Tá iarrtha ag 13 móreagraíocht teanga agus oideachais ar an NCCA stop a chur “láithreach bonn” leis an bpróiseas comhairliúcháin atá tosaithe faoi na cúrsaí Gaeilge nua atá le tabhairt isteach don Ardteist.
Foilsíodh eolas an mhí seo caite faoin dá chúrsa nua Gaeilge – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann do scoileanna Béarla – agus tá tuairimí an phobail á lorg anois faoi na moltaí.
I litir a seoladh go dtí an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, éilítear go gcuirfí ar athló an próiseas sin nó go mbeidh athbhreithniú déanta ar na cúrsaí Gaeilge nua a tugadh isteach don Teastas Sóisearach.
Cuireadh cóip den litir chuig Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers chomh maith.
Deirtear chomh maith sa litir gur chóir an próiseas a chur siar go dtí i ndiaidh na paindéime le go mbeidh deis an scéal “a phlé i gceart sa phobal”.
I measc na n-eagraíochtaí atá luaite leis an litir tá Údarás na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Gael Linn, CONCOS, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Gael Taca agus Ógras,
Tá an litir sínithe chomh maith ag An Foras Pátrúnachta, Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus Aontas na nDaltaí Iarbhunscoile agus SEALBHÚ, lárionad taighde DCU don oideachas Gaeilge.
Tá grúpa oibre bunaithe ag na heagraíochtaí go léir ar mhaithe le dul i mbun stocaireachta faoi cheist na sonraíochtaí nua, a dtugtar T1 agus T2 orthu.
Deirtear sa litir nach féidir “
breithiúnas oibiachtúil” a dhéanamh ar an bplean don dá chúrsa gan athbhreithniú a bheith déanta ar dtús ar conas mar atá ag éirí lena macasamhail ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh.
Deirtear go bhfuil an Ardteist “róthábhachtach mar scrúdú le go ndéanfaí cinntí faoi shonraíochtaí agus faoi chúrsaí measúnachta nach bhfuil fianaisebhunaithe”.
Mar chuid den phróiseas sin is féidir suirbhé ar líne a líonadh isteach go dtí an 28 Bealtaine. Beidh fócasghrúpaí agus cruinnithe le heagraíochtaí ar leith mar chuid den phróiseas chomh maith agus beifear ag glacadh le haighneachtaí go dtí an 31 Lúnasa.
Ní théitear i ngleic sa suirbhé le ceann de na ceisteanna is bunúsaí faoin gcúrsa nua do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta, is é sin cé acu an mbeidh nó nach mbeidh marcanna bónais ar fáil as é a dhéanamh.
Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh tacaíocht léirithe go dtí seo ag gach eagraíocht sa ghrúpa oibre nua don éileamh go mbeadh marcanna bónais le fáil as an gcúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh.
“Cén fáth go ndéanfadh aon dalta an tsonraíocht T1, mar atá molta sa chomhairliúchán faoi láthair, gan a leithéid?” a d’fhiafraigh de Spáinn.
Tá saineolaithe ar an oideachas Gaeilge agus Gaeltachta ag éileamh le blianta fada go dtabharfaí isteach cúrsa breise don Ardteist a thabharfadh aird ar riachtanais an chainteora dúchais.
Ach tá imní agus iontas léirithe ag roinnt saineolaithe faoi ghnéithe de na cúrsaí nua, nó na sonraíochtaí T1 agus T2 mar a thugann an Roinn Oideachais orthu.
Bhí iontas ar roinnt daoine faoina chosúla lena chéile is a bhí cur chuige an dá shiollabas.