Fuair an frustrachas an ceann is fearr ar Theachta Dála amháin sa Dáil inné nuair a dúirt sé ‘Fucking hell’ le linn plé faoin reachtaíocht Ghaeilge.
An Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh a chualathas ag eascainí faoina anáil le linn díospóireachta sa Dáil faoin mBille Teanga atá á thabhairt isteach chun an tAcht Teanga a láidriú.
Tá Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, ina chathaoirleach ar an gcoiste Oireachtais atá ag plé an bhille faoi láthair.
Breis is 300 leasú atá molta ar an mBille agus 93 acusan a rialaíodh as ord, ach ní raibh aon bhaint ag aon cheann de na leasuithe sin ná le caighdeán na díospóireachta sa Dáil le mallacht Uí Shnodaigh.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur thit go leor cáipéisí as an gcomhad a bhí aige le linn an phlé agus gur dóigh leis gurb in é an uair a chaill sé guaim air féin i ngan fhios dó féin.
“Caithfidh mé a bheith cúramach, is léir go bhfuil na micreafóin sa Dáil an-mhaith. Tá aiféala orm nach ag eascainí i nGaeilge a bhí mé. Más gá a bheith ag eascainí ar chor ar bith ba cheart a bheith ag eascainí i nGaeilge!” a dúirt Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.ie.
Bhí a seachtú seisiún ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Dáil tráthnóna inné chun plé a dhéanamh ar an mBille Teanga. Phléigh an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh agus Teachtaí Dála eile roinnt moltaí chun an dlí teanga a láidriú le linn na díospóireachta.
Mar thoradh ar an bplé sin gheall Aire Stáit na Gaeltachta go gcuirfeadh sé leasú reachtaíochta chun cinn ionas gur ainm i nGaeilge amháin a bheadh ar aon chomhlacht poiblí nua a bhunófaí feasta.