Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-diultaithe-do-dhushlan-ard-chuirte-in-aghaidh-phroiseas-na-ngrad-riofa

Diúltaithe do dhúshlán Ard-Chúirte in aghaidh phróiseas na ngrád ríofa

| Tuairisc.ie |

Diúltaíodh san Ard-Chúirt inniu do dhúshlán cúirte a thug Freddie Sherry in aghaidh phróiseas na ngrád ríofa do scrúdú na hArdteiste 2020. 

Bhí Freddie Sherry, arb as An Baile Nua i gCill Droichid i gcontae Chill Dara é, ag freastal ar Choláiste Belvedere i lár chathair Átha Cliath, ag áitiú gur íslíodh a thorthaí Ardteiste féin san éagóir nuair a chinn an tAire Oideachais mí Lúnasa seo caite gan caighdeán na dtorthaí i scoil san am a caitheadh a chur sa gcomhaireamh agus gráid ríofa á mbronnadh. 

Mhaígh an scoláire go raibh sé féin thíos 55 pointe dá bharr, rud a d’fhág nár cháiligh sé dá rogha cúrsa i gColáiste na Tríonóide. Mheas a chuid múinteoirí go bhfaigheadh Freddie 542 faoin gcóras CAO agus faoi phróiseas ghráid ríofa 2020 tugadh 487 pointe dó.

Bhí dlíodóirí Freddie Sherry ag líomhain gur chuir an tAire Oideachais isteach go neamhdhleathach ar phróiseas na ngrád ríofa a bhí á riaradh ag coiste stiúrtha neamhspleách. 

Níor ghlac an tAire ná an Stát leis sin agus dúirt nach raibh aon chruthúnas ann gurbh fhearr a d’éireodh le Freddie Sherry dá gcuirfí torthaí Choláiste Belvedere le roinnt blianta sa gcomhaireamh mar chuid den phróiseas.

Agus é ag caitheamh amach an cháis dúirt an Breitheamh Meenan gur ar leas an phobail a rinne an tAire Oideachais agus a Roinn an cinneadh ionas go mbeadh glacadh ag an bpobal leis an gcóras grád ríofa agus malairt córas measúnaithe á réiteach acu do dhaltaí Ardteiste 2020. 

Dúirt sé nach raibh cinneadh an Aire éagórach, míréasúnta, neamhdhleathach, díchéillí ná gan chúis agus nár sháraigh sé mianta dlisteanacha Freddie Sherry.

Ní fhéadfaí an Ardteist a chur ar athlá go ceann bliana agus ní raibh ach cúpla seachtain ag an Roinn Oideachais chun córas casta a réiteach a bheadh cruinn ó thaobh staitisticí agus a gheobhadh tacaíocht ó lucht an oideachais tríú leibhéal, ó fhostóirí agus ón bpobal.

Dúirt an Breitheamh nárbh aon iontas gur íslíodh an grád “a bhí boilscithe go suntasach” a thug Coláiste Belvedere dó mar go raibh na gráid scoile boilscithe go coitianta ag scoileanna, go háirithe ag an Ardleibhéal.

Dúirt an Breitheamh nach cás le Coláiste Belvedere amháin an boilsciú sin mar gur tharla sin in go leor scoileanna agus múinteoirí idir dhá stól ag iarraidh gráid mheasta a thabhairt dá scoláirí sa scrúdú is tábhachtaí ina saol. 

Cé nach ionann an córas anseo agus sa Ríocht Aontaithe, dúirt an Breitheamh gur tharraing an próiseas ar an taobh eile de Mhuir Éireann, ar ar tugadh “próifíliú scoile” agus “crannchur cóid phoist”, go leor achrainn thall ansin, agus go raibh an baol ann go gcothódh a leithéid de phróifíliú easpa muiníne sa gcóras sa tír seo. 

Dúirt an Breitheamh gur trí chumhacht feidhmiúcháin faoin mBunreacht a rinneadh an cinneadh agus nach raibh aon údarás ag an gcúirt an cinneadh sin a athbhreithniú ná cinneadh a dhéanamh faoi bheart Roinne is Aire agus iad ag déileáil le conspóid. 

Dúirt sé nár chruthaigh Freddie Sherry go ndearnadh aon éagóir air de bharr chinneadh na Roinne agus nár ghlac an chúirt leis go raibh na gráid ríofa neamhdhleathach. 

Is cás tábhachtach cás Freddie Sherry mar go bhfuil 60 cás eile ar na bacáin faoi na gráid ríofa agus d’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag cinneadh an lae inniu orthusan.  Caitheadh trí seachtaine ag cur agus cúiteamh sa gcás seo a raibh an Breitheamh Charles Meenan ina bhun agus tá breis is leathchéad leathanach ina chinneadh.

D’iarr an Breitheamh ar na páirtithe a gcuid costas a chur isteach taobh istigh de 14 lá agus cuimhneamh gur “treoirchás” a bhí anseo ag plé le ceist a bhain le go leor cásanna eile atá ar atráth faoi láthair.

Níos mó