nua-mhiosuil-ar-imeachtai-an-phobail-afra-eireannaigh

Afra-Éire: Achoimre nua mhíosúil ar imeachtaí an phobail Afra-Éireannaigh

| Wuraola Majekodunmi |

Sa cholún nua seo ar NÓS, tabharfaidh ár gcolúnaí Ola Majekodunmi spléachadh ar nuacht agus imeachtaí móra an phobail Afra-Éireannaigh. 


Albam na Bliana buaite ag Denise Chalia

Fógraíodh Denise Chaila ina buaiteoir don ghradam ‘Albam na Bliana 2020’ ag RTÉ Choice Awards dá halbam Go Bravely, gradam a raibh duais €10,000 luaite leis. Comórtas as an ngnách a bhí i mbliana agus na moltóirí ag teacht le chéile ar Zoom leis an mbuaiteoir a roghnú as deich n-albam a bhí ar an ngearrliosta.

 Eisíodh Go Bravely i mí Dheireadh Fómhair seo caite, cúpla mí i ndiaidh don cheoltóir as Luimneach a bheith ar an gclár Other Voices i mí na Bealtaine 2020. Bhí an-rath ar an singil ‘Chalia’ a eisíodh anuraidh freisin, amhrán ina bhfógraíonn an t-amhránaí cén chaoi a sloinne a rá i gceart. 

Soulé, Lá Fhéile Phádraig

Mar chuid de Fhéile Lá Fhéile Phádraig 2021, rinne Soulé gach iarracht taispéantas beo pléascadh lán dathanna, soilse, agus damhsa a chur ar siúl ar SPF TV, agus ceol nua nár chualathas cheana á casadh aici.

D’inis sí a scéal pearsanta faoin ngrá agus faoin saol trí stíliú agus damhsa a cuireadh le chéile go sainiúil don ocáid in éineacht le dearadh agus soilsiú den scoth. 

Tá Soulé ar cheann de na hamhránaithe óga is úire in Éirinn atá chun tosaigh i saol an cheoil phopleictrigh. Tá an oiread rudaí dochreidte bainte amach ag Soulé lena stíl R&B as na 1990idí. Tá a háit a barr Chairteacha Raidió na hÉireann, sruthaíodh a cuid ceoil 12 mhilliún uair ar Spotify, ainmníodh trí huaire í d’Amhrán na Bliana ag RTÉ Choice Music Prize agus anuas ar an méid sin agus uile tá taispéantais den scoth tugtha uaithi aici ag príomhfhéilte na tíre cosúil leis an bPicnic Leictreach, Body & Soul agus Other Voices. Ar an ardán idirnáisiúnta, bhí sí ar dhuine de na príomhcheoltóirí na Féile Eurosonic in 2017 san Ísiltír agus iarradh uirthí seinm ag Music Week in Los Angeles in 2019 freisin.

Tolu Makay agus FeliSpeaks ar RTÉ Tommy Tiernan Show

Bhuail an fuirseoir agus láithreoir teilifíse Tommy Tiernan leis an bhfile, taibheoir, agus drámadóir, FeliSpeaks, agus leis an amhránaí agss scríbhneoir, Tolü Makay ar an 13 Márta. Labhair siad faoi théamaí difriúla maidir le cúlra, reiligiún, an pobal Afra-Éireannach, rath sna healaíona, an Iarúibis agus an fhéiniúlacht Nigéarach-Éireannach. Léigh FeliSpeaks a dán ‘For Our Mothers’ os ard don lucht féachana freisin. 

#TogetherAgainstRacism

Is mí an-tábhachtach í mí an Mhárta don ghluaiseacht frithchiníochais in  Éirinn agus ar fud na cruinne mar gheall ar an bhfeachtas idirnáisiúnta leis an gciníochas a chosc agus an éagsúlacht a cheiliúradh.

Is é an 21 Márta Lá Idirnáisiúnta chun Deireadh a chur le Idirdhealú Ciníoch, an lá is tábhachtaí i ngach féilire frithchiníoch. Ba ar an lá sin in 1960 a lámhaigh póilíní na hAfraice Theas 69 duine dubh ag léirsiú síochánta ar son an chomhionannais agus i gcoinne dhlíthe na cinedheighilte in Sharpeville. 

Is cuimhneachán an dáta seo ar thionchar díobhálach an chiníochais ar dhaoine aonair agus ar an bpobal uilig, agus léiríonn daoine ar fud na cruinne an lá sin tacaíocht i gcoinne an chiníochais. Gach bliain bíonn ócáid dhifriúil ar an lá chun an frithchiníochais a chur chun cinn. 

Níos mó