Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
feisire-i-gcomhdhail-na-stat-aontaithe-ag-tacu-le-heileamh-ar-reachtaiocht-don-ghaeilge-gan-a-thuilleadh-moille

Feisire i gComhdháil na Stát Aontaithe ag tacú le héileamh ar reachtaíocht don Ghaeilge gan a thuilleadh moille

| Tuairisc.ie | , ,

Tá Feisire i dTeach na Comhdhála sna Stáit Aontaithe ag éileamh go dtabharfaí isteach gan a thuilleadh moille an reachtaíocht teanga atá geallta ó thuaidh.

Dúirt an Feisire Brendan Boyle, arbh as Gleann Cholm Cille i nGaeltacht Thír Chonaill dá athair, go raibh sé ag tacú “go hiomlán” leis an éileamh go gcuirfí an reachtaíocht teanga atá beartaithe ó thuaidh i bhfeidhm.

Bhí cruinniú ar líne ag Boyle, Feisire Daonlathach as Philadelphia, le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge an tseachtain seo chun cás na teanga i dTuaisceart Éireann agus na gealltanais a tugadh i leith na Gaeilge i gcomhaontuithe éagsúla a phlé.

“Tacaím go hiomlán leis an éileamh go gcuirfí i bhfeidhm gan a thuilleadh moille na coimitmintí ar fad don Ghaeilge mar atá sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006 agus i gComhaontú Aoine an Chéasta, coimitmintí atá mar bhunchloch de chuid na gcomhaontaithe sin,” arsa Boyle i ndiaidh an chruinnithe.

“Tá mé ag súil leis na ceisteanna seo a ardú sna seachtainí beaga atá amach romhainn.”

Tugadh gealltanas maidir le reachtaíocht agus straitéis Ghaeilge sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, a aontaíodh mí Eanáir 2020. Bhí an reachtaíocht le cur i bhfeidhm taobh istigh de 100 lá ach níl na gealltanais comhlíonta go fóill, breis is bliain i ndiaidh an chomhaontaithe.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta i measc na ngealltanas sa chomhaontú.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean, tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc stádas oifigiúil don teanga.

Chuirfeadh an pacáiste reachtaíochta atá geallta ar ceal chomh maith ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

I measc na mbeartas eile sa phlean tá dréachtú straitéisí don Ghaeilge agus don Ultais.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh thacaíocht an Fheisire Boyle agus deir siad go bhfuil sé i gceist acu an scéal a phlé tuilleadh le polaiteoirí sna Stáit Aontaithe.

“Tá sé fíorthábhachtach do Chonradh na Gaeilge a bheith ag plé cheist na teanga anseo go leanúnach le polaiteoirí Gael-Mheiriceánacha, a d’imir ról lárnach i ndearadh agus i gcur chun cinn ár gcuid comhaontuithe polaitiúla anseo in Éirinn le blianta fada anuas,” a dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Bhí an-áthas orainn gur thacaigh [an Feisire Boyle] go mór linn agus muid ag éileamh go gcuirfí i bhfeidhm gan aon mhoill bhreise an reachtaíocht teanga a gealladh mar chuid den chomhaontú anuraidh agus na gealltanais a rinneadh ag Cill Rìmhinn in 2006. Beidh an Conradh anois ag lorg tuilleadh cruinnithe le hionadaithe polaitiúla agus le grúpaí sna Stáit Aontaithe chun ceist an Achta agus cearta teanga a bhrú chun cinn.”

Tuairiscíodh an tseachtain seo go raibh gealltanas tugtha ag ceannaire nuathofa an DUP, Ewdwin Poots, go bhfuil rún aige an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, gur gheall Edwin Poots di go dtabharfaí isteach na gnéithe sin den chonradh ba bhun le hathbhunú roinnt na cumhachta anuraidh.

Dúirt Poots nach raibh aon “chuimhneamh faoin spéir” aige Stormont a chur i mbaol agus go raibh sé ag iarraidh go gcomhlíonfaí gealltanais amhail an reachtaíocht Ghaeilge.

Níos mó