Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-dialann-ghaeilge-o-aimsir-chogadh-na-saoirse-aimsithe-i-luimneach

Dialann Ghaeilge ó aimsir Chogadh na Saoirse aimsithe i Luimneach

| Tuairisc.ie | ,

Tá dialann Gaeilge aimsithe a bhaineann le ré Chogadh na Saoirse i Luimneach. An tAthair Tomás de Bhál a bhreac an dialann agus tá digitiú déanta uirthi ag Cartlann Chathair agus Chontae Luimnigh. Deartháir ab ea Tomás de Bhál le Seán Wall Cathaoirleach Chontae Luimnigh maraíodh céad bliain ó shin.

Bhí an tAthair Tomás de Bhál sáite i saol polaitíochta na linne agus i ngluaiseacht na teanga.  Tá ainm in airde ar an Athair Tomás de Bhál toisc go raibh sé ar dhuine den bheirt shagart – a chara An tAthair Ó hAodha an duine eile – ar dhein an tEaspag Ó Duibhir, Easpag Luimnigh, cosaint orthu  nuair a d’iarr an Ginearál Maxwell air iad beirt a cheansú tar éis Éirí Amach 1916.

Bhí an dialann i seilbh an Athar Gearóid Wall, mac Sheáin Wall, ar feadh i bhfad. Bhí an dialann agus mórán cáipéisí eile i seilbh mhuintir Marks in Áth Dara ina dhiaidh sin agus rinne siadsan teagmháil le Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál.

I ndiaidh don Dr Róisín Ní Ghairbhí agus an Dr Shane Grant ó Roinn na Gaeilge an dialann a scrúdú tugadh an dialann agus an mórbhailiúchán lena mbaineann sí ar lámh do Chartlann Chathair agus Chontae Luimnigh. Breacadh na cín lae ó Bhealtaine 1919 go deireadh Aibreáin 2020 agus maítear go bhfuil

Dúirt an Dr Róisín Ní Ghairbhí gur “leabhrán beag” a bhfuil “tábhacht  ar leith” ag baint leis atá sa dialann.

“Rud annamh cín lae as Gaeilge, agus is léir gur thuig an tAthair de Bhál gur chóir dó fianaise a bhreacadh ar na himeachtaí drámatúla a bhí ag titim amach timpeall air. Duine é a raibh aithne aige ar mhórphearsaí na polaitíochta agus an chultúir.

“Braithimid fuinneamh agus sceon na ré trína shúile: cuardach ag ‘pílir’, ráflaí, cruinnithe iomadúla de chuid Chonradh na Gaeilge, léirithe drámaíochta, cainteanna ar chúrsaí staire. In iontráil amháin tráchtann an sagart óg ar litir a fháil ar maidin ó Mhéara Chorcaí Tomás Mac Curtáin. ach faoi lár an lae tá scéala dhúnmharú an Mhéara tagtha chuige.”

Dúirt an Dr Ní Ghairbhí go gcuireann an cuntas “fuil agus feoil ar chnámha na staire”.

“Tuigimid a aduaine agus a bhí an saol, agus ansin arís, an tslí go ndeachaigh daoine i dtaithí ar imeachtaí na ré corraithe seo.”

Tá léargas ar an duine é féin le fáil sa dialann Ghaeilge chomh maith, arsa an Dr Shane Grant.

“Fear gnóthach é – is minic nach dtéann sé a chodladh go meán oíche nó ina dhiaidh sin. Bíonn sé ag obair ina ghairdín agus ag fiosrú eolais faoi lámhscríbhinní Gaeilge.

“Agus tá gluaisrothar aige, a chuireann ar a chumas taisteal mórthimpeall an chontae – idir é sin agus an córas traenach a bhí ann an uair úd.”

Dúirt Jacqui Hayes ó Chartlann Chathair agus Chontae Luimnigh go raibh “lúcháir” ar lucht na cartlainne go bhfuil an dialann agus an mórbhailiúchán lena mbaineann sé digitithe agus ar fáil do scoláirí agus don phobal.

Agus gan dabht, tá léargas cumhachtach iontu ar scéal dheartháir Tom, Seán Wall a bhí ina Chathaoirleach ar Chontae Luimnigh agus ar deineadh é a lámhach céad bliain ó shin.”  

Dúirt an Dr Róisín Ní Ghairbhí go gcuirfeadh na cáipéisí eile sa bhailiúchán go mór le tuiscint daoine ar an Athair de Bhál agus ar Athbheochan na Gaeilge i gContae Luimnigh.

I n Ard Mhic Eocháin in aice leis an mBrú i gContae Luimnigh a rugadh Tomás de Bhál  agus chaith sé tréimhse i Má Nuaid agus sa Róimh ag staidéar. Fuair sé bás i mBaile an Gharraí mar ar chaith sé an fiche bliain deiridh a shaoil. Bhí sé  ar an gcéad Uachtarán ar Chumann na Sagart, cumann Gaeilge na sagart Caitliceach

Beidh sraith imeachtaí ceiliúrtha ar siúl mar chomóradh ar bhás Sheán Wall agus athaimsiú na dialainne go luath.

Níos mó