Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-daltai-ag-filleadh-ar-scoil,-cead-bothair-i-do-chontae-fein-agus-‘go-leor-cuiseanna-dochais’

Daltaí ag filleadh ar scoil, cead bóthair i do chontae féin agus ‘go leor cúiseanna dóchais’

| Tuairisc.ie | , ,

Fillfidh daltaí uile an stáit ar scoil ar maidin agus tabharfar cead bóthair do dhaoine ina gcontaetha féin tráth a bhfuil “go leor cúiseanna dóchais ann”.

303 cás nua den chóróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá ó lár mhí na Nollag.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn go raibh go leor cúiseanna dóchais ann agus aghaidh á tabhairt ag daoine ar sheachtain eile den phaindéim.

Ón lá inniu beidh cead ag dhá líon tí bualadh le chéile amuigh faoin spéir i spásanna poiblí agus tabharfar cead do dhaoine taisteal aon áit ina gcontaetha féin. Beidh cead chomh maith dul isteach i gcontae eile más turas 20 ciliméadar nó níos lú ón mbaile atá i gceist. Cuirfear tús inniu chomh maith le hathoscailt earnáil na tógála.

213 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil maidin inné agus bhí 53 acusan in aonad dianchúraim. Seachtar othar eile a bhí buailte ag an ngalar a cuireadh san ospidéil in achar 24 uair an chloig, an líon is lú othar nua ó dheireadh mhí na Samhna.

Dúirt an Dr Ronan Glynn gur léir ó líon na gcásanna a fógraíodh inné go raibh rath ar iarrachtaí an phobail. Dúirt sé go bhfeicfí chomh maith an tseachtain seo “ardú suntasach” ar líon na ndaoine a dtabharfar vacsaín dóibh.

D’achanaigh an Dr Glynn ar dhaoine gan filleadh ar an obair toisc go raibh páistí ag filleadh ar an scoil agus gan a bheith ag bualadh taobh istigh le daoine ó theaghlaigh eile.

“Fiú más ag bualadh le daoine taobh amuigh atá tú, fan amach óna chéile agus ná buail le daoine ó theaghlach amháin ag an am,” arsa an Dr Ronan Glynn. Mheabhraigh sé do dhaoine chomh maith nach mbíonn aon duine lánvacsaínithe go dtí coicís i ndiaidh an dara dáileog.

Níos mó