Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-761-cas-nua-den-choroinvireas-fogartha,-na-hudarais-ag-impi-ar-dhaoine-cloi-leis-an-gcomhairle-slainte-i-rith-na-casca

761 cás nua den choróinvíreas fógartha, na húdaráis ag impí ar dhaoine cloí leis an gcomhairle sláinte i rith na Cásca

Tá 18 duine eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

761 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

274 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 63 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh 18 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Tá na húdaráis sláinte ó thuaidh agus ó dheas ag impí ar dhaoine cloí leis na rialacha sláinte thar thréimhse na Cásca.

D’eisigh an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte agus Príomhoifigeach Leighis Thuaisceart Éireann, an Dr Michael McBride, ráiteas ina n-iarrann siad ar an bpobal éisteacht leis an gcomhairle sláinte lena chinntiú go bhféadfar an Cháisc a chaitheamh go sábháilte.

D’iarr Príomhfheidhmeannach an HSE ar an bpobal “an Cháisc a phleanáil ar bhealach sábháilte”.

Dúirt Reid go raibh sé ag breathnú chun cinn go dtí an ráithe seo – Aibreán, Bealtaine agus Meitheamh – le “meascán den cháiréis agus den mhisneach”.

“Chonaic muid uilig céard a tharlaíonn nuair a ghlacann an pobal sos beag ó na bearta sláinte phoiblí. Bíonn a thionchar i bhfad níos mó ná a bhítear ag súil leis agus bíonn iarmhairtí suntasacha air. Is ró-ard an praghas é le híoc ag gach duine.”

Dúirt Reid gurb údar imní dó líon na n-othar sna hospidéil a bheith i bhfad ró-ard i gcónaí agus nach mbeidís in ann an ceathrú ráig a sheasamh.

Tá an líon othar sna haonaid dianchúraim ró-ard le go bhféadfaí “déileáil go héifeachtach” le “maidhm mhór” cásanna mar a tharla mí Eanáir na bliana seo.

An tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney. Pictiúr:Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tá sé tugtha le fios nach bhfuil an Rialtas chun córas an choraintín éigeantaigh a chur i bhfeidhm dóibh siúd atá ag teacht ón Aontas Eorpach ná ó Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tuairiscíodh go raibh malairt tuairimí laistigh den Rialtas faoi phleananna a bhí ag an Roinn Sláinte coraintín éigeantach in óstáin a chur ar dhaoine a thiocfaidh as 43 tír eile – agus na Stáit Aontaithe, an Fhrainc agus an Ghearmáin ina measc. Tuigtear anois gur thart ar 20 tír a bheidh á gcur leis an liosta.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney níos luaithe nár chóir córas an choraintín éigeantaigh a chur i bhfeidhm i gcás tíortha ina bhfuil cónaí ar lear mór Éireannach.

An cheist a bhí ag Coveney an mbeadh sé d’acmhainn ag scéim an choraintín óstáin freastal ar na mílte duine  i seomraí óstáin agus an raibh bunús dlí leis an oiread sin tíortha a bhfuil cead taistil eatarthu a chur ar an liosta coraintín.

“An Fhrainc cuir i gcás – tá 20,000 Éireannach ina gcónaí inti. Tagann go leor acu abhaile sa Samhradh agus is mic léinn a lán acu.

“An bhfuil sé réasúnta, daoine a bhfuil an vacsaín faighte acu, nó daoine atá tagtha slán ón Covid-19 nó daoine a bhfuil tástáil déanta acu a léiríonn nach bhfuil an víreas orthu, a chur ar coraintín in óstán nuair atá teach acu anseo ina bhféadfaidís an coraintín a chur isteach?” a d’fhiafraigh an tAire.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 590,688 duine agus an dara dáileog faighte ag 228,988 duine.

Bhain 55 den 761 cás den Covid-19 a fógraíodh inniu le contae na Mí.

43 cás a bhí i gCorcaigh, 20 cás a bhí i nGaillimh, 15 cás a bhí i Maigh Eo agus 14 cás a bhí i nDún na nGall. Seacht gcás a bhí i bPort Láirge agus bhí níos lú ná cúig chás i gCiarraí.

Meánráta 165 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an dara ráta is airde sa stát i nDún na nGall (281) go fóill agus tá an ráta i gcontae na Mí (222) níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 105 atá i nGaillimh, 103 atá i bPort Láirge agus 86 atá i Maigh Eo. Ráta 48 atá i gCorcaigh agus 24 atá i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

Don dara lá as a chéile, ní raibh aon bhás eile de dheasca an Covid-19 le fógairt ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann tráthnóna.

107 cás nua den ghalar a deimhníodh i measc an 2,452 duine ar cuireadh tástáil orthu. 112 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 17 acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 756,013 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 145,753.

6,820 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,115 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,705 duine ó dheas di.

353,996 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 236,000 cás ó dheas den teorainn agus 117,396 cás ó thuaidh di.

Pictiúr: Marc O’Sullivan / RollingNews.ie

D’eisigh Príomhfheidhmeannach BioNTech Uğur Şahin ráiteas inniu ag fógairt go raibh vacsaín Pfizer/ BioNTech thart ar 91% éifeachtach in aghaidh an Covid-19.

Mhaígh Şahin gurb iad seo “na chéad torthaí cliniciúla a chruthaíonn go bhfuil cosaint i vacsaín ó na cineálacha den víreas atá sa timpeall faoi láthair, rud a bheidh criticiúil agus muid ag iarraidh imdhíonacht tréada a chruthú i bpobal na cruinne”.

Sna trialacha is déanaí seo bhí daoine rannpháirteach a raibh an vacsaín faighte acu le suas le sé mhí. Ar bhonn éigeandála atá an vacsaín seo ceadaithe sna Stáit Aontaithe go fóill agus tá súil ag an gcomhlacht go bhfaighfear ceadúnas iomlán anois. Eisíodh sonraí trialacha le déanaí a léirigh go raibh an vacsaín seo sábháilte agus éifeachtach do dhéagóirí idir 12-15 bliain d’aois.

Bhí an tsnáthaid seo 100% éifeachtach i gcás na ndaoine a fuair í san Afraic Theas mar a bhfuil an cineál B1351 forleathan cé nach raibh ach 800 duine i gceist sa triail sa tír sin. Tá breis is 300 cás den B1351 aimsithe sna Stáit Aontaithe.

I mí na Samhna d’fhógair an comhlacht go raibh vacsaín Pfizer/ BioNTech 95% éifeachtach i dtriail inar ghlac 44,000 duine páirt ach tá cineálacha eile den víreas tagtha chun cinn ó shin.

Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte inniu go raibh feachtas vacsaínithe na hEorpa  “chomh mall nach bhféadfaí glacadh leis”. Dúirt an WHO go raibh an t-ardú ar an líon cásanna den ghalar ina “údar imní níos mó ná mar a chonaiceamar le roinnt míonna”.

Níos mó