Tá fógartha ag Gaelscoil i mBaile Átha Cliath go bhfuil An Foras Pátrúnachta mar phátrún acu tar éis di dífheistiú ó Ard-Deoise Átha Cliath.
Tá Scoil Chaitlín Maude i dTamhlacht ar an gcéad ghaelscoil i mBaile Átha Cliath atá tar éis dífheistiú ó Ard-Deoise Átha Cliath go dtí An Foras Pátrúnachta.
Fágann an cinneadh seo go mbeidh an rogha ag daltaí a thosóidh sa scoil feasta Clár Eitice agus Morálta nó Clár Caitliceach a leanúint.
Deir an Foras Pátrúnachta go bhfuil an t-athrú ag freagairt d’éileamh “atá i sochaí an lae inniu” agus go mbeidh trí ghaelscoil anois sa mhórcheantar a bhfuil rogha sainspioraid éagsúil acu.
“Is cinneadh stairiúil é seo agus tá moladh mór ag dul don scoilphobal as a gcur chuige ceannródaíoch,” arsa Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra.
“Tá aitheantas mór ag dul don Ard-Deoise as an tacaíocht a thug siad mar phátrún scoile le breis agus 30 bliain. Tá an-áthas ar an bhForas Pátrúnachta tógáil ar an tseirbhís sin anois.
“Is é An Foras Pátrúnachta an t-aon phátrún lán-Ghaeilge ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá sé mar aidhm ag An Foras Pátrúnachta oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chur ar fáil chun tacú le pobail lán-Ghaeilge a chruthú. Táimid ar bís tacú leis an scoil tógáil ar an obair mhór atá ag dul ar aghaidh le fada an lá.”
Bunaíodh Scoil Chaitlín Maude i 1985 agus tá 30 ball foirne i mbun cúraim ar an 350 dalta atá ag freastal ar an scoil.
“Is toradh é an t-aistriú seo ar phróiseas a fuair lántacaíocht ón scoilphobal,” a dúirt Pádraig Ó Duibhir, Cathaoirleach Scoil Chaitlín Maude. “Táimid thar a bheith sásta go mbeidh an scoil in ann tairbhe a bhaint as na seirbhísí pátrúnachta agus bainistíochta go léir a sholáthraíonn An Foras Pátrúnachta i nGaeilge.”
Dúirt Bairbre Ní Ghoill, Príomhoide, Scoil Chaitlín Maude go rabhadar “an-bhuíoch” den treoir atá tugtha ag Ard-Deoise Átha Cliath don scoil ó bunaíodh í agus go mbeadh nasc fós ann leis an scoil.
“Táimid an-bhuíoch as an chabhair a thug an Ard-Deoise dúinn agus a thugadar dúinn ó bunaíodh an scoil. Tá an-áthas orainn freisin go mbeimid ag leanúint leis an ngaol atá againn leo chun freastal ar na páistí Caitliceacha inár scoil. Braithimid gur am tráthúil é seo chun aistriú chuig pátrún lán-Ghaeilge agus táimid fíorbhuíoch don Ard-Deoise as a dtreoir agus a gcabhair ar fad.”
Tá an Foras Pátrúnachta ina phátrún ar bhreis agus trí scór bunscoil ar fud na tíre.