Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘ceard-is-fiu-na-raitis-seo?’-–-amhras-leirithe-ag-teachtai-dala-faoi-‘la-na-gaeilge’-sa-dail

‘Céard is fiú na ráitis seo?’ – amhras léirithe ag Teachtaí Dála faoi ‘Lá na Gaeilge’ sa Dáil

| Tuairisc.ie |

Chaith Teachtaí Dála ó pháirtithe éagsúla sa Dáil inné amhras ar an bhfiúntas a bhaineann leis na ráitis faoin nGaeilge a dhéantar uair sa bhliain do Sheachtain na Gaeilge.

An Taoiseach Micheál Martin a chuir tús inné leis na ráitis faoin teanga agus rinne 19 Teachta Dála ar fad píosaí cainte faoi ghnéithe éagsúla de chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ach léirigh roinnt de na Teachtaí Dála sin amhras faoin ócáid bhliantúil a dtugtar ‘Lá na Gaeilge’ air sa Dáil.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách agus an Leas-Cheann Comhairle Catherine Connolly go raibh sí sé bliana sa Dáil ag éisteacht le “ráitis faoin nGaeilge” seachas “díospóireacht cheart” faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Ní mór dom a rá go gcuireann sé beagáinín díomá orm go bhfuilimid fós ag caint laistigh de fhráma ráiteas seachas an Ghaeilge a bheith mar chuid lárnach den Dáil agus dá próiseas,” arsa Catherine Connolly.

TUAIRISC BHEO: Ráitis faoin nGaeilge á ndéanamh i nDáil Éireann

“Céard is fiú na ráitis seo nuair nach gcloistear an Ghaeilge ach go fíor-annamh i rith na bliana sa seomra seo?” a  d’fhiafraigh Mairéad Farrell, Teachta Dála de chuid Shinn Féin.

“Ní leor díreach cuimhneamh ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge  ar feadh coicíse i rith na bliana. Caithfidh muid a bheith cúramach freisin nach gcuireann muid an iomarca béime ar shiombalachas na Gaeilge seachas ar na constaicí a bhíonn roimh lucht na Gaeilge, ach go háirithe rompu siúd atá ina gcónaí sa Ghaeltacht,” arsa Mairéad Farrell.

Marc Ó Cathasaigh

Dúirt an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais Marc Ó Cathasaigh go mb’fhéidir gur ag caint leo féin a bhí Gaeilgeoirí na Dála inné.

Dúirt Ó Cathasaigh gur chosúil go dtugtar cead a gcinn do Theachtaí Dála a bhfuil Gaeilge acu labhairt as Gaeilge uair sa bhliain ag súil go mbeidh siad sásta leis an uair an chloig nó dhó le linn Sheachtain na Gaeilge.

“Cé go bhfuil sé oiriúnach dúinn an plé agus an díospóireacht seo a bheith againn chun an fhéile a mharcáil agus a cheiliúradh, tá baol ann go bhfuilimid ag caint linn féin, go ligtear do na Gaeilgeoirí cead coise a bheith againn ar feadh uair nó dhó istigh sa Dáil agus beimid breá sásta ina dhiaidh sin. Ach ní sin mar a bhíonn sé istigh anseo de ghnáth.

Dá gcuirfí ceist ar Aire i nGaeilge, an mbeadh muinín ann go bhfaighfí freagra air sin i nGaeilge nó i mBéarla? An bhfuil sé de nós againn, mar atá sé i bParlaimint na hEorpa, na cluasáin a chur orainn agus éisteacht leis an aistriúchán comhuaineach? De ghnáth, déanann muid an damhsa ait sin – athrá agus aistriú; rince beag bhéalghrá – chun ár bpointe a chur trasna.”

Bhí cuid den locht ar na meáin Bhéarla nach mbacann le tuairisciú a dhéanamh ar óráidí Gaeilge, a dúirt Ó Cathasaigh. Luaigh sé mar shampla de sin an scéala a fóilsíodh ar an suíomh seo nár bhac na meáin Bhéarla leis an óráid lán-Ghaeilge a thug leascheannaire a pháirtí Catherine Martin le linn an chéad suí den Dáil nua anuraidh.

Bhí ábhar i dtuairiscí de chuid RTÉ agus na meán eile ó na príomhóráidí ar fad a tugadh sa Dáil an lá céanna seachas óráid Catherine Martin.

Chaithfí a chinntiú, a dúirt Ó Cathasaigh, sa Bhille Teanga nua nach ag “caint eadrainn féin” a bhíonn lucht na Gaeilge.

I dTithe an Oireachtais féin chaithfí “normalú” a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge agus na seirbhísí aistriúcháin ionas go bhféadfaí gnó na Dála agus an tSeanaid a dhéanamh “i gceart go dátheangach”.

D’aontaigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Dara Calleary, leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh maidir le húsáid na Gaeilge sa Dáil.

“Deirtear nach don Nollaig amháin madra agus ní do Sheachtain na Gaeilge amháin an Ghaeilge,” a dúirt Calleary.

Dúirt Calleary gur léirigh an mhoill a bhain le heolas a chur ar fáil i nGaeilge faoin bpaindéim easpa airde ar an teanga.

“Tar éis bliain Covid-19, táim ag ceapadh gur le haghaidh Seachtain na Gaeilge [atá] cúrsaí Gaeilge mar gheall ar an moill a bhí ann le haghaidh fógraíochta [a bheith ag] dul amach i nGaeilge faoi chúrsaí Covid-19.”

Bríd Smith

Dúirt Bríd Smith ó Phobal Roimh Bhrabús go raibh an baol ann go gcuirfeadh na ráitis Ghaeilge leis an meon gur “caitheamh aimsire” atá sa Ghaeilge.

“Ag ócáidí mar seo is minic go mbíonn daoine ag labhairt faoin Ghaeilge ar nós nach bhfuil ann ach caitheamh aimsire, mar theanga nach labhraíonn muid ach ó am go h-am, nó mar atáimid ag déanamh anois le linn Seachtain na Gaeilge.

“Is mian liom labhairt, áfach, faoi thábhacht na Gaeilge ó thaobh chultúr agus stair na tíre, mar a bhaineann sí leis an am atá le teacht agus faoin mbealach gur féidir linn an Ghaeilge a úsáid chun cur lenár saol agus leis an tuiscint atá againn orainn féin mar phobal.”

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go rabhthas ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge ach go raibh sé “i bhfad níos tábhachtaí go mbeadh bliain na Gaeilge i gceist chuile bhliain”.

“Tá sé thar a bheith tábhachtach aitheantas a thabhairt dóibh siúd a labhraíonn agus a úsáideann an Ghaeilge chuile lá go nádúrtha taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Ag deireadh an lae, is iad siúd beatha na teanga,” arsa an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh gur annamh a chloistear an Ghaeilge i nDáil Éireann agus gur gá Tithe an Oireachtais “a Ghaelú”.

“Bíonn sé de nós againn freisin a rá cé chomh lárnach is atá an Ghaeilge i dTithe an Oireachtais, ach i ndáiríre is annamh a chloistear Gaeilge in úsáid i ndíospóireachtaí sa Teach seo ar chor ar bith. Níl aon mhórathrú tagtha air sin le fiche bliain nó níos faide ná sin agus tá obair mór Tithe an Oireachtas a Ghaelú,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, gur gá “scrúdú” a dhéanamh ar úsáid na teanga i dTithe an Oireachtais. Bíonn bac ar Theachtaí Dála í a úsáid mar nach mbíonn billí agus seirbhísí áirithe ar fáil i nGaeilge agus teastaíonn tuilleadh infheistíochta i seirbhísí aistriúcháin, dar léi.

Níos mó