Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-fadhbanna-solathair-ag-johnson-&-johnson-lena-snathaid 

Fadhbanna soláthair ag Johnson & Johnson lena snáthaid 

| Tuairisc.ie |

Tá ráite ag Johnson & Johnson leis an Aontas Eorpach go mbeidh deacrachtaí acu maidir le soláthar an 55 milliún dáileog den vacsaín atá geallta do bhallstáit an Aontais sa dara ráithe den bhliain.

Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid níos luaithe inniu gur beag de vacsaín Johnson and Johnson a thiocfaidh anseo i dtús ama agus gur thart ar 

250,000 dáileog sa tseachtain a bheidh chugainn ón Aibreán. 

Tá 2.2 milliún dáileog den vacsaín seo ordaithe ag an tír seo mar thús agus is mór an t-údar misnigh go bhfuil an chuma air go bhfuil sí sábháilte agus an-éifeachtach, go háirithe mar nach gá ach snáthaid amháin di.

Meastar go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht don vacsaín an tseachtain seo.

Deir Johnson & Johnson go bhfuil brú orthu mar gheall ar dheacrachtaí lena bpróiseas táirgeachta. Bhí na deacrachtaí céanna acu nuair a tosaíodh ar dháileadh na vacsaíne i Stáit Aontaithe Mheiriceá le déanaí.

Buille mór do chlár vacsaínithe an Rialtais na fadhbanna le soláthar Johnson & Johnson, tráth a bhfuil fadhbanna eile ag cur as don chlár sin cheana.

Bua atá ag an vacsaín seo ó Johnson & Johnson gur féidir í a stóráil ag gnáth-theocht chuisneora ar feadh trí mhí ar a laghad.

Fágann sin gurb éasca go mór í a dháileadh ná vacsaíní Pfizer-BioNTech agus Moderna a chaithfear a stóráil ag teocht fíoríseal agus a dteastaíonn dhá shnáthaid an duine díobh.

Ag labhairt dó inniu, roimh an scéala is déanaí faoi shnáthaid Johnson & Johnson dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “díomá” air mar gheall ar na  fadhbanna soláthair atá ag cur as don phlean vacsaínithe sna chéad trí mhí den bhliain.  

Dúirt sé go raibh “dul chun cinn maith” déanta ó thaobh cosaint a thabhairt do na daoine is leochailí ó thaobh an víris, oibrithe sláinte ar an líne thosaigh sna hospidéil agus sna hionaid altranais. 

Mí Eanáir bhíothas ag súil go mbeadh os cionn 1.5 milliún snáthaid ar fáil in Éirinn sa gcéad ráithe de 2021. 

Faoi dheireadh mhí Feabhra 520,000 dáileog a bhí faighte againn agus meastar nach mbeidh níos mó ná 850,000 dáileog faighte ag an tír faoi dheireadh an Mhárta.

Agus é ag caint le Nuacht RTÉ, dúirt an Taoiseach go raibh díomá ar an Rialtas sa gcéad ráithe den bhliain “le cúpla gné den phlean ach go raibh dul chun cinn maith déanta chun na daoine is leochailí a chosaint”.

Maidir le scaoileadh na srianta dianghlasála dúirt an Máirtíneach go ndíreofaí ar imeachtaí spóirt faoin aer sa gcéad athbhreithniú eile ar na srianta. 

Dúirt sé go raibh cúrsaí ag feabhsú a bhuíochas do dhaoine a bheith ag cloí leis na srianta. 

“Tá toradh ar na hiarrachtaí sin. Táimid ag laghdú an bhrú atá ar na hoibrithe sláinte ar an líne thosaigh go mór le roinnt seachtainí agus leanfaimid leis sin i rith na míosa seo. 

“Fágann sin go mbeidh bail níos fearr ar chúrsaí roimh an 5 Aibreán agus cinneadh stuama á dhéanamh againn.” 

Dúirt Ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid nach mbeidh ach 1.1 milliún dáileog de na vacsaíní faighte ag an tír seo ag deireadh na míosa, seachas an 1.2 milliún a rabhthas ag súil leo.  

I dtús ama, bhí Éire ag súil le 1.42 milliún dáileog sna chéad trí mhí den bhliain ach tá sin laghdaithe ó shin. 

Agus Paul Reid ag caint le Coiste Sláinte an Oireachtais, dúirt sé go raibh “a lán frustrachais” ar dhaoine mar gheall ar an easnamh sa soláthar. 

Bhí deacrachtaí leis an soláthar a bhí geallta ó AstraZeneca agus ó Moderna.

I dtús ama, bhí Éire ag súil le 1.42 milliún dáileog sna chéad trí mhí den bhliain ach tá sin laghdaithe ó shin. 

Agus Paul Reid ag caint le Coiste Sláinte an Oireachtais, dúirt sé go raibh “a lán frustrachais” ar dhaoine mar gheall ar an easnamh sa soláthar. 

Bhí deacrachtaí leis an soláthar a bhí geallta ó AstraZeneca agus ó Moderna.

Níos mó