Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cas-na-mbeach-curtha-i-lathair-go-brea-soileir-ar-‘plean-bee’-tg4

Cás na mbeach curtha i láthair go breá soiléir ar ‘Plean Bee’ TG4

| Diarmuid Coffey | ,

Is é an 20 Bealtaine Lá Idirnáisiúnta na mBeach, agus craolfar an clár faisnéise Plean Bee ag 21.30 tráthnóna ar TG4 chun eolas a thabhairt ar an AIPP, an Plean uile-Éireann um Pailneoirí: “plean radacach le meath na mbeach agus na bpailneoirí a chur ina cheart, ar fud na hÉireann”. 

Is léir le fada go bhfuil meath uafásach tagtha ar líon na mbeach, agus ní hamháin sin ach líon na bhfeithidí go léir. Tá sé cruthaithe ag eolaithe a bhain úsáid as “splatometer” ar an uimhirchlár tosaigh ar charranna in áiteanna éagsúla ar fud na hEorpa go bhfuil laghdú 80% ar líon na bhfeithidí a phléasctar orthu. 

Is dócha go bhfuil ‘miotas uirbeach’ eile ar eolas ag an bpobal — nach bhfuil fágtha ag an gcine daonna ach ceithre bliana má fhaigheann na beacha bás. Níl sé fíor ar ndóigh, ach bíonn cuid mhaith den bhia sna hollmhargaí ag brath ar phailneoirí, go háirithe an bia blasta tarraingteach cosúil le torthaí. Deirtear sa chlár go dtuilleann beacha €58 milliún gach bliain ar son mhuintir agus eacnamaíocht na hÉireann.

Buailimid le triúr le linn an chláir, an Dr Pól Mac Cana ó Bhéal Feirste, an Dr Úna Fitzpatrick ón Ionad Náisiúnta Bithéagsúlachta, agus An tOllamh Jane Stout ó Choláiste na Tríonóide. Thosaigh Fitzpatrick agus Stout ag smaoineamh ar an bhfadhb in 2009, agus chuir siad tús leis an bPlean i 2015. 

Is plean thar a bheith uaillmhianach é, “gur de mhian aige meath na bpailneoirí a thiontú trí theagmháil a dhéanamh le sochaí na hÉireann”. Ceann de na rudaí is suntasaí faoin bplean ná go bhfuil sé ag teacht ón mbun aníos, agus ag iarraidh pobal iomlán na hÉireann a ghríosú chun dul i ngleic leis an bhfadhb i ngach aon slí ar féidir leo — “arm saoránach de gharraíodóirí, fheirmeoirí, ghrúpaí pobail agus spóirt, chomhairlí agus úinéirí eile talaimh” mar a thugann siad air. 

Agus tá ag éirí leo: de réir cosúlachta, tá níos mó ná 5% den oileán níos oiriúnaí do phailneoirí anois ná mar a bhí, cuid mhaith den chéatadán sin de bharr an Phlean.

Buailimid le linn an chláir le daoine a chuir an plean i bhfeidhm ina cheantair dhúchais féin: comhairleoirí ó Chathair Doire, múinteoir agus daltaí ó Scoil Gonzaga in mBaile Átha Cliath, feirmeoirí orgánacha i gCill Ulta i gContae Dhún na nGall agus feirmeoir eile sa Mhuileann gCearr. 

Tá éagsúlachtaí móra le feiceáil idir na daoine seo, ach tá dhá rud faoi leith mar an gcéanna acu — cuireann siad go léir cuid den talamh atá acu ar leataobh do na pailneoirí, agus tá fealsúnacht le brath uathu nach é an t-airgead agus an táirgeadh an rud is tábhachtaí ar domhan. Is dóigh liom go bhfuil ceacht le foghlaim uathu go léir — tá ról againn go léir chun an timpeallacht a chosaint agus má ghlacaimid leis, déanfaidh sé maitheas dúinn féin chomh maith leis na feithidí. Mar a deir Fitzpatrick, “táimid ag iarraidh ar ‘gach aon duine’ a bheith páirteach, agus is cuma  faoi laghad an phíosa a dhéanfadh aon duine — le chéile, bheadh an fhadhb réitithe againn.”

Tá go leor, leor le moladh sa chlár. Tá an scéal roinnte go maith de réir na séasúr, agus cuirtear an Plean agus na feithidí i láthair go breá soiléir. An raibh a fhios agat go raibh 21 speiceas de bhumbóg in Éirinn? Nó 77 speiceas de bheach aonaracha? Agus go bhfuil féileacáin, leamhain agus fiú na foichí lácha ana-thábhachtach mar phailneoirí? Bhuel, tá anois. Tá an scannánaíocht thar a bheith cumasach — físeáin gharamhairc de na beacha agus na plandaí a thugann pearsantacht éigin don dúlra. Agus tá an teachtaireacht ann ó cheannairí an Phlean, agus ó na gnáthdhaoine atá gníomhach leis, ionraic, spreagúil agus misniúil.

Fadhbanna leis an gclár? Bhí siad ann gan dabht, agus toisc gur léirmheas é seo, caithfidh mé iad a lua. Mar a dúirt mé, tá an scannánú go hiontach, go háirithe an taifeadadh de na beacha ar bhláthanna, nó ag dul isteach sna neadacha, ach ceapaim go mbaintear an iomarca úsáid as an íomhá céanna sin. 

Ní hé nach bhfuil siad gleoite, ach cad faoi féachaint isteach sna coirceoga nó sna neadacha fiú? Bheadh sé ana-dheas agus úsáideach d’aineolaithe amaideacha cosúil liomsa na hainmneacha de na feithidí agus na plandaí a chur ar an scáileán. Ach nílim ach ag cnáimhseáil leis sin — chuir rud amháin eile isteach níos mó orm. Tuigim go bhfuil an clár dírithe ar an bPlean um Pailneoirí, ach níor tugadh an méid aird ar chúiseanna na faidhbe agus a bhí ag teastáil. 

Tá siad luaite ann gan dabht: monachultúr, easpa bia, an ‘bhearna ocrais’, easpa áiteanna maireachtála, truailliú, athrú aeráide, galair srl- ach tá baint acu siúd le hollfhadhb amháin eile — an fheirmeoireacht thionsclaíochta. Molaim go hard an obair atá déanta cheana féin leis an bPlean, ach ba cheart cúig nóiméad a chaitheamh ag labhairt faoin ábhar sin. An bhfuil sé ag dul in olcas chomh tapa sin go bhfuil stádas na bhfeithidí níos measa agus níos leochailí anois in ainneoin an Phlean? Chun an réiteach a thuiscint, caithfimid an fhadhb a thuiscint i gceart chomh maith.

Ach b’fhéidir gur ábhar eile é sin le haghaidh lá eile. Tá sárobair déanta agus á déanamh ag an mbuíon iontach a oibríonn leis an bPlean. Tá go leor le foghlaim sa chlár, pictiúir agus íomhánna galánta, crónán na mbeach agus tírdhreach aoibhinn na hÉireann. Gheobhaidh tú léargas ar fhealsúnacht atá ag teacht chun cinn anois agus atá ag teastáil go géar uainne agus ón domhan go hiomlán chun an timpeallacht a chosaint agus a chothú dúinn agus do na glúinte atá ag teacht. 

Thosaigh mé ag féachaint ar an gclár díreach tar éis tuairisc a léamh faoin gcornfhoiche Áiseach atá tagtha go hÉirinn:  baol eile do na pailneoirí bochta. Caithfimid troid ar a son — fiú mura mbíonn sa troid sin ach na caisearbháin a fhágáil sa ghort!

Craolfar Plean Bee anocht ar TG4 ag 21.30

Níos mó