Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘reabhloid-thionsclaioch-nua’-sa-ghaeltacht-de-bharr-na-paindeime-–-o-heanaigh

‘Réabhlóid thionsclaíoch nua’ sa Ghaeltacht de bharr na paindéime – Ó hÉanaigh

Deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go bhfuil “réabhlóid thionsclaíoch nua” ann de bharr na paindéime agus gur chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge a bhí an ‘réabhlóid sin’.

“Sílim go raibh deis ag chuile dhuine sos a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar an mbealach a mbíonn siad ag obair agus an áit a raibh siad ag obair as le bliain anuas.

“Ceapaim gur thuig daoine a thug cuairt ar an iarthar anuraidh an sórt saoil a d’fhéadfadh a bheith acu, agus tá an réimse tacaíochtaí a chuireann muid ar fáil tarraingteach do ghnóthaí agus do chomhlachtaí atá ag iarraidh áit a bhunú i gceantar Gaeltachta.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach gur tháinig méadú mór le linn na paindéime ar líon na ndaoine a rinne teagmháil leis an Údarás le fiosrú faoi ghnó a lonnú sa Ghaeltacht.

Daoine ó Bhaile Átha Cliath a bhí i gceist cuid mhór ach tá suim níos mó i lonnú sa Ghaeltacht á leiriú chomh maith ag Éireannaigh atá ag cur fúthu thar lear, a dúirt Micheál Ó hÉanaigh agus athbhreithniú ar Straitéis 2018-2020 á fhógairt aige.

“Níos tábhachtaí fós tá sé ag coinneáil fiontraithe cumasacha sa mbaile i gCiarraí, Dún na nGall, Maigh Eo agus Gaillimh a mbeadh orthu imeacht murach sin…

“Ní chaithfidh daoine bogadh anseo láithreach, is féidir leo é a thriail amach agus cabhróidh muide leis an bpróiseas sin.”

Deir Údarás na Gaeltachta gur cruthaíodh 1,609 post nua idir 2018-2020 i gcomhlachtaí a mbíonn siad ag tacú leo.

Ag tagairt don méid a baineadh amach le linn shaolré na straitéise trí bliana is déanaí ag an Údarás, dúirt Micheál Ó hÉanaigh gur dhíol cliantchomhlachtaí an Údaráis luach €2.5 billiún d’earraí le linn na tréimhse céanna.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach go bhfuil infheistíocht agus fiontraithe á mealladh go dtí ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Dúirt sé go mbeadh go leor de lucht gnó na Gaeltachta ag filleadh ar ionaid oibre de réir a chéile, ach gur léirigh an phaindéim an buntáiste a bhaineann leis an gcianobair.

“Níl aon dabht ach gur léirigh an phaindéim na buntáistí a bhaineann le cianoibriú, ach léirigh sé chomh maith an tsuim atá san áit a mbíonn an obair sin ar siúl chomh maith. Dhúbail na fiosruithe a fuair   ár gcuid oifigí,” a dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Mícheál Ó hÉanaigh.

Dúirt sé go raibh an gréasán de mhoil dhigiteacha is mó in Éirinn sna ceantair Ghaeltachta.

“Is ceantair fíorspeisialta iad na ceantair Ghaeltachta chun dul i mbun cónaithe agus oibre iontu.  Is féidir leat nascadh leis an domhan anseo 24/7 más mian leat agus is áit aoibhinn é le bheith i do chónaí.

“Tá tránna gleoite gar do gach duine.  Tá sé soiléir gur bealach oibre agus saoil é seo atá ag teastáil uaidh dhaoine anois agus más é sin atá uait, ní féidir an t-iarthar a bhualadh.”

Níos mó