‘Beart de réir briathair’
Deir an Taoiseach go léiríonn an maoiniú breise atá curtha ar fáil ag an Rialtas d’Údarás na Gaeltachta agus do chiste na Gaeilge go bhfuil “beart de réir briathair” á dhéanamh i leith na ngeallúintí faoin teanga atá i gClár an Rialtais.
Maidir leis an ngeallúint go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr Údarás na Gaeltachta agus ar an gcinneadh deireadh a chur le toghchán an Údaráis, deir an Taoiseach go bhfuil “obair idir lámha” chuige sin.
Maidir le cás na teanga sa Tuaisceart, deir an Taoiseach go bhfuil Rialtas na hÉireann “dírithe” ar a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm na geallúintí faoin nGaeilge atá déanta sa chomhaontú New Decade, New Approach.
Ráiteas an Taoisigh…
Tá tús curtha ag an Taoiseach Micheál Martin leis an díospóireacht.
Deis iontach atá i Seachtain na Gaeilge aird a tharraingt ar an nGaeilge.
Tá cur síos ar a bhfuil á dhéanamh chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa díospóireacht agus deir sé gur “údar misnigh” an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Bhí tionchar mór ag an bpaindéim ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar phlean an Rialtais don Ghaeilge. “Ach níor cuireadh stop leis an obair,” a deir an Taoiseach.
“Díol suntais agus dóchais” na figiúirí fostaíochta is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, a deir an Taoiseach.