Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
agoid-eagraithe-taobh-amuigh-de-stormont-chun-cearta-teanga-a-eileamh

Agóid eagraithe taobh amuigh de Stormont chun cearta teanga a éileamh

| Tuairisc.ie | , ,

Reáchtáil lucht feachtais agóid ag Stormont tráthnóna ag éileamh go dtabharfaí isteach gan mhoill an reachtaíocht teanga atá geallta don Tuaisceart.

Agus 500 lá ann ó gealladh  reachtaíocht agus straitéis don Ghaeilge sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, chuir An Dream Dearg a n-éileamh os comhair an phobail arís.

Bhí an reachtaíocht le cur i bhfeidhm taobh istigh de 100 lá ó síníodh an comhaontú mí Eanáir 2020, ach níl na gealltanais comhlíonta go fóill.

Mar chuid den léirsiú taobh amuigh de Stormont inniu, craoladh teachtaireachtaí ó bhreis is seachtó ionadaí ó phobal na Gaeilge ag éileamh go dtabharfaí isteach an reachtaíocht teanga. Díríodh na teachtaireachtaí ar Fheidhmeannas Stormont, ar Rialtas na hÉireann agus ar Rialtas na Breataine.

Declan Kearney ó Shinn Féin

I measc na ndaoine atá le feiceáil san fhíseán tá Ciarán Mac Giolla Bhéin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta; Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir na hirise NÓS; Gráinne Ní Ghilín, stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich; Conchúr Ó Muadaigh, bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge; Bláithín McCann, amhránaí; agus an ceoltóir Edel Ní Churraoin.

Dúirt An Dream Dearg go raibh sé léirithe “arís agus arís eile go bhfuil ag teip ar an Fheidhmeannas, ar Rialtas na hÉireann agus ar Rialtas na Breataine ár gcearta a chinntiú sa dlí”.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhíothas a éileamh, a gealladh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, dúirt An Dream Dearg inniu gur céim thábhachtach a bhí ann i dtreo cearta teanga a chinntiú.

D’fhreastail lucht feachtais agus polaiteoirí ó Shinn Féin, an SDLP, Alliance agus Pobal Roimh Bhrabús ar an léirsiú taobh amuigh de Stormont, áit ar craoladh ar mhórscáileán an bhreis is 70 teachtaireacht.

“I 1998 gealladh ré úr chomhionannais don Ghaeilge agus do phobal na teanga. Ansin, gealladh acht Gaeilge in 2006 mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn. Ó shin amach, tá pobal na Gaeilge ag cur brú chun na cearta teanga sin a fháil,” a dúirt An Dream Dearg inniu.

Dúradh go raibh sé “léirithe arís agus arís eile” go bhfuil “ag teip” ar an Fheidhmeannas, ar Rialtas na hÉireann agus ar Rialtas na Breataine cearta teanga a dhaingniú sa dlí.

 “Táimid ag rá le blianta beaga anuas nach nglacaimid le himeallú, le cos ar bolg ná le bac ar chearta teanga.

“Anuraidh, mar chuid den chomhaontú nua, gealladh reachtaíocht teanga don Ghaeilge. Dúirt muid ag an am nach gcomhlíonann an reachtaíocht a mholtar ann na cearta atá uainn mar phobal, ach gur dul chun cinn stairiúil a bhí ann agus gur chloch mhíle í, más beag féin í, ar an aistear i dtreo cearta teanga cuimsitheacha.”

Dúradh go dtacaíonn tromlach na bpáirtithe agus na gcomhaltaí sa Tionól leis an reachtaíocht a gealladh sa chomhaontú faoinar bunaíodh Feidhmeannas Stormont athuair anuraidh. Dúirt An Dream Dearg gur beart de réir briathair a theastaigh anois.

“Inniu, deir muid leo siúd a chuireann i gcoinne ár gcearta teanga; seasann muid le chéile ar son na Gaeilge; leis na páirtithe uilig a thacaíonn linn – seasaigí an fód, seasaigí linn, ná glacaigí le haon chúlú ó na comhaontuithe uilig; agus leis an dá rialtas – ní réiteoirí neamhspleácha, neodracha sibh.

“Tá ról mór agaibh anseo chun ár gcearta a chinntiú. Cuirigí deireadh leis na leithscéalta agus leis an mhoilleadóireacht – táimid ag fanacht rófhada mar atá!

“Déanaigí beart de réir briathair.  Seasaigí an fód. Seasaigí linn. Acht anois!”

Tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, ina measc stádas oifigiúil don teanga.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta i measc na ngealltanas eile sa chomhaontú.

Níos mó