Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-an-modul-is-tabhachtai-an-seimeastar-seo:-ag-cur-fhatai-ar-an-teach-mor

An modúl is tábhachtaí an seimeastar seo: ag cur fhataí ar an Teach Mór

| Domhnall O Braonain |

Chuir muid an chéad dá iomaire fataí ar an deireadh seachtaine. Fataí Bhanríon na Breataine (nach gránna an t-ainm le tabhairt ar fhata é sin. An fata bocht) a bhí iontu. Chuaigh mé féin agus mo dheartháir amach le cúpla láí, cúpla píce agus rópa le gabháil ag leagan amach. 

Is é an leagan cainte a bhíodh ag Deaideo a mhúin Deaide dúinn ag tús na paindéime, nuair a chuir muid an chéad gharraí ceart ó bhí Deaide i bhfad níos óige, ná “fad láí, bord agus iomaire”. 

Má bhreathnaíonn tú ar an láí, bíonn lann air agus cois, mar a bheadh ar shluasaid ar bith is dóigh, ach leag an láí ar an talamh agus fad na lainne tabharfaidh sé leithead an bhoird duit agus fad na coise sin leithead an iomaire.

 Mar sin leagfaidh tú do láí ar an talamh agus cuirfidh tú do rópa ar thaobh amháin den chois (ar ndóigh déanfaidh tú é seo ar dhá cheann an iomaire) agus tabharfaidh tú leat do láí ansin agus gearrfaidh tú líne sa gcréafóg de réir do rópa.

Leagfaidh tú síos do láí arís mar a bhí sí agat cheana agus bogfaidh tú do rópa fad chois na láí. Gearrfaidh tú líne eile agus anois tá leithead do iomaire socraithe agat. Leagfaidh tú síos do láí san áit chéanna uair amháin eile, gabhfaidh tú fad na lainne le do rópa, gearrfaidh tú líne agus tá bord anois agat freisin. 

Ag brath ar cén áit sa ngarraí a bhfuil tú, le claí nó amuigh ina lár, d’fhéadfadh bord a bheith chaon taobh den iomaire nó d’fhéadfadh nach mbeadh agat ach ceann ar thaobh amháin. 

Cibé cén scéal é nuair a bheidh iomaire nó dhó leagtha amach agat béarfaidh tú greim ar do phíce agus scaipfidh tú feamainn ar an iomaire. Ná cuir an iomarca ann nó dófaidh tú na fataí. Is féidir níos mó leasú a chur ann más glasra éicint eile atá tú a chur ann. Cuireann muide feamainn agus aoileach circe ann mar shampla murar fataí a bheidh san iomaire sin.

Nuair a bheidh an méid sin déanta, leagfaidh tú amach na fataí thart ar sé horlaí déag óna chéile. Agus ní theastaíonn céim innealtóireachta uait le n-oibriú amach gur le pátrún triantáin a chuirfidh tú an méid is mó fataí san achar atá agat.

Ansin piocfaidh tú suas do láí arís agus tosóidh tú á dhúnadh isteach. Gearr leath an bhoird agus caith suas os cionn do chuid fataí é (gabhfaidh an leath eile ar an iomaire atá ar an taobh eile den bhord) agus déan amhlaidh arís leis an mbord ar an taobh eile den iomaire agus anois tá iomaire fataí agat. 

Nuair a bheidh an iomaire in aice leis déanta agus an leathbhord eile caite suas air beidh clais agat idir na hiomairí. Tá clais mar a bheadh cosán ann idir do dhá iomaire agus is féidir é a úsáid nuair a bheidh salachar (nó fiailí mar a deir cuid agaibh) le glanadh amach as an iomaire le nach dtachtfar do chuid fataí, agus nuair a bheidh na fataí le lánú – sin nuair a fhásann na fataí an oiread go mbíonn siad ag sá amach as an iomaire agus bíonn siad le clúdú arís sula ndófaidh an ghrian iad. Ní oibríonn SPF 50 chomh maith le créafóg. 

Níos mó