Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-cruinniu-speisialta-beartaithe-ag-tg4-le-rte-le-staid-na-nuachta-gaeilge-a-phle

Cruinniú speisialta beartaithe ag TG4 le RTÉ le staid na nuachta Gaeilge a phlé

| Tuairisc.ie |

Tá cruinniú beartaithe ag TG4 le RTÉ chun plé a dhéanamh faoi staid na seirbhíse nuachta teilfíse Gaeilge. 

Tá an cruinniú speisialta beartaithe tráth a bhfuil conspóid ann faoi chiorruithe a bheith á ndéanamh ag RTÉ ar Nuacht TG4 agus ceisteanna á gcur faoin méid infheistíochta atá á déanamh in iriseoireacht na Gaeilge.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont le Tuairisc.ie go bpléifear ag an gcruinniú “aon dul chun cinn, nó a mhalairt, atá déanta” i dtaobh cúrsaí nuachta.  

Idir an dá linn tá cruinnithe ar siúl an tseachtain seo ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra agus Jon Williams, ceannasaí nuachta RTÉ, agus Joe Reddington, ceann feadhna Nuacht TG4/RTÉ, chun plé a dhéanamh faoi na ciorruithe ar Nuacht TG4 a fógraíodh an tseachtain seo caite.

Bhí cruinniú inné ag Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, le Jon Williams agus Joe Reddington agus tá sé i gceist ag coinne ag Lorraine Clifford-Lee, Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, bualadh leo beirt Déardaoin.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh gur chuir sé in iúl don bheirt bhainisteoirí nuachta gur chóir go mbeadh “comhionannas” idir nuacht an Bhéarla agus nuacht na Gaeilge in RTÉ agus gur chóir go mbeifí “ag obair sa treo sin”. Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee go raibh sí “chun brú ar aghaidh” leis an scéal agus nach mbeadh aon ghlacadh aici “le haon leithscéal” ó bhainisteoirí RTÉ.

“Beidh míniú acu ar na ciorruithe seo, ach tá dearcadh ar leith agam faoi chúrsaí teanga agus b’fhéidir nach é an dearcadh céanna a bheidh acusan,” arsa Lorraine Clifford-Lee.

Maidir leis an gcruinniú atá beartaithe idir TG4 agus RTÉ faoi chúrsaí nuachta, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont gurb í an “phríomhaidhm” a bheadh leis “fís agus straitéis a aontú do sheirbhís a thagann leis na mianta agus riachtanais nuachta atá ag pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta”.  

Chaithfí teacht ansin “ar na hacmhainní agus an infheistíocht a fháil chun an straitéis a sholáthar”.

Dúirt sé nach raibh mórán go bhféadfadh TG4 a dhéanamh faoi bhuiséid RTÉ ach go bhfuil straitéis do chúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha i nGaeilge ar na bacáin.

“Ó thaobh teilifíse agus raidió, tá RTÉ lárnach d’iriseoireacht na Gaeilge agus baineann siad caighdeán ard amach ina gcuid oibre.  Níl TG4 in ann mórán tionchair a imirt ar aon chinneadh a dhéanann RTÉ maidir le cúrsaí a mbuiséid féin.

“Tá taighde ar bun ag TG4 faoi láthair maidir leis na riachtanais agus na mianta atá ag pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir le seirbhísí nuachta i nGaeilge.  Creideann muid go dtiocfaidh plé, fís agus straitéis as an saothar taighde seo.

“Tá sé beartaithe againn suí síos le RTÉ roimh an samhradh chun bealach chun cinn a aontú.  Bheadh TG4 freisin ag súil go mbeadh dearcadh ag an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán maidir leis na riachtanais nuachta atá ag na pobail a labhraíonn an Ghaeilge mar ghnáth-theanga,” arsa Alan Esslemont.

Tuairiscíodh anseo an tseachtain seo caite go bhfuil “fearg” agus “díomá” ar bhaill foirne i Nuacht TG4 faoi chiorruithe atá le déanamh ar acmhainní na seirbhíse.

Chuir Jon Williams, ceannasaí na nuachta in RTÉ, foireann an tseomra nuachta ar an eolas faoin scéal agus dúirt go raibh na hathruithe á ndéanamh “le bheith níos  éifeachtúla agus le hairgead a shábháil”.

Faoi na socruithe nua ní bheidh aon cheamara dá gcuid féin ag lucht na seirbhíse Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine feasta.

Tá na ciorruithe cáinte ag Sinn Féin agus Fianna Fáil.

Tá na ciorruithe ag teacht sna sála ar dhíospóireacht faoina laghad cúrsaí reatha a bhíonn ar fáil i nGaeilge.

Dúirt TG4 in aighneacht chuig an gCoimisiúin um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

I ndiaidh fhoilsiú an scéil sin, dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ar Nuacht TG4 go raibh sé “dochreidte” nár craoladh ar an stáisiún ó bunaíodh é aon tsraith a bhí bunaithe ar an iriseoireacht iniúchta.

Lena chois sin mhaígh ceannasaí stáisiún Bhaile na hAbhann gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge.

Níos mó